Ár measúnú ar an straitéis beartais airgeadaíochta, 2025
Ba é aidhm mheasúnú straitéise an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2025 deimhin a dhéanamh de go bhfuil agus go mbeidh ár straitéis beartais airgeadaíochta oiriúnach don fheidhm atá aici, anois agus amach anseo.
De bharr thorthaí an mheasúnaithe straitéise tá bunús láidir ar fáil dár mbeartas airgeadaíochta i dtimpeallacht atá ag athrú.
Ábhar cúlra
D’fhoilsíomar dhá pháipéar ócáideacha a raibh ionchur iontu don mheasúnú straitéise. Cuimsítear inár bpáipéir ócáideacha obair ar ábhair a bhaineann lenár bpríomhchúraimí agus lenár bpríomhfheidhmeanna agus bíonn siad dírithe ar lucht léitheoireachta leathan.
Léigh na páipéir ócáideachaCad iad na gnéithe a scrúdaíomar le linn an mheasúnaithe straitéise?
Tá an domhan timpeall orainn ag athrú ar go leor bealaí. Bíonn tionchar aige sin ar an gcaoi a n-oibríonn ár ngeilleagar agus ní mór dúinn an bealach romhainn a leagan amach i dtimpeallacht atá níos éiginnte, agus sinn ag obair chun praghsanna a choinneáil cobhsaí. Féach ár gcartúin ina léirítear na téamaí éagsúla agus léigh tuilleadh faoin gcúis a bhfuil na gnéithe sin tábhachtach don bheartas airgeadaíochta.
Téamaí an mheasúnaithe straitéisePreasócáid ar thoradh an athbhreithnithe straitéise
Chuir an tUachtarán Christine Lagarde agus an Leas-Uachtarán Philip R. Lane toradh an athbhreithnithe straitéise i láthair agus d’fhreagair ceisteanna ó iriseoirí.
Féach ar an bpreasagallamh agus léigh tuilleadhAN bhFUIL AN SCÉAL IS DÉANAÍ MAIDIR LEIS AN ATHBHREITHNIÚ STRAITÉISE UAIT?
GHEOBHAIDH TÚ THÍOS É