Ráiteas príobháideachais maidir le misin iniúchóireachta
Cad é ár gcreat dlíthiúil?
Déantar na sonraí pearsanta uile a phróiseáil i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí, is é sin le rá i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (‘EUDPR’).
Cén fáth a bpróiseálaimid sonraí pearsanta?
Déantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na seirbhísí iniúchóireachta inmheánaí arna soláthar ag an Stiúrthóireacht um Iniúchóireacht Inmheánach (D/IA), mar atá sainithe ag an mBord Feidhmiúcháin i gCairt Iniúchóireachta BCE. Is é is aidhm don phróiseáil sin aon fhaisnéis ábhartha le haghaidh gealltanais dearbhaithe agus chomhairleacha a shainaithint, a mheasúnú, a mheas agus a thaifeadadh. Bailítear aon sonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme na ngníomhaíochtaí sin ó réimsí gnó BCE. Go ginearálta, próiseálann D/IA sonraí pearsanta atá ábhartha do chúram sonrach.[1]
Féadfaidh D/IA sonraí pearsanta a phróiseáil chun na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh go háirithe:
• plean iniúchóireachta BCE agus clár oibre Choiste na nIniúchóirí Inmheánacha a chur chun feidhme
trí dhearbhú agus gealltanais chomhairleacha a dhéanamh agus a thuairisciú;
• measúnú a dhéanamh ar stádas cur chun feidhme na moltaí iniúchóireachta;
• tuairiscí teagmhais ó réimsí gnó BCE a phróiseáil (gan tuairiscí teagmhais a bhaineann le sáruithe ar dhualgais ghairmiúla a chur san áireamh).
Thairis sin, próiseálann D/IA sonraí chun tacaíocht iniúchóireachta a sholáthar (e.g. mar Rúnaíocht do Choiste na nIniúchóirí Inmheánacha) agus chun seirbhísí iniúchóireachta seachtracha a chomhordú (e.g. iniúchóirí seachtracha nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa).
Cad é an bunús dlí atá le do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Déanann BCE do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhlíonadh cúraim a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail, bunaithe ar Airteagal 5(1)(a) EUDPR, i gcomhar le Prótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 230) agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63), mar a shonraítear a thuilleadh i gCairt Iniúchóireachta BCE.
Cé atá freagrach as do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Is é an Banc Ceannais Eorpach an rialaitheoir maidir le próiseáil do shonraí pearsanta. Tá D/IA freagrach as an bpróiseáil seo.
Cé hiad faighteoirí do shonraí pearsanta?
Is iad seo a leanas faighteoirí do shonraí pearsanta (lena n-áirítear eintitis a bhfuil rochtain acu ar na sonraí pearsanta sin):
• na hábhair sonraí;
• comhaltaí foirne ainmnithe BCE;
• baill foirne ainmnithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta laistigh de CEBC agus de chuid na n-údarás inniúil náisiúnta laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair (lena n-áirítear saineolaithe ar iasacht), i gcás inarb ábhartha i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí Choiste na nIniúchóirí Inmheánacha;
• oibrithe seachtracha (comhairleoirí, iniúchóirí seachtracha agus oiliúnaithe) a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí iniúchóireachta inmheánaí.
Arna iarraidh sin, féadfaidh comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin, Chomhairle Rialaithe agus Bhord Maoirseachta BCE agus Príomhoifigeach Seirbhísí BCE sonraí pearsanta a fháil.
I gcás inarb infheidhme, ar bhonn riachtanais eolais agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil ábhartha, féadfaidh go bhfaighidh comhlachtaí a bhfuil cúraimí faireacháin nó cigireachta orthu i gcomhréir le dlí an Aontais sonraí pearsanta freisin, e.g. Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, údaráis inniúla náisiúnta, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, an Coiste Eitice agus an Coiste Iniúchóireachta.
Cad iad na catagóirí sonraí pearsanta a bhailítear?
Tá rochtain ag D/IA ar an bpearsanra, ar na taifid, ar an bhfaisnéis, ar na córais agus ar an maoin uile a mheastar a bheith riachtanach chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh i gcomhthéacs misean iniúchóireachta agus féadfaidh siad aon sonraí pearsanta gaolmhara a phróiseáil.
Féadfaidh BCE na sonraí pearsanta seo a leanas a phróiseáil i ndáil le misin iniúchóireachta:
- sonraí aitheantais agus sonraí teagmhála (e.g. ainm, seoladh poist, etc.);
- sonraí oideachais agus oiliúna gairmiúla;
- sonraí fostaíochta;
- sonraí airgeadais;
- faisnéis maidir le teaghlach, stíl mhaireachtála agus cúinsí sóisialta;
- faisnéis maidir le hearraí nó seirbhísí arna soláthar;
- faisnéis a bhaineann le himeachtaí sibhialta nó riaracháin nó le himscrúduithe rialála eile;
- faisnéis a bhaineann le himeachtaí coiriúla;
- faisnéis a bhaineann le smachtbhannaí nó pionóis riaracháin eile;
- aon sonraí pearsanta eile atá ábhartha do mhisean iniúchóireachta ar leith;
- catagóirí speisialta sonraí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 10 EUDPR, i gcás ina bhfuil údar cuí leis.
An bpróiseálfar do shonraí pearsanta (i bhfoirm shoiléir nó chriptithe) i dtríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta (e.g. an ndéanfar iad a aistriú, a rochtain nó a stóráil)?
Ní fheictear don Bhanc Ceannais Eorpach go mbeidh aon aistriú á dhéanamh ar do shonraí pearsanta chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. D’fhéadfaí áfach, ar bhonn eisceachtúil, do shonraí pearsanta a phróiseáil i dtríú tíortha/ in eagraíochtaí idirnáisiúnta iad a phróiseáil ar bhonn na maoluithe i gcásanna sonracha a leagtar amach in Airteagal 50(1) EUDPR.
Cá fhad a choinneoidh an Banc Ceannais Eorpach sonraí pearsanta?
Tá an tréimhse choinneála le haghaidh chomhaid iniúchóireachta D/IA i gcomhréir le Plean Comhdaithe agus Coinneála BCE.
Déanfar aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear le linn misean iniúchóireachta a scriosadh nó a anaithnidiú a luaithe a bheidh breithniú déanta ag comhlachtaí cinnteoireachta BCE ar an tuarascál iniúchóireachta.
Féadfar aon sonraí is gá le haghaidh obair leantach agus/nó fianaise a choinneáil ar feadh suas le dhá bhliain, nó níos faide más gá, i gcomhréir le Plean Comhdaithe agus Coinneála BCE. Déantar faisnéis na tuarascála iniúchóireachta a anaithnidiú i gcónaí.
Tabhair do d’aire go bhféadfar sonraí pearsanta a choinneáil i gcartlanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/1610 ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Iúil 2023 lena mbunaítear cartlanna stairiúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Cad iad na cearta atá agat?
Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta agus aon sonraí atá míchruinn nó neamhiomlán a cheartú. Tá sé de cheart agat freisin (le roinnt teorainneacha) do shonraí pearsanta a scriosadh agus agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta nó srian a chur lena bpróiseáil i gcomhréir le EUDPR. Féadfaidh BCE srian a chur le do chearta chun na leasanna agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 25(1) EUDPR a chosaint.
Cé leis ar féidir leat teagmháil a dhéanamh maidir le ceisteanna nó iarrataí?
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh le D/IA ag DL-DIA-DIA_MANAGEMENT@ecb.europa.eu. Is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh freisin le hOifigeach Cosanta Sonraí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag dpo@ecb.europa.eu maidir le gach ceist a bhaineann le do shonraí pearsanta.
Teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi EUDPR mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí tráth ar bith.
Le haghaidh imscrúduithe riaracháin, féach suíomh gréasáin BCE le haghaidh an Taifead ábhartha ar Ghníomhaíochtaí Próiseála.