- RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
PREASÓCÁID
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Boris Vujčić, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Beirlín, 10 Meán Fómhair 2026
Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Uachtarán Nagel as an bhfáilte fhial agus mo bhuíochas a chur in iúl dá fhoireann a bhfuil scoth na hoibre déanta acu chun cruinniú na Comhairle Rialaithe inniu a eagrú.
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tá brúnna boilscithe ann fós mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear agus meastar go bhfanfaidh an boilsciú go mór os cionn na sprice ar feadh tréimhse fhada. Léirítear leis an gcinneadh seo inniu go bhfuilimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá againn don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad.
De réir na bonnlíne i réamh-mheastacháin foirne nua BCE, beidh an meánbhoilsciú foriomlán comhionann le 3.0 faoin gcéad in 2026, 2.5 faoin gcéad in 2027 agus 2.1 faoin gcéad in 2028. Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh, meastar leis an mbonnlíne gur 2.5 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2026, 2.6 faoin gcéad in 2027 agus 2.3 faoin gcéad in 2028. I gcomparáid le mí an Mheithimh, tá an réamh-mheastachán bonnlíne in 2026 gan athrú, agus tá ardú tagtha air le haghaidh 2027 agus 2028. Seasann an réamh-mheastachán bonnlíne don fhás eacnamaíoch ag 0.9 faoin gcéad do 2026, 1.4 faoin gcéad do 2027 agus 1.5 faoin gcéad do 2028. Is athbhreithniú aníos é seo do 2026 agus 2027 araon, rud a léiríonn go príomha athléimneacht níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis i ngeilleagar an limistéir euro.
Tá an t-ionchas an-éiginnte fós, agus is ar an taobh thuas atá na rioscaí don bhoilsciú agus ar an taobh thíos atá na rioscaí don fhás eacnamaíoch. I ndáil leis an suaitheadh fuinnimh, léirítear sna cásanna nuashonraithe atá curtha le chéile ag an bhfoireann an raon leathan torthaí a bheadh ann don fhás agus don bhoilsciú ag brath ar conas a d’fhorbródh siad faoi toimhdí éagsúla maidir le déine agus fad an tsuaite, mar aon le méid na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta a bhaineann leis.
Leis an gcinneadh seo inniu, táimid in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann mar gheall ar an gcoinbhleacht. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.
Gníomhaíocht eacnamaíoch
Bhí an geilleagar athléimneach sa dara ráithe, d’ainneoin dúshláin a eascraíonn as an suaitheadh fuinnimh. Bhí bonn leathan faoin bhfás thar thíortha agus earnálacha. Is dócha gur lean an patrún sin ar aghaidh sa tríú ráithe. Tá earnáil na déantúsaíochta láidir fós agus rialtais ag caitheamh níos mó airgid ar chosaint agus ar bhonneagar. Tháinig muinín na dtomhaltóirí ar ais ó leibhéil ísle, rud a chabhraíonn le téarnamh na seirbhísí ón suaitheadh tosaigh fuinnimh. Tá gníomhaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga le feiceáil i seirbhísí digiteacha, infheistíocht ghnó agus onnmhairí.
Tá an margadh saothair athléimneach fós, agus bhí an ráta dífhostaíochta gan athrú i mí Iúil ag 6.4 faoin gcéad. Leanann fás san fhostaíocht agus sa lucht saothair de bheith ag moilliú, agus tá méadú de réir a chéile tagtha ar an táirgiúlacht.
Ag féachaint chun cinn, tháinig feabhas ar an bhfás sa ghearrthéarma i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin foirne roimhe seo, rud a léiríonn athléimneacht an tomhaltais phríobháidigh agus an chaiteachais phoiblí ach go háirithe. Sa mheántéarma, ba cheart go mbeadh praghsanna fuinnimh ag titim de réir a chéile agus margadh saothair láidir ina gcrann taca ag an tomhaltas. Cuirfear borradh níos mó faoin bhfás le hinfheistíocht ghnó agus tithíochta. Ba cheart go mbainfeadh an fás onnmhairí tairbhe as éileamh eachtrach atá ag dul i méid ach tá sé fós srianta mar gheall ar dhúshláin leanúnacha iomaíochais agus an éiginnteacht atá ann maidir le beartais trádála dhomhanda.
Chun fás féideartha níos airde a bhaint amach, tá gá le hathchóiriú struchtúrach agus ní mór airgeadas poiblí fónta a bheith mar bhonn taca leis chomh maith. Is príomhbhloic thógála iad na rialacha ar fud Mhargadh Aonair an Aontais a shimpliú agus a chomhchuibhiú, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a thabhairt chun críche. Agus an próiseas le haghaidh comhaontú a dhéanamh do chreat dlíthiúil an euro dhigitigh ag an gcéim dheiridh, leagaimid béim an athuair ar a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú maidir leis an bPacáiste Airgeadra Aonair chomh tapa agus is féidir. Ba cheart go mbeadh freagairtí fioscacha ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh sealadach, spriocdhírithe agus in oiriúint.
Boilsciú
Tháinig ardú ar an mboilsciú go 3.3 faoin gcéad i mí Lúnasa, ó 2.9 faoin gcéad i mí Iúil. Tháinig ardú ar an mboilsciú praghsanna fuinnimh go 14.3 faoin gcéad, tar éis 10.3 faoin gcéad i mí Iúil. Is dócha go léiríodh leis an méadú sin go raibh tionchar mór ag corrlaigh scagtha ar bhreoslaí leachtacha, mar aon le praghsanna tráchtearraí fuinnimh níos airde. D’fhan an boilsciú praghsanna bia ag 1.2 faoin gcéad. Tháinig laghdú beag ar an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh go dtí 2.4 faoin gcéad, ó 2.5 i mí Iúil. Tháinig ardú ar an mboilsciú earraí ó 0.9 faoin gcéad go dtí 1.2 faoin gcéad, agus tháinig laghdú ar an mboilsciú seirbhísí ó 3.3 faoin gcéad go 3.0 faoin gcéad.
Bhí an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh cobhsaí den chuid is mó i mí Iúil. Níl freagairt ábhartha le feiceáil i bpá don suaitheadh fuinnimh ag an gcéim seo. Tháinig ardú ar an gcúiteamh in aghaidh an fhostaí de réir ráta bliantúil 3.3 faoin gcéad sa dara ráithe, laghdú ó 3.5 faoin gcéad sa chéad ráithe. Chuidigh táirgiúlacht oibre atá ag dul i méid le srian a choinneáil ar an bhfás i gcostais aonad saothair. Tháinig moill ar an bhfás go 2.6 faoin gcéad, ó 3.5 faoin gcéad sa chéad ráithe. Ag an am céanna, tháinig ardú 0.3 faoin gcéad ar an bhfás ar bhrabúis go 2.2 faoin gcéad. Ag féachaint chun cinn, tugann rianaire pá BCE le tuiscint go mbeidh méadú beag, go 2.7 faoin gcéad, ag an bhfás pá idirbheartaithe sa chéad leath de 2027. Tá ionchais maidir leis an mboilsciú sa ghearrthéarma fós ag leibhéil ardaithe, ach de réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc sa mheántéarma.
Tá ardú tagtha ar chonair na bpraghsanna fuinnimh mar gheall ar an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear agus na forbairtí is déanaí i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is dócha go mbeidh an boilsciú foriomlán i bhfad os cionn na sprice sa chéad leath de 2027 dá bharr sin. Ina dhiaidh sin, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an mboilsciú fuinnimh agus go mbeadh sé diúltach go dtí lár 2028, rud a laghdódh an boilsciú foriomlán. Meastar go mbeidh tionchar de réir a chéile ag praghsanna fuinnimh níos airde ar an mboilsciú praghsanna bia agus ar an gcroí-bhoilsciú. Ba cheart go gcuirfeadh an t-ionchas feabhsaithe eacnamaíoch leis an gcroí-bhoilsciú beagán níos airde, agus meastar go leanfaidh sé de bheith ag ardú go dtí go luath in 2027 agus go bhfanfaidh sé ard don chuid eile den bhliain sula maolóidh sé in 2028. San iomlán, meastar go dtiocfaidh an boilsciú foriomlán ar ais thart ar an sprioc i dtreo dheireadh 2027, agus tacóidh éifeachtaí na rátaí úis níos airde le sin. Déanfaimid dlúthfhaireachán mar sin ar mhéid agus ar sheasmhacht an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, agus an tionchar a bheidh aige ar shocrú praghsanna agus pá, ionchais bhoilscithe, agus dinimic fhoriomlán eacnamaíoch.
Measúnú riosca
Tá na rioscaí a bhaineann leis an ionchas fáis ar an taobh thíos. Is iad an choinbhleacht sa Mheánoirthear agus forbairtí i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis sin go háirithe. D’fhéadfadh suaitheadh athnuaite ar sholáthairtí fuinnimh na praghsanna fuinnimh a ardú tuilleadh agus ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis. Chuirfeadh sin isteach ar fhíorioncaim, caiteachas agus infheistíocht. D’fhéadfadh meathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais dhomhanda nó iarmhairtí i margaí bannaí domhanda dálaí creidmheasa a dhéanamh níos láidre, rud a mhaolódh éileamh. D’fhéadfadh borradh faoin teannas trádála idir mórgheilleagair cur isteach a thuilleadh ar shlabhraí soláthair, onnmhairí a laghdú agus tomhaltas agus infheistíocht a lagú. Os a choinne sin, d’fhéadfadh go mbeadh fás níos airde i gceist sa chás ina gcuirfeadh an geilleagar agus na margaí fuinnimh iad féin in oiriúint níos tapúla ná mar a bhíothas ag dréim leis don chur isteach mar gheall ar na coinbhleachtaí leanúnacha nó dá réiteofaí iad go hinbhuanaithe. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí fás a ardú níos mó ná mar atá coinne leis mar gheall ar ghnólachtaí sa limistéar euro a bheith ag glacadh le teicneolaíochtaí nua agus caiteachas ar chosaint agus ar bhonneagar, mar aon le hathchóirithe chun táirgiúlacht a fheabhsú agus Margadh Aonair an Aontais a thabhairt chun críche.
Is ar an taobh thuas atá na rioscaí a bhaineann leis an ionchas boilscithe. Is iad an choinbhleacht sa Mheánoirthear agus forbairtí i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis sin go háirithe. D’fhéadfadh an suaitheadh fuinnimh a bheith níos géire agus a héifeachtaí ar phraghsanna eile agus ar phá níos láidre ná mar a bhíothas ag dréim leis. D’fhéadfadh méadú teacht ar phraghsanna gáis i gcás ina mbeadh suaitheadh breise soláthair ann nó geimhreadh fuar neamhghnách i gcomhthráth le leibhéil ísle stórála. Dá fhaide a leanann na praghsanna fuinnimh de bheith ard, is ea is dóchúla go gcuirfeadh siad leis an mboilsciú ina iomláine trí éifeachtaí indíreacha agus dara babhta. D’fhéadfadh teannas trádála athnuaite a bheith ina chúis le slabhraí soláthair domhanda níos ilroinnte, soláthar amhábhar criticiúil a chiorrú agus srianta acmhainneachta i ngeilleagar an limistéir euro a lagú. D’fhéadfadh eachtraí adhaimsire, dálaí “El Niño” atá ag éirí níos déine a d’fhéadfadh a bheith mar chuid leo, agus ar bhonn leithne na géarchéimeanna aeráide agus dúlra atá ag teacht chun cinn, praghsanna bia a ardú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle dá réiteofaí coinbhleachtaí leanúnacha go hinbhuanaithe nó sa chás nach mbeadh na héifeachtaí indíreacha agus dara babhta chomh suntasach céanna ná mar atáthar ag dréim leis faoi láthair. D’fhéadfadh margaí airgeadais níos luainí a bhfuil col riosca níos mó acu cur isteach ar an éileamh agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin.
Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta
Tháinig méadú ar rátaí úis an mhargaidh ó bhí an cruinniú deireanach againn, rud atá ina léiriú ar ghluaiseachtaí comhchosúla sna margaí domhanda. I ndiaidh an ardaithe a chuireamar ar rátaí úis i mí an Mheithimh, tháinig ardú ar rátaí iasachtaithe na mbanc do ghnólachtaí go 3.8 faoin gcéad i mí an Mheithimh agus mí Iúil, ó 3.6 faoin gcéad i mí Bealtaine. B’ionann an costas a bhaineann le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint agus 4.0 faoin gcéad i mí Iúil, ráta atá cosúil le míonna roimhe sin agus i bhfad os cionn an leibhéil a bhí ann roimh an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear. Tháinig ardú breise ar ráta fáis bliantúil iasachtú na mbanc do ghnólachtaí, ráta a fhreagraíonn d’athruithe sa beartas airgeadaíochta le moill níos faide de ghnáth, go 4.4 faoin gcéad i mí Iúil, ó 4.0 faoin gcéad i mí Bealtaine agus mí an Mheithimh. Bhí ráta fáis na heisiúna bannaí corparáideacha ag 3.4 faoin gcéad, tar éis ráta 3.6 faoin gcéad i mí an Mheithimh agus 3.3 faoin gcéad i mí Bealtaine. Níor athraíodh rátaí morgáiste i mí an Mheithimh agus mí Iúil, ag 3.5 faoin gcéad, ag an am céanna tháinig laghdú beag ar fhás an iasachtaithe morgáiste go 3.0 faoin gcéad i mí Iúil ó 3.1 faoin gcéad i mí Bealtaine agus mí an Mheithimh.
Focal scoir
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Táimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá aici don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.
Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa
