Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Eolas praiticiúil

Nóta do chuairteoirí ar an láthair

  • Léigh ár rialacha tí EN, DE sula dtagann tú ar cuairt orainn. Oscail an ghrafaic seo chun na rialacha is tábhachtaí a fheiceáil.
  • Tabhair cruthúnas céannachta bailí leat agus bíodh sé réidh agat agus tú ag dul isteach ar an láthair. Tabhair do d’aire nach nglactar ach le cártaí aitheantais náisiúnta nó le pasanna náisiúnta amháin; ní leor ceadúnais tiomána, cártaí aitheantais mic léinn ná corparáide ná ceadanna cónaithe chun rochtain a fháil ar áitreabh an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
  • Cuir neart ama ar leataobh le haghaidh na seiceála slándála atá le déanamh ar gach cuairteoir. B’fhéidir go mbeadh ort fanacht níos faide ag amanna móréilimh, mar shampla an mhaidin, nuair a bhíonn líon ard cuairteoirí ann.
  • Tabhair faoi deara nach gceadaítear airm, nithe contúirteacha eile agus substaintí díobhálacha in áitreabh an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
  • Ná tabhair an iomarca bagáiste leat, más féidir. D’fhéadfadh sé sin moill a chur ort agus tú ag dul tríd an bpróiseas slándála.
  • Tabhair do d’aire nach féidir le baill foirne de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh glacadh le bronntanais ar bith de réir ár gCreata Eitice. Dá bhrí sin, ná tabhair aon bhronntanas isteach agus tú ar cuairt, le do thoil.
  • Bí cinnte gan giuirléidí ná bagáiste pearsanta ar bith a fhágáil gan duine ina mbun. Tá taisceadáin ar fáil chun do bhagáiste a stóráil le linn do chuairte.
  • Lean na treoracha uile ón bhfoireann slándála.

Nóta do chuairteoirí fíorúla

Má ghlacann tú páirt i ngníomhaíocht fhíorúil de chuid Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, aontaíonn tú cloí leis na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas:

  • Tabhair faoi d’aire nach bhfuil na tuairimí a nochtar le linn na gníomhaíochta fíorúla seo ar an taifead.
  • Ní cheadaítear taifead físe ná fuaime ná trascríobh fuaime a dhéanamh. Tabhair meas ar na daoine eile atá ag freastal ar an gcuairt.
  • Cloígh leis an ábhar atá á phlé agus mínigh do thuairimí.
  • Bí in am agus fan ar líne ar feadh thréimhse na gníomhaíochta.
  • Má chinneann ionadaithe ón mBanc Ceannais Eorpach tráth ar bith go bhfuil aon cheann de na rialacha sáraithe ag an bhfreastalaí, forchoimeádann an t‑ionadaí an ceart an freastalaí sin a eisiamh ón ngníomhaíocht fhíorúil.

Cad is gá duit a dhéanamh agus tú ag dul trí shlándáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh?

Páirceáil

Molaimid go láidir do chuairteoirí úsáid a bhaint as iompar poiblí nuair is féidir, toisc gur beag páirceáil atá ar fáil sa cheantar máguaird. I gcás grúpaí móra, tá roinnt spásanna páirceála do bhusanna agus do chóistí ar fáil in aice leis an bpríomhbhealach isteach. Más mian leat ceann de na spásanna páirceála sin a chur in áirithe, cuir é sin in iúl agus do chuairt á cur in áirithe agat. Tabhair faoi deara, áfach, nach féidir linn a ráthú go mbeimid in ann d’iarratas a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, tabhair faoi d'aire nach féidir do charr a pháirceáil i gcarrchlós an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Éigeandálaí agus aslonnú

  • I gcás éigeandála, glaoigh ar 111 ó aon ghuthán sa Bhanc Ceannais Eorpach nó téigh i dteagmháil le haon bhall slándála dár gcuid.
  • Má chloiseann tú fógra poiblí, éist go cúramach leis agus lean treoracha na foirne slándála.
  • Má deirtear leat an foirgneamh a fhágáil, déan amhlaidh. Fan socair, ná rith agus ná téigh ar ais.
  • Lean na comharthaí ar na bealaí éalaithe (léaráidí glasa soilsithe) atá le feiceáil ag leibhéal na síleála i ngach pasáiste.
  • Ná húsáid na hardaitheoirí.
  • Lean ar aghaidh go dtí an pointe tionóla ainmnithe. Ná téigh isteach san fhoirgneamh arís mura n-iarrfar ort déanamh amhlaidh.

Beartas faireachais

Chun sonraí a fháil maidir le húsáid TCI in áitreabh an Bhainc Ceannais Eorpaigh, féach ar ár mbeartas físfhaireachais.

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Eolas do chuairteoirí

Féach ar ár n-áitreabh

Treoracha

Ár seoladh

Gach leathanach sa rannóg seo