Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Dlús á chur ag an mBanc Ceannais Eorpach lena chuid oibre ar son na haeráide agus béim á leagan ar an aistriú glas, ar an aeráid agus ar rioscaí a bhaineann leis an dúlra

30 Eanáir 2024

  • Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta mar gheall ar thionchar méadaitheach na géarchéime aeráide ar an ngeilleagar agus ar an gcóras airgeadais
  • Athdhearbhaíonn an Banc Ceannais Eorpach a thiomanta atá sé do ghníomhaíochtaí leanúnacha ar son na haeráide agus déanfaidh sé athbhreithniú orthu go rialta
  • Trí réimse fócais chun obair a threorú le haghaidh 2024 agus 2025: impleachtaí an aistrithe ghlais, tionchar fisiciúil an athraithe aeráide, agus rioscaí a bhaineann leis an dúlra don gheilleagar agus don chóras airgeadais

Chinn an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a chuid oibre maidir leis an athrú aeráide a leathnú , agus trí réimse fócais a shainaithint a bheidh mar threoir dá ghníomhaíochtaí in 2024 agus 2025:

  1. tionchar agus rioscaí an aistrithe chuig geilleagar glas, go háirithe na costais aistrithe agus na riachtanais infheistíochta ghaolmhara;
  2. tionchar fisiciúil méadaitheach an athraithe aeráide, agus an chaoi a dtéann bearta chun oiriúnú do dhomhan níos teo i bhfeidhm ar an ngeilleagar;
  3. na rioscaí a eascraíonn as caillteanas agus díghrádú dúlra, an chaoi a n-idirghníomhaíonn siad le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus an chaoi a bhféadfaidís difear a dhéanamh d’obair an Bhainc Ceannais Eorpaigh trína dtionchar ar an ngeilleagar agus ar an gcóras airgeadais.

“Tá athrú ag teacht ar ár ngeilleagar agus ar ár gcóras airgeadais mar gheall ar aeráid níos teo agus díghrádú an chaipitil nádúrtha. Ní mór dúinn an t-athrú sin a thuiscint agus coinneáil suas leis chun leanúint dár sainordú a chomhlíonadh”, a dúirt Uachtarán BCE Christine Lagarde. “Trínár n-iarrachtaí a leathnú agus a threisiú is féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar impleachtaí na n-athruithe sin agus, tríd an méid sin a dhéanamh, cuidiú le taca a chur faoin gcobhsaíocht agus tacú le haistriú glas an gheilleagair agus an chórais airgeadais.”

Chuige sin, comhaontaíodh na bearta nithiúla seo a leanas.

  • Maidir leis an aistriú chuig geilleagar glas, cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach dlús lena chuid oibre maidir le héifeachtaí an chistithe aistrithe, riachtanais na hinfheistíochta glaise, pleananna aistrithe agus na bealaí a ndéanann an t-aistriú glas difear do ghnéithe dár ngeilleagar amhail saothar, táirgiúlacht agus fás. Cabhróidh na torthaí le creat macra-shamhaltaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh freisin. Thairis sin, fiosróidh an Banc Ceannais Eorpach, laistigh dá shainordú, an cás le haghaidh tuilleadh athruithe ar a ionstraimí agus ar a phunanna beartais airgeadaíochta i bhfianaise an aistrithe sin.
  • Maidir le tionchar méadaitheach fisiciúil an athraithe aeráide, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach a anailís ar thionchar na dteagmhas adhaimsire ar bhoilsciú agus ar an gcóras airgeadais a dhoimhniú, agus ar an gcaoi ar féidir é sin a chomhtháthú i gcásanna aeráide agus i réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíochta. Déanfar measúnú ann freisin ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag oiriúnú, nó easpa oiriúnú, ar an athrú aeráide ar an ngeilleagar agus ar an earnáil airgeadais, lena n-áirítear riachtanais infheistíochta ghaolmhara agus an bhearna cosanta árachais.
  • Maidir le caillteanas agus díghrádú dúlra, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach anailís ar an dlúthnasc leis an athrú aeráide, agus ar na himpleachtaí eacnamaíocha agus airgeadais lena mbaineann. Déanfaidh sé tuilleadh scrúdaithe freisin ar ról na n-éiceachóras don gheilleagar agus don chóras airgeadais.
  • Maidir lena oibríochtaí féin, seolfaidh an Banc Ceannais Eorpach an t-ochtú Clár um Bainistiú Comhshaoil chun tacú lena spriocanna laghdaithe carbóin do 2030 a bhaint amach. In éineacht leis an Eurochóras ina iomláine, áireofar ina chuid oibre prionsabail éicidhearthóireachta don tsraith nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo agus áireofar breithnithe maidir le lorg comhshaoil i ndearadh an euro dhigitigh atá ag an gcéim ullmhúcháin faoi láthair.

An cinneadh dlús a chur leis na hiarrachtaí sna réimsí sin, tagann sé sna sála ar athbhreithniú an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar a ghníomhaíochtaí aeráide ó seoladh clár oibre aeráide 2022, agus ar choigeartú a phlean oibre i bhfianaise na timpeallachta atá ag athrú agus na bhfeabhsuithe ar infhaighteacht sonraí agus ar mhodheolaíochtaí sonraí.

Comhlánóidh an obair atá beartaithe do na réimsí fócais sin gníomhaíochtaí reatha an Bhainc Ceannais Eorpaigh a bhaineann leis an aeráid ina chúraimí leanúnacha, lena n-áirítear beartas airgeadaíochta agus maoirseacht baincéireachta. Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach feabhas ar a tháscairí a bhaineann leis an aeráid, ar a fhaireachán riosca agus ar a nochtaí riosca, agus leanfaidh sé de bheith ag rannchuidiú le beartais a bhaineann leis an aeráid a fhorbairt i bhfóraim Eorpacha agus idirnáisiúnta. Ag féachaint chun cinn, tá an Banc Ceannais Eorpach fós tiomanta d’athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach dá fheidhm agus go gcuideoidh siad lena shainordú a chomhlíonadh.

Tá forléargas cuimsitheach ar an gclár oibre atá beartaithe do 2024 agus 2025 ar fáil san Iarscríbhinn (Béarla) agus tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Le haghaidh fiosrúcháin ó na meáin déan teagmháil le Verena Reith, teil: +49 69 1344 5737.

Nótaí

  • Ní mór do BCE éifeachtaí an athraithe aeráide a chur san áireamh i gcur i gcrích a chúraimí laistigh dá shainordú. Ina theannta sin, gan dochar dá chuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna, ní mór do BCE tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas Eorpach, d’fhonn cur le hardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhas a chur ar a cháilíocht. Áirítear leis sin spriocanna an Dlí Aeráide Eorpaigh. Faoi Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar BCE freisin ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i sainiú agus i gcur chun feidhme a chuid beartas agus gníomhaíochtaí.
  • Thug BCE breithnithe maidir leis an athrú aeráide isteach ina chreat beartais airgeadaíochta tar éis a athbhreithniú straitéise in 2021.
TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa