Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

An 2 Feabhra 2023

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag déanamh arduithe suntasacha seasmhacha ar rátaí úis agus coinneoidh sí ag leibhéil iad atá sriantach a ndóthain chun a áirithiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach. Dá réir sin, chinn an Chomhairle Rialaithe trí cinn de phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 50 bonnphointe inniu agus measann sí go n-ardóidh sí tuilleadh iad amach anseo. I bhfianaise na mbrúnna atá ar bhoilsciú bunúsach, tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe na rátaí úis a ardú 50 bonnphointe eile ag an gcéad chruinniú beartais airgeadaíochta eile i mí an Mhárta agus déanfaidh sí measúnú ansin ar chonair an bheartais airgeadaíochta ón bpointe sin amach. Má choimeádtar rátaí úis ag leibhéal sriantach, is é a tharlóidh, le himeacht ama, go laghdófar an boilsciú tríd an éileamh a mhaolú agus go dtabharfar cosaint freisin in aghaidh an riosca go n-ardófaí ionchais boilscithe ar bhonn leantach. I gcás ar bith, beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi bheartas rátaí úis amach anseo ag brath i gcónaí ar shonraí agus leanfar le cur chuige cruinniú-ar-chruinniú.

Rinne an Chomhairle Rialaithe cinneadh inniu freisin ar na módúlachtaí chun laghdú a dhéanamh ar shealúchas urrús an Eurochórais faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS). Mar a cuireadh in iúl i mí na Nollag, tiocfaidh laghdú €15 bhilliún ar an meán in aghaidh na míosa ar phunann CCS ó thus mhí an Mhárta go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023 agus cinnfear luas laghdaithe na punainne ina dhiaidh sin amach anseo. Déanfar páirt-athinfheistíochtaí i gcomhréir leis an gcleachtas atá anois ann, den mhórchuid. Go háirithe, déanfar na méideanna athinfheistíochta atá fanta a leithdháileadh i gcomhréir le scair na bhfuascailtí i ngach comhchlár den CCS agus, i gcás chlár ceannaigh na hearnála poiblí (CCEP), leithdháilfear iad i gcomhréir le sciar na bhfuascailtí atá ag gach dlínse agus ag eisitheoirí náisiúnta agus fornáisiúnta. I gcás na mbannaí corparáide atá ceannaithe ag an Eurochóras, cuirfear na hathinfheistíochtaí atá fanta i dtreo eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu. Gan dochar do chuspóir cobhsaíochta praghsanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tacófar tríd an gcur chuige seo le dícharbónú céimnitheach shealúchas bannaí corparáide an Eurochórais, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras.

Déantar cur síos mionsonraithe ar na módúlachtaí chun sealúchas CCS a laghdú i bpreasráiteas a fhoilseofar ag 15:45 CET.

Príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe trí phríomhráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 50 bhonnphointe. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 3.00%, 3.25% agus 2.50% faoi seach, agus tiocfaidh sin i bhfeidhm ón 8 Feabhra 2023.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá sé de rún ag an gComhairle Rialaithe leanúint de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoi CCS, go dtí deireadh Feabhra 2023. Ina dhiaidh sin, tiocfaidh laghdú ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanfaidh an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis a thiocfaidh in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún a bheidh ann gach mí ar an meán go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023 agus cinnfear an luas ina dhiaidh sin le himeacht ama.

Maidir leis na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis CCÉP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe iad a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann CCÉP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe léi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a áirithiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa