Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Eanáir 2024

26 Eanáir 2024

Beartas airgeadaíochta

Bearta ceartaitheacha le haghaidh idirbhearta bainc ceannais náisiúnta a sháraíonn an toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta

An 18 Nollaig 2023, chinn an Chomhairle Rialaithe go mbeadh ús téarnaimh ina bheart ceartaitheach iomchuí le moladh do bhanc ceannais náisiúnta (BCN) sa chás go mbeadh sárú ann ar an toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta arna leagtar síos in Airteagal 123(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Féadfaidh na sáruithe sin tarlú sa chás ina bhfuil idirbhearta maoinithe ag banc ceannais náisiúnta nuair ba cheart iad a bheith maoinithe ag údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí eile. Roimhe seo, níor cuireadh bearta ceartaitheacha i bhfeidhm ach amháin i bhfoirm aisíocaíocht na gcistí a bhí i gceist ón rialtas leis an mbanc ceannais náisiúnta. Ón 01 Eanáir 2024, áirítear leo ús ar mhéid na haisíocaíochta freisin. Is é a bheidh sa ráta úis ábhartha toradh ceannasach deich mbliana an Bhallstáit lena mbaineann nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, an ráta úis de réir na modheolaíochta a chuireann an Coimisiún Eorpach i bhfeidhm i gcásanna a bhaineann le státchabhair neamhdhleathach, an dá cheann faoi réir íosráta nialasach.

Oibríochtaí margaidh

Leasuithe ar an gCinneadh maidir le cur i bhfeidhm chlár ceannaigh na hearnála corparáidí

An 15 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2023/38 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2016/948 maidir le cur chun feidhme chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (BCE/2016/16). Leis an ngníomh dlí leasaitheach cuirtear chun feidhme cinneadh na Comhairle Rialaithe an 05 Deireadh Fómhair 2023 leasú a dhéanamh ar eilimintí áirithe den mhodheolaíocht um measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht aeráide eisitheoirí, laistigh den chreat ina ndéantar an tagarmharc maidir le ceannacháin bannaí corparáideacha a chlaonadh i leith eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu.

Foilsiú cinnidh maidir le smachtbhannaí i leith neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le cúlchistí íosta

An 29 Nollaig 2023, rinne an Chomhairle Rialaithe, i gcomhréir leis an gcreat dlí is infheidhme, athbhreithniú ar chinneadh maidir le smachtbhannaí a rinne an Bord Feidhmiúcháin i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus dheimhnigh sí nach mbeadh feidhm ag aon eisceacht maidir le foilsiú neamh-anaithnidithe an smachtbhanna i gceist, a bhaineann le sárú a rinne institiúid creidmheasa sa limistéar euro ar an gceanglas atá uirthi cúlchistí íosta a choinneáil. Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Rialachán BCE/1999/4, arna leasú ag Rialachán BCE/2023/13, nach mór don Bhanc Ceannais Eorpach aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhannaí i leith sáruithe ar a chuid rialachán nó cinntí a fhoilsiú. Is ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a dhéantar an foilsiú a luaithe a bhíonn an cinneadh críochnaitheach.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Toradh an ghnímh aicmithe um chórais íocaíochta 2022

An 15 Nollaig 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe toradh an ghnímh aicmithe bhliantúil le haghaidh córais íocaíochta, bunaithe ar shonraí le haghaidh na bliana tagartha 2022. I gcomhréir leis na forálacha i Rialachán BCE maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (Rialachán SIPS) agus i gcreat athbhreithnithe formhaoirseachta an Eurochórais maidir le córais íocaíochta miondíola, ligeann an gníomh rialta seo don Bhanc Ceannais Eorpach córais íocaíochta a aicmiú ina gcórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (SIPS), ina gcórais íocaíochtaí mórluacha nach bhfuil tábhacht shistéamach leo (LVPS), ina gcórais íocaíochta miondíola a bhfuil tábhacht shoiléir leo (PIRPS), nó ina gcórais íocaíochta miondíola eile (ORPS). Tá toradh an ghnímh le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Ceapachán scrúdaitheora seachtraigh Urrúis-TARGET2 (T2S)

An 21 Nollaig 2023 cheap an Chomhairle Rialaithe PricewaterhouseCoopers GmbH Wirtschaftsprüfungsgesellschaft ina scrúdaitheoir seachtrach nua ar T2S, i ndiaidh do shainordú Deloitte GmbH Wirtschaftsprüfungsgesellschaft dul in éag. Tabharfaidh an scrúdaitheoir seachtrach, inter alia, tuairim bhliantúil maidir le héifeachtúlacht na rialuithe arna ndéanamh ag an Eurochóras mar chuid d’fhorbairt agus feidhmiú leanúnach T2S.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le faoiseamh breithiúnach a deonaíodh d’iarshealbhóirí creidmheasa bainc cháilithe

An 15 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/44 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na Slóivéine.

Tuairim BCE maidir le cáin a fhorchur ar institiúidí creidmheasa

An 15 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/45 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hÍsiltíre.

Tuairim BCE maidir le laethanta saoire morgáiste

An 19 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/46 ar iarratas ó Mharascal Pharlaimint na Polainne.

Tuairim BCE ar phacáiste reachtach maidir le bainistiú géarchéime in earnáil na baincéireachta

An 29 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2023/47 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais Phoblacht na Cipire.

Tuairim ECB maidir le dlí bunreachtúil i ndáil le hairgead tirim mar dhlíthairiscint agus maidir le rochtain ar airgead tirim

Ar an 11 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/1 arna hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh as a stuaim féin.

Tuairim BCE maidir le deireadh a chur de réir a chéile le 1000 nóta bainc cróin na Danmhairge agus maidir le hísliú na teorann toirmisc ar airgead tirim

An 12 Eanáir 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/2 ar iarratas ó Aireacht Gnó na Danmhairge (Erhvervsministeriet).

Rialachas corparáideach

Cruthú stiúrthóireachta sealadaí do thionscadal an euro dhigitigh

An 15 Nollaig 2023 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire atheagrú ar Ard-Stiúrthóireacht Bhonneagair Margaidh agus Íocaíochtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh (DG/MIP), arna mholadh ag an mBord Feidhmiúcháin. Bunaítear leis an atheagrú seo aon aonad tiomnaithe gnó amháin, Stiúrthóireacht um an Euro Digiteach, ón 01 Feabhra 2024 go dtí an 31 Eanáir 2026.

Leithdháileadh freagrachtaí ionadaithe BCE ar an mBord Maoirseachta

An 28 Nollaig 2023 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire ath-leithdháileadh de na freagrachtaí atá ar Anneli Tuominen agus Elizabeth McCaul, ionadaithe BCE ar an mBord Maoirseachta, maidir le cibear-rioscaí agus an clár oibre digiteach.

Staidreamh

Treoirlíne leasaithe maidir leis an ráta gearrthéarmach euro (€STR)

An 18 Eanáir 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne BCE lena leasaítear Treoirlíne (AE) Uimh 2019/1265 maidir leis an ráta gearrthéarmach euro (€STR). Leis an ngníomh dlí leasaitheach seo cuirtear chun feidhme cinneadh na Comhairle Rialaithe an 05 Aibreán 2023 chun an daonra tuairiscithe le haghaidh Tuairisciú Staidreamh ar na Margaí Airgid (MMSR) a leathnú trí 24 institiúid airgeadais airgeadaíochta (MFIanna) nua a chur leis atá le tosú ag tuairisciú an 01 Iúil 2024. Baineann na leasuithe freisin le socrú inmheánach de chuid an Eurochórais maidir le comhroinnt oibre trínar féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach na cúraimí agus freagrachtaí um ráthú cáilíochta €STR a chomhlíonadh thar ceann na BCNanna nach bhfuil ardán bailiúcháin áitiúil (LCP) i bhfeidhm acu. Foilseofar an Treoirlíne ar EUR-Lex in am trátha.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Nochtadh maidir le measúnú ar mhúnla gnó agus modheolaíochtaí um rialachas inmhéanach agus bainistiú riosca

An 18 Nollaig 2023 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun an measúnú ar mhúnla gnó agus na modheolaíochtaí um rialachas inmheánach agus bainistiú riosca a úsáidtear sa Phróiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) a fhoilsiú. Tá an dá cháipéis ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Lámhleabhar Maoirseachta Nuashonraithe

An 28 Nollaig 2023 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun leagan nuashonraithe den Lámhleabhar Maoirseachta a fhoilsiú. Sa Lámhleabhar Maoirseachta, déantar cur síos ar bhunú eagraíochtúil an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA), tugtar sainmhíniú ann ar na modheolaíochtaí, na próisis agus na nósanna imeachta le haghaidh maoirseacht baincéireachta sa limistéar euro, agus mínítear ann an chaoi a gcomhoibríonn SMA le húdaráis eile sa chreat institiúideach níos leithne. Tá an lámhleabhar nuashonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Foilsiú an liosta d’institiúidí ardtionchair nach bhfuil chomh suntasach céanna do 2024

An 02 Eanáir 2024 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun an liosta de na hinstitiúidí ardtionchair nach bhfuil chomh suntasach céanna do 2024 a fhoilsiú. Cuirfear an liosta seo ar fáil in am trátha ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tuarascáil maidir leis na rioscaí a eascraíonn as mí-ailíniú maoinithe banc le cuspóirí an Aontais Eorpaigh maidir le haeráid.

An 10 Eanáir 2024 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun tuarascáil a fhoilsiú, ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, maidir leis na rioscaí a eascraíonn as mí-ailíniú maoinithe banc le cuspóirí an Aontais Eorpaigh maidir le haeráid. Is é conclúid na tuarascála, bunaithe ar shonraí a tiomsaíodh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht foinse oscailte Mheasúnú ar Aistriú Caipitil Chomhaontú Pháras (PACTA), go léiríonn earnáil baincéireachta an limistéir euro mí-ailíniú suntasach i ndáil leis sin agus d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir rioscaí aistrithe méadaithe dá bhrí sin.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa