European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

An 8 Meán Fómhair 2022

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 75 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Leis an mórchéim seo, tarraingítear chun tosaigh an t‑aistriú ó na leibhéil rátaí úis fhíorthacúla atá anois ann i dtreo leibhéil lena n-áiritheofar filleadh an bhoilscithe chuig 2% sa mheántéarma i gcomhréir le sprioc an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Bunaithe ar an measúnú is déanaí, measann an Chomhairle Rialaithe go n-ardóidh sí rátaí úis tuilleadh chun éileamh a mhaolú agus chun cosc a chur le riosca tiontaithe sheasmhaigh ar an taobh thuas maidir le hionchais bhoilscithe. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú go tráthrialta ar an gconair bheartais i bhfianaise na faisnéise a chuirfear ar fáil agus an ionchais athraithigh boilscithe. Beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi ráta úis beartais ag brath ar shonraí i gcónaí agus leanfar cur chuige cruinniú-ar-chruinniú.

Ghlac an Chomhairle Rialaithe cinneadh an lae inniu agus measann sí go n-ardóidh sí rátaí úis tuilleadh, toisc go bhfuil boilsciú fós i bhfad ró‑ard agus gur cosúil go mbeidh sé ag leibhéal atá os cionn na sprice ar feadh tréimhse ama fhadaithe. De réir thobthomhais Eurostat, bhí boilsciú ag 9.1% i mí Lúnasa. Tá boilsciú á bhrú suas fós de dheasca praghsanna fuinnimh agus bia atá ag ardú go fíorthapa, brúnna éilimh i roinnt earnálacha i bhfianaise athoscailt an gheilleagair, agus scrogaill soláthair. Tá brúnna praghsanna ag neartú agus ag leathnú i gcónaí ar fud an gheilleagair agus d’fhéadfadh ardú eile teacht ar bhoilsciú sa ghearrthéarma. Fad is a mhaolófar ar na brúnna boilscithe le himeacht ama, agus tionchar á imirt ag normalú an bheartais airgeadaíochta ar an ngeilleagar agus ar shocrú praghsanna, tiocfaidh laghdú ar bhoilsciú. Ag breathnú chun tosaigh, tá athbhreithniú suntasach ar an taobh thuas déanta ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar na réamh‑mheastacháin bhoilscithe agus meastar anois gurb é 8.1% an meánleibhéal boilscithe a bheidh ann in 2022, gur 5.5% a bheidh ann in 2023 agus gur 2.3% a bheidh ann in 2024.

I ndiaidh teacht aniar a bheith ann sa chéad leath de 2022, tugtar le tuiscint sna sonraí is déanaí go bhfuil fás eacnamaíoch sa limistéar euro ag laghdú go suntasach anois agus é a thuar gur fás marbhánta a bheidh ann níos déanaí sa bhliain agus sa chéad ráithe de 2023. Tá cumhacht ceannaigh ioncam á laghdú de dheasca praghsanna fuinnimh fíor‑arda, agus cé go bhfuil scrogaill soláthair á maolú, is srian iad fós leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Ina theannta sin, tá an staid gheopholaitiúil, go háirithe ionsaí gan bonn cirt na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ag baint de mhisneach gnólachtaí agus tomhaltóirí. Tá an t‑ionchas sin á léiriú sna réamh-mheastacháin foirne is déanaí don fhás eacnamaíoch a ndearnadh athbhreithniú suntasach síos orthu le haghaidh na coda eile den bhliain seo agus le haghaidh na bliana 2023. Measann baill foirne anois go dtiocfaidh fás 3.1% ar an ngeilleagar in 2022, fás 0.9% air in 2023 agus fás 1.9% air in 2024.

Is baol d’aistriú mín an bheartais airgeadaíochta fós iad na leochaileachtaí a cruthaíodh de dheasca na paindéime. Dá bhrí sin leanfaidh an Chomhairle Rialaithe léi ag cur solúbthabhachta i bhfeidhm maidir le hath‑infheistiú fuascailtí dlite i bpunann an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh na meicníochta tarchurtha, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe ardú 75 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 1.25%, 1.50% agus 0.75% faoi seach le teacht i bhfeidhm an 14 Meán Fómhair 2022.

Agus ráta na saoráide taisce ardaithe os cionn náid, níl gá a thuilleadh leis an gcóras dhá leibhéal le haghaidh cúlchistí iomarcacha. Dá bhrí sin chinn an Chomhairle Rialaithe inniu an córas dhá leibhéal le haghaidh íocaíocht cúlchistí iomarcacha a chur ar fionraí trí mheán an t‑iolraitheoir a shocrú ag náid.

Clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi APP atá ag teacht in aibíocht, tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe leanúint dá n‑infheistiú ina n‑iomláine ar feadh tréimhse ama fhadaithe tar éis an dáta a thosaigh sí ag ardú phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, i gcás ar bith, chomh fada agus is gá chun dálaí leachtachta leordhóthanacha agus freastal airgeadaíochta iomchuí a choimeád ar bun.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis PEPP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe na híocaíochtaí sin a ath‑infheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann PEPP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Tá fuascailtí atá dlite i bpunann PEPP á n‑infheistiú ar bhonn solúbtha d’fhonn cur i gcoinne na rioscaí don mheicníocht tarchurtha beartais airgeadaíochta a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe d’fhaireachán a dhéanamh ar dhálaí cistiúcháin banc agus áiritheoidh sí nach gcuirfidh teacht in aibíocht oibríochtaí faoin tríú sraith oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fhadtéarmacha (TLTRO III) isteach ar tharchur mín a beartais airgeadaíochta. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú ar bhonn rialta ar an gcaoi a bhfuil oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe ag cur lena seasamh beartais airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimic mhargaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairtí iad do tharchur réidh an bheartais airgeadaíochta ar fud thíortha uile an limistéir euro, agus dá bharr sin is fearr is féidir leis an gComhairle Rialaithe a shainordú cobhsaíochta praghsanna a bhaint amach.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa