Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe BCE (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Iúil 2026

24 Iúil 2026

Cumarsáid sheachtrach

Foilsiú Thuarascáil BCE um Chóineasú, 2026

An 24 Meitheamh 2026 d’fhoilsigh BCE a Thuarascáil um Chóineasú ina ndearnadh measúnú ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo ghlacadh an euro i bPoblacht na Seice, san Ungáir, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSualainn, tar éis do Chomhairle Ghinearálta BCE an tuarascáil sin a ghlacadh. Arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, foilsíodh an Tuarascáil um Chóineasú ó BCE in éineacht leis an tuarascáil a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach agus preasráiteas gaolmhar.

Oibríochtaí margaidh

Foilsiú Thuarascáil Shuirbhé 2025 ar Chisteoirí Bainc

An 18 Meitheamh 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe foilsiú Thuarascáil Shuirbhé 2025 ar Chisteoirí Bainc. Rinneadh an suirbhé sin idir an 14 agus an 29 Deireadh Fómhair 2025 agus fuarthas freagraí ó 184 bhanc, arbh ionann iad ar fad agus thart ar 72% d’iomlán na sócmhainní baincéireachta agus de chúlchistí na mbanc ceannais sa limistéar euro. Tá an suirbhé, ina dtugtar léargas luachmhar ar an bhfaireachán leanúnach ar bhainistiú leachtachta na mbanc trí thuairimí córasacha a bhailiú faoin éileamh a cheaptar a bheidh ag na bainc ar chúlchistí na mbanc ceannais, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as gnáthoibríochtaí athmhaoiniúcháin an Eurochórais, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Punanna iasachtaí corparáideacha neamhairgeadais a chomhtháthú i gcreat comhthaobhachta ginearálta an Eurochórais

An 24 Meitheamh 2026 shocraigh an Chomhairle Rialaithe na critéir incháilitheachta agus an creat rialaithe riosca chun punanna d’éilimh chreidmheasa chorparáideacha neamhairgeadais (NFC) a chomhtháthú go buan i gcreat comhthaobhachta ginearálta an Eurochórais. Tagann sé sin sna sála ar an bhfógra tosaigh ón gComhairle Rialaithe i mí na Samhna 2024 go raibh deireadh le cur de réir a chéile le bearta comhthaobhachta sealadacha lenar ceadaíodh do bhainc raon níos leithne d’éilimh chreidmheasa NFC a phostáil mar chomhthaobhacht, agus is é an chéim dheiridh den phróiseas é chun deireadh a chur de réir a chéile leis an gcreat sealadach breise le haghaidh éilimh chreidmheasa (ACC). Ciallaíonn an cinneadh seo go bhfuiltear ag filleadh ar liosta aonair de chomhthaobhacht incháilithe atá le cur i bhfeidhm ar fud an limistéir euro ina iomláine. Tá sé beartaithe faoi láthair go gcuirfear chun feidhme go teicniúilí é i mí na Samhna 2027 ar a luaithe. Tugtar faisnéis níos mionsonraithe i bpreasráiteas gaolmhar agus sna Ceisteanna Coitianta gaolmhara, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Féilirí oibríochtúla táscacha BCE le haghaidh 2027 agus 2028

An 30 Meitheamh 2026 d’fhoilsigh BCE na féilirí táscacha le haghaidh ghnáthoibríochtaí tairisceana agus thréimhsí cothabhála cúltaca an Eurochórais le haghaidh 2027 agus 2028 araon.

Athaicmiú fhochuideachtaí airgeadais na gcuideachtaí neamhairgeadais i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais

An 9 Iúil 2026 chinn an Chomhairle Rialaithe fochuideachtaí airgeadais ghrúpa eisitheoirí na gcorparáidí neamhairgeadais (NFC) a leithdháileadh ar chatagóir caolchorrlaigh III de chreat comhthaobhachta an Eurochórais trí chatagóir grúpa eisitheoirí tiomnaithe a chruthú. Beidh eintitis sa chatagóir nua seo ina bhféichiúnaithe incháilithe freisin le haghaidh éilimh chreidmheasa a úsáidtear mar chomhthaobhacht in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais. De thoradh na n-athruithe sin áirithítear go bhfuil na fochuideachtaí airgeadais ar leis an ngrúpa eisitheoirí NFC iad faoi réir na láimhseála caolchorrlaigh céanna agus atá a máthairghnóthas. Leasófar an creat dlíthiúil amach anseo ionas gur féidir leis an mbeart teacht i bhfeidhm i mí na Samhna 2026.

Oibríochtú shaoráid athcheannaigh fheabhsaithe an Eurochórais do bhainc cheannais

An 15 Iúil 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe na paraiméadair oibríochtúla mhionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme shaoráid athcheannaigh fheabhsaithe an Eurochórais do bhainc cheannais (EUREP), mar bheart leantach tar éis an chinnidh a rinne sí roimhe sin i mí Feabhra 2026, agus ghlac sí Treoirlíne BCE/2026/17 maidir le saoráid leachtachta an Eurochórais do bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro, a fhoilseofar amach anseo ar EUR-LEX. Mar chuid den fhormheas sin, dheimhnigh an Chomhairle Rialaithe freisin go ndéanfadh cúig bhanc ceannais náisiúnta de chuid an Eurochórais, ag gníomhú dóibh thar ceann an Eurochórais mar sholáthraithe EUREP, bainc cheannais eachtracha a ionduchtú. Tá preasráiteas gaolmhar ina bhfuil faisnéis níos mionsonraithe le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Gnéithe maidir leis an athrú aeráide a chomhtháthú tuilleadh i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais

An 22 Iúil 2026 chinn an Chomhairle Rialaithe úsáid fachtóirí aeráide i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais a leathnú chun éilimh chreidmheasa chorparáideacha neamhairgeadais a thabhairt san áireamh. Tá an leathnú sin, a thógann ar thabhairt isteach fachtóra aeráide le haghaidh sócmhainní indíolta arna n-eisiúint ag NFCanna agus ag a n-eintitis chleamhnaithe agus a tháinig i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2026, ceaptha chun creat bainistithe riosca an Eurochórais a neartú tuilleadh trí aghaidh a thabhairt ar éiginnteachtaí airgeadais a bhaineann leis an aistriú aeráide. Tá preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Ráiteas ón gComhairle Rialaithe maidir le beartais mhacrastuamachta

An 8 Iúil 2026 d’fhoilsigh BCE ráiteas maidir le beartais mhacrastuamachta, a d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe tar éis cruinniú den Fhóram Macrastuamachta an 24 Meitheamh 2026. Agus é á chur san áireamh, ón ráiteas roimhe seo i mí Iúil 2025, go bhfuil na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro fós ard i dtimpeallacht ina bhfuil teannas agus éiginnteacht gheopholaitiúil fhadtréimhseach, cuirtear i dtábhacht sa ráiteas gur gá do na húdaráis náisiúnta athléimneacht reatha an chórais baincéireachta a choinneáil ar bun agus gur gá don bheartas macrastuamachta leanúint de bheith sofhreagrúil agus dul in oiriúint do dhálaí athraitheacha de réir mar is gá. Ní mór do lucht déanta beartas dlúthfhaireachán a dhéanamh go fóill ar an méid atá ag titim amach. Thairis sin, chuir an Chomhairle Rialaithe in iúl go dtacaíonn sí le clár oibre uaillmhianach athchóiriúcháin chun an creat stuamachta a shimpliú agus, ag an am céanna, athléimneacht agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a chaomhnú.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Ráitis airgeadais Urrúis TARGET2 (T2S)

An 10 Iúil 2026, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe foilsiú ráitis airgeadais T2S le haghaidh 2025 agus thug sí dá haire an tuairim iniúchóireachta sheachtrach ghaolmhar. Le foilsiú na ráiteas sin comhlíontar oibleagáid faoi Chreat Comhaontaithe TS2 agus féachtar leis faisnéis a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara TS2, agus don phobal trí chéile, faoi staid airgeadais TS2. Tá na doiciméid le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Tuarascáil ar dhul chun cinn thionscadal an euro dhigitigh

An 22 Iúil 2026 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na príomh-gharspriocanna de chuid thionscadal an euro dhigitigh a baineadh amach sa tréimhse ó mhí na Samhna 2025 go hAibreán 2026 agus na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, agus tháinig sí ar an gconclúid go raibh an tionscadal fós ar an mbóthar ceart i dtéarmaí buiséid agus uainiúcháin araon. Foilsíodh an liosta de na 36 sholáthraí seirbhísí íocaíochta a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal an euro dhigitigh trí bhíthin phreasráiteas a bhí le fáil ar shuíomh gréasáin BCE. Tá eolas níos mionsonraithe maidir le tionscadal an euro dhigitigh le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le bac ar fhoriaimh agus athstruchtúrú iasachtaí agus ráthaíochtaí

An 12 Meitheamh 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/18 arna iarraidh sin d’Aire Airgeadais na Cipire.

Tuairim BCE maidir le feidhmiú Comhairle um Chobhsaíocht Shistéamach

An 17 Meitheamh 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/19 arna iarraidh sin d’Aireacht Geilleagair agus Airgeadais Náisiúnta na Gréige.

Tuairim BCE maidir le neamhspleáchas maoirseachta, coinbhleachtaí leasa a chosc, fógraí maidir le sealúchais ábhartha agus cumaisc agus deighiltí, rioscaí ESG, measúnuithe oiriúnachta ar chomhlachtaí bainistíochta agus ar shealbhóirí príomhfheidhme, agus pionóis riaracháin agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

An 19 Meitheamh 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/20 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na hOstaire.

Tuairim BCE maidir le Lietuvos bankas a ainmniú mar údarás réitigh le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais

An 2 Iúil 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/21 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Liotuáine.

Tuairim BCE maidir leis an teorainn íocaíochta in airgead tirim a mhéadú le haghaidh idirbhearta gnólacht le gnólacht

An 8 Iúil 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/22 arna iarraidh sin do Mharascal Pharlaimint na Polainne.

Rialachas corparáideach

Comhaltaí nua a cheapadh ar an gCoiste Formhaoirseachta ar rátaí gearrthéarmacha an euro

An 18 Meitheamh 2026 cheap an Chomhairle Rialaithe Livio Stracca, Leas-Ardstiúrthóir BCE um Beartas Macrastuamachta agus Cobhsaíocht Airgeadais, mar chomhalta nua de Choiste Formhaoirseachta ráta ghearrthéarmach an euro (€STR) le héifeacht ón 1 Iúil 2026. Rinneadh an ceapachán tar éis an athraithe a tháinig ar dhálaí an iarchomhalta den choiste, Massimo Rostagno, a d’éirigh as oifig ag deireadh mhí Feabhra 2026 agus a chuaigh ar scor ó BCE ina dhiaidh sin. Ón 1 Iúil 2026 i leith tá Boris Vujčić ina chathaoirleach ar Choiste Formhaoirseachta €STR ós rud é go nglacann Leas-Uachtarán BCE an ról sin ex officio. Déanann an Coiste Formhaoirseachta €STR athbhreithniú, dianscrúdú agus tuairisc ar gach gné de phróiseas cinnteoireachta €STR mar atá leagtha amach le Treoirlíne €STR. Tá tuilleadh eolais faoi Choiste Formhaoirseachta €STR le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Staidreamh

Treoirlíne Leasaitheach maidir le Clár Sonraí na nInstitiúidí agus na gCleamhnaithe

An 25 Meitheamh 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne (AE) 2026/1694 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2018/876 maidir le Clár Sonraí na nInstitiúidí agus na gCleamhnaithe (BCE/2018/16) (BCE/2026/15). Is éard atá sa Treoirlíne leasaitheach, den chuid is mó, athruithe agus leasuithe teicniúla teoranta, amhail crostagairtí do ghníomhartha dlí a athraíodh nó a aisghaireadh.

Nótaí bainc agus boinn

Toradh an chomórtais deartha agus seoladh an tsuirbhé phoiblí ar na dearaí buaiteacha

An 22 Iúil 2026 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire toradh an chomórtais deartha le haghaidh na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo a seoladh i mí Iúil 2025, inar iarradh ar dhearthóirí grafacha ó gach cearn den Aontas Eorpach tograí a chur isteach le haghaidh an dá théama, “Amhráin agus éin” agus “Cultúr na hEorpa”. Roghnaigh Giúiré an Chomórtais Deartha, ar a bhfuil 21 saineolaí i réimsí amhail dearadh grafach, cumarsáid, néareolaíocht agus stair – agus gach duine acu ainmnithe ag banc ceannais sa limistéar euro – cúig dhearadh bhuaiteacha do gach aon cheann den dá théama. Tá cinneadh déanta ag an gComhairle Rialaithe anois suirbhé ar líne a sheoladh ina n-iarrtar ar gach Eorpach a dtuairimí a roinnt maidir leis na tograí dearaidh. Beidh an suirbhé poiblí sin ar oscailt go dtí an 21 Meán Fómhair 2026. Tá preasráiteas tiomnaithe mar aon le faisnéis níos mionsonraithe le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Maoirseacht baincéireachta BCE

Athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní i leith KfW Beteiligungsholding GmbH agus i leith Promontoria 19 Coöperatie U.A.

An 18 Meitheamh 2026 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go nochtfaí torthaí deiridh an athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní i leith KfW Beteiligungsholding GmbH agus i leith Promontoria 19 Coöperatie U.A. Tá na torthaí agus preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Nuashonrú stádais maidir leis na hiarrachtaí cuíchóiriúcháin faoin tionscadal “na Chéad Chéimeanna Eile den Mhaoirseacht”

An 25 Meitheamh 2026 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go bhformheasfaí táirgí insoláthartha an tsrutha oibre a bunaíodh laistigh den tionscadal “na Chéad Chéimeanna Eile den Mhaoirseacht” chun athbhreithniú a dhéanamh ar eochairfhoilseacháin um threoir mhaoirseachta d’fhonn soiléireacht agus trédhearcacht a fheabhsú. Mar chuid den obair sin, tugadh aicmiú na bhfoilseachán maoirseachta cothrom le dáta freisin chun cuspóir agus úsáid bheartaithe cineálacha éagsúla foilseachán a shoiléiriú, lena n-áirítear treoracha, tuarascálacha, litreacha agus modheolaíochtaí maoirseachta. Tugtar faisnéis níos mionsonraithe le fáil i bpreasráiteas gaolmhar, arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Pionós riaracháin arna fhorchur ar bhanc amháin sa limistéar euro

An 29 Meitheamh 2026 d’fhógair BCE go raibh pionós riaracháin €3,255,000 forchurtha aige ar Banque Internationale à Luxembourg (BIL) toisc gur mhainnigh sé d’aon ghnó a shamhlacha inmheánacha formheasta a chur i bhfeidhm chun an caillteanas ionchasach a bhaineann le neamhchosaintí miondíola agus corparáideacha ar mainneachtain a ríomh. Tá preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Treoir athbhreithnithe ó BCE maidir leis an bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil

An 8 Iúil 2026 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go bhfoilseofaí leagan athbhreithnithe den Treoir ó BCE maidir leis an bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP), mar aon le nóta soiléirithe maidir leis an rialachas a bhaineann leis na haighneachtaí agus na príomhréimsí lánais ar cheart iad a léiriú i bpacáistí ICAAP agus i bpacáistí inmheánacha um measúnú ar leordhóthanacht leachtachta (ILAAP). Tá na cáipéisí le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Treoirleabhar athbhreithnithe ó BCE maidir le measúnuithe ar iarratais ar cheadúnais

An 17 Iúil 2026 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go bhfoilseofaí leagan athbhreithnithe den Treoirleabhar ó BCE maidir le measúnuithe ar iarratais ar cheadúnais a mbeidh feidhm acu maidir le gach iarratas ar cheadúnas chun bheith ina institiúid creidmheasa faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR), lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, údaruithe tosaigh le haghaidh institiúidí creidmheasa, iarratais droicheadbhainc agus síntí ceadúnais. I measc phríomhchuspóirí an Treoirleabhair seo tá feasacht a chur chun cinn, trédhearcacht a fheabhsú agus comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú i gceadúnú institiúidí creidmheasa i ndlínsí maoirseachta baincéireachta na hEorpa trí chéile. Leis an Treoirleabhar – a thagann in ionad an leagain roimhe seo den Treoirleabhar a foilsíodh in 2019 agus atá ceaptha mar uirlis phraiticiúil chun tacú le páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le hiarratais ar cheadúnais – tugtar léargas ar an taithí phraiticiúil a fuarthas ó thús na maoirseachta baincéireachta Eorpaí. Foilseofar an Treoirleabhar amach anseo ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa