Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Bealtaine 2024

10 Bealtaine 2024

Oibríochtaí margaidh

Íocaíocht taiscí rialtais agus taiscí beartais neamhairgeadaíochta eile

An 16 Aibreán 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2024/11 maidir le híocaíocht taiscí beartais neamhairgeadaíochta arna sealbhú le bainc cheannais náisiúnta agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, faoina bhfanfaidh an uasteorainn íocaíochta i leith taiscí rialtais thar oíche sa limistéar euro gan aon athrú ar ráta gearrthéarmach an euro (€STR) lúide 20 bonnphointe. Ghlac sí freisin le dhá ghníomh dlí lena gcoigeartaítear an íocaíocht i leith taiscí beartais neamhairgeadaíochta, eadhon Treoirlíne BCE/2024/12 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/671 maidir le hoibríochtaí bainistithe sócmhainní agus dliteanas intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) agus Treoirlíne BCE/2024/13 maidir le soláthar seirbhísí bainistithe cúlchistí in euro ag an Eurochóras do bhainc cheannais agus do thíortha atá lonnaithe lasmuigh den limistéar euro agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta. Beidh feidhm ag an gcinneadh ón 1 Nollaig 2024 agus meastar go gcomhlíonfaidh bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais an dá Threoirlíne ag an bpointe sin. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais – Bealtaine 2024

An 8 Bealtaine 2024, thionóil an Chomhairle Rialaithe malartú tuairimí maidir le ceisteanna cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro bunaithe ar eagrán mhí na Bealtaine 2024 den Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus d’fhormheas sí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Chomh maith le forbhreathnú a thabhairt ar phríomhleochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro, tá trí ghné ar leith san eagrán seo. Leis an gcéad ghné scrúdaítear na himpleachtaí a bhaineann le riosca geopholaitiúil do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro. Leis an dara gné scrúdaítear na rioscaí agus buntáistí cobhsaíochta airgeadais a bhaineann le teacht chun cinn na hintleachta saorga, agus leis an tríú gné breathnaítear go grinn ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a eascraíonn as margaí príobháideacha. Tá an tAthbhreithniú le foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2024.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Tuarascáil ar dhul chun cinn thionscadal an euro dhigitigh

An 8 Bealtaine 2024 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn na chéad chéime i dtionscadal an euro dhigitigh – an chéim ullmhúcháin – inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil an tionscadal ar an mbóthar ceart maidir leis an mbuiséad agus le huainiú araon. Tá eolas níos mionsonraithe maidir le tionscadal an euro dhigitigh le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Nuashonrú ar stádas Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (CBCE)

An 8 Bealtaine 2024 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire nuashonrú ar stádas thionscadal Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (CBCE). Tagann an nuashonrú seo sna sála ar an gcinneadh a rinne an Chomhairle Rialaithe i mí na Samhna 2023 chun seoladh thionscadal CBCE a athsceidealú go dtí an 18 Samhain 2024 agus ar an iarratas a rinne an Chomhairle Rialaithe go gcuirfí ar an eolas go rialta í maidir le stádas an tionscadail. Tugadh le fios leis an nuashonrú go bhfuil seachadadh foriomlán tionscadail CBCE ar an mbóthar ceart, cé go bhfuil roinnt dúshlán ann fós.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir leis an gcreat dlíthiúil don Ard-Chomhairle um Chobhsaíocht Airgeadais

An 26 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/11 arna hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh as a stuaim féin.

Tuairim BCE maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Bhulgáir

An 2 Bealtaine 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2024/12 ar iarratas ó Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), ag gníomhú thar ceann Aire Airgeadais na Bulgáire.

Tuairim BCE maidir le rialachán agus treoir atá beartaithe maidir le seirbhísí íocaíochta agus ríomh-airgid

An 30 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/13 ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Rialachas corparáideach

Moladh BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska

An 18 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2024/14 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska.

Comhaontú Idirinstitiúideach chun comhlacht eitice de chuid an Aontais a bhunú

An 2 Bealtaine 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an Comhaontú Idirinstitiúideach chun comhlacht eitice de chuid an Aontais a bhunú, tar éis na caibidlíochta idir an Pharlaimint, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach, an Chúirt Iniúchóirí chomh maith leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún, agus bunaithe ar thogra ón gCoimisiún ó mhí na Bealtaine 2023. Cuirfear de chúram ar an gcomhlacht seo íoschaighdeáin choiteanna a fhorbairt maidir le hiompar eiticiúil oifigigh ardleibhéil an Aontais. Is é Frank Elderson, Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE, a ghníomhóidh mar Ionadaí BCE don chomhlacht eitice agus is é Roman Schremser, Príomhoifigeach Comhlíontachta agus Rialachais BCE, a ghníomhóidh mar ionadaí malartach.

Maoirseacht Baincéireachta BCE

Rannpháirtíocht Mhaoirseacht Baincéireachta BCE sa Chomhchoiste um Thuairisciú Bainc

An 22 Aibreán 2024 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go nglacfadh Maoirseacht Baincéireachta BCE páirt sa Chomhchoiste um Thuairisciú Bainc agus ina Choiste Stiúrtha, a bunaíodh mar obair leantach ar an tuarascáil féidearthachta maidir le córas tuairiscithe comhtháite arna ullmhú ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (UBÉ) i gcomhréir le forálacha Airteagal 430c den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Tá an Meabhrán Tuisceana gaolmhar idir an Banc Ceannais Eorpach agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach maidir le bunú an Chomhchoiste um Thuairisciú Bainc le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa