Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Cinntí beartais airgeadaíochta

An 15 Nollaig 2022

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 50 bonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach agus bunaithe ar an athbhreithniú suntasach ar an taobh thuas ar an ionchas boilscithe, measaimid go n-ardóimid tuilleadh iad. Go háirithe, measann an Chomhairle Rialaithe go mbeidh gá na rátaí úis a ardú go suntasach agus faoi luas seasmhach, go dtí go mbainfear leibhéil amach atá sriantach go leor chun filleadh pras an bhoilscithe go dtí an sprioc mheántéarmach, is í sin 2%, a chinntiú. Má choimeádtar rátaí úis ag leibhéal sriantach, is é a tharlóidh, le himeacht ama, go laghdófar an boilsciú tríd an éileamh a mhaolú agus go dtabharfar cosaint freisin in aghaidh an riosca go n-ardófaí ionchais boilscithe ar bhonn leantach. Beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi bheartas rátaí úis amach anseo ag brath i gcónaí ar shonraí agus leanfar de chur chuige cruinniú-ar-chruinniú.

Is iad príomhrátaí úis an Bhaic Ceannais Eorpaigh ár bpríomhuirlis atá ag an gComhairle Rialaithe chun an seasamh beartais airgeadaíochta a shocrú. Rinne an Chomhairle Rialaithe plé inniu freisin ar na prionsabail chun normalú a dhéanamh ar shealúchais urrús bheartas airgeadaíochta an Eurochórais. Ó thús Mhárta 2023 i leith, tiocfaidh laghdú ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanfaidh an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis a thiocfaidh in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún a bheidh ann gach mí ar an meán go dtí deireadh an dara ráithe in 2023 agus cinnfear an luas ina dhiaidh sin le himeacht ama.

Fógróidh an Chomhairle Rialaithe ag a cruinniú i mí Feabhra na paraiméadair mhionsonraithe a bhainfidh le sealúchais CCS a laghdú. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe athmheasúnú ar luas an laghdaithe ar phunann CCS go tráthrialta lena chinntiú go mbeidh sé ag teacht leis an straitéis agus leis an seasamh beartas airgeadaíochta trí chéile, chun feidhmíocht margaí a chothú agus chun smacht láidir a choimeád ar dhálaí gearrthéarmacha sna margaí airgid. Faoi dheireadh 2023, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú freisin ar ár gcreat oibríochta maidir le rátaí úis gearrthéarmacha a stiúradh, rud a chuirfidh eolas ar fáil maidir le críochphointe phróiseas normalaithe an chláir chomhardaithe.

Chinn an Chomhairle Rialaithe rátaí úis a ardú inniu, agus is dóigh léi go ndéanfar iad a ardú go suntasach arís, mar tá an boilsciú i bhfad ró-ard go fóill agus réamh-mheastar go bhfanfaidh sé os cionn na sprice ar feadh rófhada. De réir thobmheastachán Eurostat, bhí boilsciú 10.0% ann i mí na Samhna, rud beag níos lú ná an 10.6% a taifeadadh i mí Dheireadh Fómhair. D’eascair an laghdú seo go príomha as boilsciú ar praghsanna fuinnimh níos ísle. Tá boilsciú ar phraghsanna bia agus brúnna bunúsacha praghais tar éis treisiú ar fud an gheilleagair agus fanfaidh siad linn go ceann tréimhse. I gcomhthéacs na héiginnteachta neamhghnáiche seo, tá foireann an Eurochórais tar éis athbhreithniú ardaitheach suntasach a dhéanamh ar a gcuid réamh-mheastacháin bhoilscithe. Síleann siad anois go dtiocfaidh an meánbhoilsciú chomh hard le 8.4% sa bhliain 2022 sula laghdóidh sé go 6.3% sa bhliain 2023, agus síltear go laghdóidh boilsciú go suntasach in imeacht na bliana. Réamh-mheastar gur meán 3.4% a bheidh i gceist leis an mboilsciú sa bhliain 2024 agus 2.3% sa bhliain 2025. Réamh-mheastar gur 3.9% ar an meán a bheidh i gceist leis na mboilsciú, taobh amuigh d’fhuinneamh agus de bhia, sa bhliain 2022, agus go n-ardóidh sé go 4.2% sa bhliain 2023 sula dtitfidh sé go 2.8% sa bhliain 2024 agus 2.4% sa bhliain 2025.

Féadfaidh geilleagar an limistéir euro crapadh sa ráithe reatha agus sa chéad ráithe eile mar thoradh ar an ngéarchéim fuinnimh, éiginnteacht ard, gníomhaíocht eacnamaíoch atá ag lagú, agus coinníollacha níos doichte maoinithe. De réir na réamh-mheastachán is déanaí de chuid fhoireann an Eurochórais, bheadh cúlú eacnamaíochta gearr agus éadrom go leor. Síltear, mar sin féin, go maolófar an fás an bhliain seo chugainn agus tá na réamh-mheastacháin íslithe go suntasach i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin a rinneadh roimhe seo. I ndiaidh an ghearrthéarma, réamh-mheastar go dtéarnóidh an fás de réir mar a mhaolaíonn na gnéithe reatha atá ag cur bac roimh an bhfás. Ar an iomlán, de réir réamh-mheastacháin fhoireann an Eurochórais, fásfaidh an geilleagar 3.4% sa bhliain 2022, 0.5% sa bhliain 2023, 1.9% sa bhliain 2024, agus 1.8% sa bhliain 2025.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe ardú de 50 bonnphointe a chur ar na trí príomh-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go dtí 2.50%, 2.75% agus 2.00% faoi seach le teacht i bhfeidhm ar an 21 Nollaig 2022.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCEP)

Tá sé de rún ag an gComhairle Rialaithe leanúint de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoi CCS, go dtí deireadh Feabhra 2023. Ina dhiaidh sin, tiocfaidh laghdú ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanfaidh an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis a thiocfaidh in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún a bheidh ann gach mí ar an meán go dtí deireadh an dara ráithe in 2023 agus cinnfear an luas ina dhiaidh sin le himeacht ama.

I dtaca leis an CCEP, tá sé de rún ag an gComhairle Rialaithe na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach thodhchaí na punainne CCEP a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta iomchuí.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de bheith ag cur solúbthacht i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCEP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh na meicníochta tarchurtha beartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a áirithiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa