Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Bealtaine 2026
22 Bealtaine 2026
Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais
Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais – Bealtaine 2026
An 20 Bealtaine 2026, thionóil an Chomhairle Rialaithe malartú tuairimí maidir le ceisteanna cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro bunaithe ar eagrán mhí na Bealtaine 2026 den Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus d’fhormheas sí a foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Chomh maith le forbhreathnú a thabhairt ar phríomhleochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro, áirítear ceithre ghné-alt speisialta san eagrán seo. Déantar iniúchadh sa chéad cheann ar an gcaoi ar féidir le harduirlisí atá bunaithe ar an intleacht shaorga feabhas a chur ar anailís mheoin; scrúdaítear sa dara ceann an éagsúlacht idir líon méadaitheach na bhféimheachtaí corparáideacha agus leibhéil ísle na gcóimheas comhiomlán iasachtaí neamhthuillmheacha i mbainc sa limistéar euro; déantar measúnú sa tríú ceann ar éifeachtaí na mbeartas macrastuamachta ar chreidmheas teaghlaigh agus ar phraghsanna tithe; agus féachtar sa cheathrú ceann ar neamhchosaintí chóras airgeadais an limistéir euro ar chreidmheas príobháideach. Tá an tAthbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais le foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 27 Bealtaine 2026.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Athbhreithniú ar an mbeartas praghsála T2/Ollsocraíochta Fíor-ama
An 28 Aibreán 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe beartas praghsála athbhreithnithe T2/Ollsocraíochta Fíor-ama (OFA), atá le teacht i bhfeidhm an 1 Iúil 2026. Áireofar ann, inter alia, méadú ar na táillí míosúla socraithe le haghaidh cuntais airgid thiomnaithe agus athchalabrú bandaí praghsála toirtbhunaithe. Is é an cuspóir foriomlán aisghabháil iomlán costas a áirithiú do T2/OFA faoi 2038. Thug an Chomhairle Rialaithe sainordú freisin don Bhord um Bonneagar Margaidh athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar bheartas praghsála T2/RTGS le linn 2028. Beidh faisnéis níos mionsonraithe ar fáil in am trátha ar shuíomh gréasáin BCE.
Leasuithe ar Threoirlíne TARGET
An 4 Bealtaine 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne BCE/2026/11 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna (BCE/2022/8). Léirítear sa Treoirlíne leasaitheach roinnt athruithe teicniúla a rinneadh ar Sheirbhísí TARGET in 2026, go háirithe cuimsiú scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraí ‘Aon Chéim Amháin’ de chuid na Comhairle Íocaíochta Eorpaí i Socrú Íocaíochtaí Meandracha TARGET (TIPS), chomh maith leis na leasuithe thuasluaite ar struchtúr na dtáillí le haghaidh T2/OFA a mbeidh feidhm acu ón 1 Iúil 2026. Beidh an Treoirlíne ar fáil ar EUR-Lex in am trátha.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim ó BCE maidir le rialacha a bhaineann le hoibriú rianúil córas íocaíochta airgid thirim
An 12 Bealtaine 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/16 arna iarraidh sin d’Aire Airgeadais na hÍsiltíre.
Tuairim ó BCE maidir le muirir agus táillí áirithe a laghdú le haghaidh aistarraingtí airgid thirim agus idirbhearta UMB eile
An 19 Bealtaine 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/17 arna hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh as a stuaim féin.
Rialachas corparáideach
Ceapachán chomhaltaí an Bhoird um Bonneagar Margaidh ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2029
An 13 Bealtaine 2026 chuir an Chomhairle Rialaithe síneadh le ceapachán Chathaoirleach reatha an Bhoird um Bonneagar Margaidh (MIB), Thomas Vlassopoulos, arb é Ard-Stiúrthóir BCE um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí é. Cheap sé freisin na comhaltaí don chéad téarma trí bliana eile de chuid an Bhoird, a bheidh i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2029. Is iad seo a leanas na comhaltaí. Ar na comhaltaí ó bhainc cheannais náisiúnta an Eurochórais tá: Marc Lejoly (BE), Julian Reischle (DE), Carlos Conesa (ES), Elie Lewi (FR), Salvatore Luigi Alonzo (IT), Andreas Neocleous (CY), Petia Niederländer (AT) agus Maria Tereza Cavaco (PT), chomh maith le Inge van Dijk (NL) a ghníomhóidh mar Leas-Chathaoirleach freisin. Is iad Peter E. Storgaard (DK), Torbjørn Hægeland (NO) agus Christina Wejshammar (SE) na comhaltaí ó bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro. Ar deireadh, is iad Johan Kestens agus Jean-Marc Eyssautier na comhaltaí nach mbaineann le bainc cheannais. Bainistíonn MIB reáchtáil laethúil TARGET2-Securities (T2S) agus seirbhisí TARGET eile. Déanann sé idirchaidreamh le páirtithe leasmhara margaidh freisin trí struchtúr rialachais T2S dá chuid.
Staidreamh
Tuarascáil cáilíochta 2025 ar staidreamh a bhaineann le comharduithe íocaíochtaí náisiúnta agus an limistéir euro agus ar staidreamh faoin staid infheistíochta idirnáisiúnta
An 13 Bealtaine 2026, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an measúnú atá i dtuarascáil cáilíochta 2025 ar staidreamh a bhaineann le comharduithe íocaíochtaí náisiúnta agus an limistéir euro agus ar staidreamh faoin staid infheistíochta idirnáisiúnta, agus d’údaraigh sí a foilsiú. Tugtar faisnéis nuashonraithe sa tuarascáil seo maidir leis na feabhsuithe a rinneadh ó foilsíodh an tuarascáil roimhe seo agus dírítear aird léi ar réimsí a bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur orthu. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Comhar idirnáisiúnta agus Eorpach
Tuarascáil maidir le ról idirnáisiúnta an euro
An 20 Bealtaine 2026, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe eagrán mhí an Mheithimh 2026 den tuarascáil ar ról idirnáisiúnta an euro agus d’údaraigh sí a foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Sa tuarascáil sin, tugtar forbhreathnú ar fhorbairtí maidir le húsáid an euro in 2025 i measc cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro. Tá sé beartaithe é a fhoilsiú, in éineacht le preaseisiúint ghaolmhar, an 2 Meitheamh 2026 ar shuíomh gréasáin BCE.
Maoirseacht Baincéireachta BCE
Tuarascálacha nuashonraithe ar dhea-chleachtais maidir le bainistiú riosca aeráide agus dúlra agus tástáil struis
An 30 Aibreán 2026 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun dhá thuarascáil a fhoilsiú. Baineann an chéad tuarascáil le dea-chleachtais maidir le bainistiú riosca aeráide agus dúlra agus baineann an dara tuarascáil le dea-chleachtais maidir le tástáil struis riosca a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra. Tá an dá thuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le coibhéis córas rúndachta agus rúndachta gairmiúla údarás tríú tír a chomhlíonadh
An 6 Bealtaine 2026, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) go gcomhlíonann BCE, i gcás na n-institiúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, Treoirlínte ÚBE lena leasaítear Treoirlínte EBA/GL/2022/04 maidir le coibhéis córas rúndachta (EBA/GL/2025/05). Áirítear ar na hathruithe a tugadh isteach leis na leasuithe is déanaí raon feidhme na dTreoirlínte a leathnú chun ceanglais nua maidir le rúndacht agus rúndacht ghairmiúil faoin Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (MiCAR) a léiriú; measúnuithe coibhéise rúndachta a rinne ÚBE le déanaí maidir le húdaráis mhaoirseachta aonair tríú tír a ionchorprú; sainmhínithe a chuíchóiriú; tagairtí dlí a thabhairt cothrom le dáta; agus soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart d’údaráis inniúla an creat a chur i bhfeidhm agus faisnéis á comhroinnt acu nó iad i mbun comhar maoirseachta.
Tuarascáil bhliantúil 2025 maidir le gníomhaíochtaí smachtbhannaí an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM)
An 7 Bealtaine, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta an Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí Smachtbhannaí in SAM in 2025 a fhoilsiú, ina gcuirtear i láthair staitisticí comhiomlána don SAM ina iomláine, bunaithe ar shonraí a bhailítear agus a thiomsaítear trí chatagóirí caighdeánaithe a úsáid chun tacar comhchuibhithe agus inchomparáide faisnéise a áirithiú. Déantar doiciméadú sa tuarascáil go ndearna BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta 370 imeacht smachtbhannaí san iomlán in 2025, ar cuireadh 66 % díobh i gcrích le linn na bliana. Faoi dheireadh 2025, bhí 152 phionós riaracháin forchurtha, agus b’ionann pionóis airgid agus 86 % den iomlán. B’ionann na fíneálacha iomlána a bailíodh agus thart ar €57.15 milliún – an t-iomlán is airde le cúig bliana anuas. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Comhlíonadh Threoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le modhanna comhréireacha éagsúlaithe miondíola
An 19 Bealtaine 2026, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne fógra chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) go gcomhlíonann BCE na Treoirlínte maidir le modhanna comhréireacha éagsúlaithe miondíola faoi Airteagal 123(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (ÚBE/GL/2026/02), i dtaca le hinstitiúidí creidmheasa suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, Sainítear leis na Treoirlínte seo critéir chun a chinneadh an bhfuil neamhchosaintí miondíola éagsúlaithe a ndóthain chun cáiliú d’ualú riosca fabhrach 75 % faoin gcur chuige caighdeánaithe i leith riosca creidmheasa.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa