- PREASRÁITEAS
Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta
23 Iúil 2026
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cé go bhfuil an t-ionchas maidir le praghsanna fuinnimh an-luaineach, tá sé fós gar don bhonnlíne i réamh-mheastacháin foirne an Eurochórais do mhí an Mheithimh agus i bhfad os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear. Leanann an éiginnteacht de bheith ard agus tá tionchar boilscitheach iomlán an tsuaite fuinnimh a eascraíonn as fós le feiceáil amach anseo. Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an gComhairle Rialaithe ar dhéine agus ar fhad an tsuaite, mar aon le méid na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta a bhaineann leis. Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc 2% atá aici don mheántéarma.
Leis an gcinneadh seo inniu, tá an Chomhairle Rialaithe in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann mar gheall ar an gcoinbhleacht. Leanfaidh sé cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle Rialaithe i dtaobh rátaí úis le bunú ar a measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.
Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Fanfaidh na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach gan athrú ag 2.25%, 2.40% agus 2.65% faoi seach.
An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)
Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.
***
Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.
Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa