Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta

18 Nollaig 2025

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Athdhearbhaítear leis an measúnú nuashonraithe go gcobhsódh an boilsciú ag an sprioc 2% sa mheántéarma.

Taispeántar i réamh-mheastacháin foirne nua an Eurochórais go bhfuil an meánbhoilsciú foriomlán ag 2.1% in 2025, ag 1.9% in 2026, ag 1.8% in 2027 agus ag 2.0% in 2028. Maidir leis an mboilsciú a bheidh ann gan fuinneamh agus bia san áireamh, réamh-mheasann an fhoireann gur 2.4% ar an meán a bheidh ann in 2025, 2.2% in 2026, 1.9% in 2027 agus 2.0% in 2028. Rinneadh coigeartú suas ar an mboilsciú le haghaidh 2026, toisc go measann an fhoireann go dtiocfaidh laghdú níos moille ar an mboilsciú seirbhísí. Meastar go mbeidh an fás eacnamaíoch níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis sna réamh-mheastacháin i mí Mheán Fómhair, arna spreagadh go háirithe ag an éileamh intíre. Rinneadh coigeartú suas ar an bhfás go dtí 1.4% in 2025, 1.2% in 2026 agus 1.4% in 2027 agus meastar go bhfanfaidh sé ag 1.4% in 2028.

Tá rún daingean ag an gComhairle Rialaithe a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma. Leanfaidh sé cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle Rialaithe i dtaobh rátaí úis le bunú ar a measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach gan athrú ag 2.00%, 2.15% agus 2.40% faoi seach.

An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.

Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa