Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Márta 2026
20 Márta 2026
Beartas airgeadaíochta
Comhlíontacht na mbanc ceannais le toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus ar rochtain faoi phribhléid
An 18 Márta 2026, i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina sanntar an cúram don Bhanc Ceannais Eorpach faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht bhainc ceannais an Aontais Eorpaigh leis na toirmisc dá dtagraítear in Airteagail 123 agus 124 de CFAE agus sna rialacháin lena mbaineann, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil chomhlíontachta le haghaidh na bliana 2025. Cuirfear tuilleadh faisnéise faoin ábhar seo ar fáil i gcuid ar leith de Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2025, a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 4 Bealtaine 2026.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Treochlár Appia le haghaidh mhaoiniú téacschomharthaithe na hEorpa
An 11 Márta 2026, tar éis fhormheas na Comhairle Rialaithe, d’fhoilsigh BCE treochlár Appia ina gcuirtear faisnéis chuimsitheach ar fáil faoin tionscnamh, lena n-áirítear a chuspóirí, a amlíne agus a mhodheolaíocht, agus iarrann sé ar pháirtithe leasmhara aiseolas a chur ar fáil agus bealaí a mholadh a bhféadfaidís rannchuidiú go gníomhach leis an tionscnamh seo. Tá preaseisiúint ghaolmhar, mar aon leis an ábhar a bhaineann leis an gcomhairliúchán poiblí chun an t-aiseolas sin a bhailiú, a leanfaidh go dtí an 22 Aibreán 2026, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE. Mar mheabhrúchán, is tionscnamh straitéiseach é Appia chun forbairt éiceachórais airgeadais téacschomharthaithe Eorpaigh a mhúnlú ina bhfuil ról lárnach fós ag airgead bainc ceannais. Tabharfaidh sé le chéile an tEurochóras chomh maith le páirtithe leasmhara san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, agus é mar aidhm aige margaí mórdhíola airgeadais téacschomharthaithe atá comhtháite, nuálach agus athléimneach a chothú san Eoraip.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim BCE maidir le cumhachtaí maoirseachta stuamachta i ndáil le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta
An 26 Feabhra 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/7 ar a tionscnamh féin.
Tuairim BCE maidir le cumhachtaí éigeandála
An 9 Márta 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/8 arna iarraidh sin d’Aireacht Dlí agus Cirt na Fionlainne.
Tuairim BCE maidir le rialachán atá beartaithe a mhéid a bhaineann le simpliú an chreata reachtaigh dhigitigh (Omnibus Digiteach)
An 10 Márta 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/9 arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa. Foilseofar an Tuairim in am trátha ar EUR-Lex.
Tuairim BCE maidir le togra le haghaidh rialachán maidir le cur chun feidhme rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga a shimpliú
An 13 Márta 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/10 ar a tionscnamh féin. Foilseofar an Tuairim in am trátha ar EUR-Lex.
Rialachas corparáideach
Moladh ó BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire)
An 18 Márta 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh ECB/2026/8 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire). Foilseofar an Moladh in am trátha ar EUR-Lex.
Ceapachán comhalta de Choiste Eitice BCE
An 18 Márta 2026, chinn an Chomhairle Rialaithe Věra Jourová, iar-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht, a cheapadh mar chomhalta den Choiste Eitice do théarma tosaigh 3 bliana dar tús an 1 Bealtaine 2026. Tiocfaidh Jourová i gcomharbacht ar Virginia R. Canter. I gcomhréir le rialacha inmheánacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le gníomhaíochtaí iar-shainordaithe, tá imréiteach faighte ag Jourová chun an ról sin a ghlacadh do BCE, dá gcinnfeadh an Chomhairle Rialaithe amhlaidh.
Maoirseacht Baincéireachta BCE
Tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochta maoirseachta 2025
An 3 Márta 2026, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochta maoirseachta 2025 agus d’fhormheas sí a foilsithe agus í a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Grúpa Euro, an Coimisiún Eorpach agus parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach. Foilsíodh an tuarascáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 18 Márta 2026. Chuir Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta an tuarascáil faoi bhráid an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa an lá céanna.
Cinneadh BCE maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2025
An 5 Márta 2026, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2026/7 maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2025.
Comhlíontacht le Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le hanailís ar chásanna comhshaoil
An 6 Márta 2026, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt do ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go bhfuil sé de rún ag BCE na Treoirlínte maidir le hanailís ar chásanna comhshaoil a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2027 (ÚBE/GL/2025/04). Leis na Treoirlínte ÚBE sin comhlánaítear Treoirlínte ÚBE maidir le rioscaí Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais a bhainistiú trí ionchais mhaoirseachta a shonrú maidir leis an gcaoi ar cheart d’institiúidí anailís a dhéanamh ar chásanna comhshaoil.
Pionós riaracháin arna fhorchur ar bhanc amháin sa limistéar euro
An 10 Márta 2026 d’fhógair BCE go raibh pionós riaracháin €2,260,000 forchurtha aige ar Nordea Finance Finland Ltd as a neamhchosaintí is mó a thuairisciú go mícheart agus as teorainn na neamhchosaintí móra a shárú. Tá preaseisiúint ghaolmhar ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa