Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Nótaí bainc amach anseo

Tar éis 20 bliain, tá sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuma atá ar ár gcuid nótaí bainc chun go mbeidh sé éasca ag Eorpaigh de gach aois agus cúlra luí a bheith acu leo.

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Úsáideann na milliúin daoine nótaí bainc euro gach lá. Ach táimid á n-athdhearadh ionas go mbeidh siad níos sláine, níos inbhuanaithe, níos inrochtana agus níos ionchuimsithí, agus ionas go mbeidh dáimh níos mó ag muintir na hEorpa trí chéile leo. Anois is mithid ár mbreithniú a dhéanamh ar ghearrliosta ar a bhfuil deich ndearadh.

Meastar gur ag deireadh 2026 a dhéanfar an cinneadh deiridh maidir leis an gcuma a bheidh ar ár gcéad sraith nótaí bainc eile. Cuirfear tús ansin le forbairt agus táirgeadh na nótaí bainc, cé go mbeidh roinnt blianta ann sula dtiocfaidh na nótaí bainc nua isteach i bpócaí daoine.

Tograí dearaidh

Cuir do thuairim in iúl i dtaobh na nótaí bainc a bheidh ann amach anseo!

Agus deireadh tagtha leis an gcomórtas deartha, iarrtar ar gach duine san Eoraip a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na deich dtogra dearaidh i suirbhé ar líne. Breithneoidh an Chomhairle Rialaithe tuairimí an phobail sula roghnóidh sí an dearadh deiridh do na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo. Meastar go dtarlóidh sé sin thart ar dheireadh na bliana 2026.

Glac páirt sa suirbhé!

Cén fáth ar gá dúinn na nótaí bainc euro a athdhearadh?

Mar thoradh ar na nótaí bainc a athdhearadh, cinntítear go mbeidh siad slán i gcónaí agus go mbeidh siad fós in oiriúint de réir mar a thagann riachtanais agus ionchais nua chun cinn. Thar aon ní eile, tugann sé deis dúinn an méid seo a leanas a dhéanamh:

Léiriú níos fearr a thabhairt ar fhéiniúlacht agus luachanna na hEorpa

Is léiriú inbhraite iad nótaí bainc euro ar fhéiniúlacht, éagsúlacht agus luachanna comhroinnte na hEorpa. Is féidir le móitífeanna a bhfuil dáimh níos mó ag muintir na hEorpa leo an nasc idir an pobal sin agus a n-airgeadra a neartú a thuilleadh.

Fan chun tosaigh ar theicnící góchumtha

Tagann forbairt ar an teicneolaíocht, agus téann nótaí bainc euro in oiriúint don fhorbairt sin. Sa tsraith nua tabharfar isteach gnéithe sofaisticiúla slándála; dá thoradh sin beidh sé níos deacra na nótaí bainc a ghóchumadh agus beidh sé níos fusa ag cách iad a sheiceáil.

Cuimsiú agus inrochtaineacht a fheabhsú

Ní mór do na nótaí bainc euro a bheith so-úsáidte ag cách. Mar thoradh ar an athdhearadh beifear in ann na nótaí bainc a aithint agus a láimhseáil ar bhealach níos éasca; dá chionn sin leanfaidh airgead tirim de bheith ina mhodh íocaíochta a mbeidh teacht ag cách air.

Inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú

Tá BCE airdeallach ar thionchar na nótaí bainc euro ar an gcomhshaol agus tá sé mar aidhm aige an tionchar sin a laghdú de shíor. Is deis í sraith nua nótaí bainc euro chun barr feabhais a chur ar tháirgeadh na nótaí bainc agus feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht comhshaoil.

Téamaí agus móitífeanna

An 30 Samhain 2023 chinn Comhairle Rialaithe BCE bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de phróiseas an athdheartha. Roghnaíodh dhá théama fhéideartha: “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin”. Roghnaíodh na móitífeanna gaolmhara i mí Eanáir 2025.

Féach anseo an Tuarascáil ó Ghrúpa Comhairleach na dTéamaí agus an Tuarascáil ó Ghrúpa Comhairleach na Móitífeanna

Cultúr na hEorpa

Le hoidhreacht shaibhir chultúrtha agus earnálacha cruthaitheacha dinimiciúla na hEorpa, neartaítear ár bhféiniúlacht Eorpach, rud a chruthaíonn muintearas comhroinnte. De thoradh an chultúir cuirtear luachanna, ionchuimsiú agus idirphlé coiteann chun tosaigh san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tugtar daoine le chéile dá bharr.

Aibhneacha agus éin

Ní aithníonn aibhneacha ná éin teorainn ar bith, rud a shiombailíonn an tsaoirse agus an aontacht i measc mhuintir na hEorpa agus an nasc atá againn leis an dúlra. Tá éagsúlacht mhór aibhneacha agus éan san Eoraip a spreagann sinn agus a mheabhraíonn dúinn an fhreagracht atá orainn an comhshaol a chosaint.

Comórtas deartha

Comórtas deartha

In 2025 cuireadh tús le comórtas deartha le haghaidh na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo, agus tugadh cuireadh do dhearthóirí ó gach cearn den Eoraip páirt a ghlacadh ann. Fuarthas breis agus 1,200 iarratas ó dhearthóirí grafacha, agus tugadh cuireadh do 25 díobh sin tograí dearaidh a chur isteach. Chuir giúiré neamhspleách de 21 saineolaí – gach duine acu ainmnithe ag banc ceannais i dtír sa limistéar euro – deich gcinn de na dearaí ar ghearrliosta ansin.

Achoimre feidhmiúcháin ó Ghiúiré an Chomórtais Deartha

Céard a dúirt an pobal go dtí seo?

Chuamar i gcomhairle le pobal na hEorpa faoi dhó cheana féin ó cuireadh tús le próiseas an athdheartha, agus is é suirbhé poiblí an tsamhraidh seo an t-am deiridh a ndéanfar é sin arís. Féach ar na roghanna is ansa leis an bpobal ó cuireadh tús le próiseas an athdheartha.

FÉACH FREISIN

Tuilleadh maidir le nótaí bainc amach anseo

Míniú ar phróiseas an athdheartha

Tuarascáil ó Ghiúiré an Chomórtais Deartha

Tuilleadh eolais uait maidir le hathdhearadh na nótaí bainc?

Ceisteanna Coitianta

Rannpháirtithe agus buaiteoirí an chomórtais deartha

Féach ar an liosta iomlán

Gach leathanach sa rannóg seo