Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Teastaíonn cobhsaíocht ó gach duine

Is cobhsaíocht a bhaint amach an cúram is tábhachtaí atá orainn.

An smaoiníonn tú ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) nuair a cheannaíonn tú earraí grósaera, nuair a bhíonn tú ag sábháil airgid chun ticéad ceolchoirme a cheannach nó nuair a osclaíonn tú cuntas bainc? Is dócha nach smaoiníonn. Agus níl aon ghá duit a bheith. Sa Bhanc Ceannais Eorpach, bímid ag obair duitse sa chúlra, ionas gur féidir leatsa díriú ar na rudaí tábhachtacha i do shaol féin.

Cad a dhéanaimid duitse mar sin? Is é an príomhchúram atá orainn praghsanna a chobhsú sa limistéar euro. Má cheapann tú nach mórán eolais é sin, tá súil againn go dtaispeánfaidh an feachtas faisnéise seo duit a bhfuil i gceist leis i gcleachtas. Go bunúsach, déanaimid níos éasca duitse é a bheith ag pleanáil roimh ré, a bheith ag sábháil agus a bheith ag infheistiú i do thodhchaí.

Léigh tuilleadh faoin gcaoi a mbíonn tionchar ag an obair a dhéanaimid ortsa Féach ar ár leathanach Instagram agus faigh amach tuilleadh

An Banc Ceannais Eorpach a chur in aithne

Is sinne an banc ceannais don 20 tír a úsáideann an euro. Is é an príomhchúram atá orainn praghsanna a chobhsú, rud a chabhraíonn lena chinntiú go gcoinníonn do chuid airgid a luach agus go bhfásann an geilleagar timpeall ort. Sin bealach amháin a chuirimid cobhsaíocht ar fáil. Féach ar an bhfíseán seo chun eolas a fháil faoi na bealaí eile:

Ag cosaint luach do chuid airgid atá tuillte go maith agat

Nuair a íocann tú as caife, is féidir leat a bheith cinnte de go nglacfar le do nóta €10 nó le d’íocaíocht leictreonach. Beidh teacht isteach laethúil úinéir an chaife, d’íocaíocht féin san áireamh, sábháilte i gcuntas bainc sa limistéar euro. Agus nuair a aistríonn an t-úinéir pá chuig a foireann, bogfaidh an t-airgead sin gan stró.

Ar bhreathnaigh tú go grinn riamh ar an airgead i do phóca?

Táimid freagrach freisin as nótaí bainc euro, atá lán de ghnéithe slándála. Ach tá i bhfad níos mó i gceist leis an euro seachas bealach sábháilte le híoc. Mar an t-airgeadra coiteann atá againn, is fusa taisteal, staidéar nó obair a dhéanamh thar lear. Tugann sé le chéile muid agus nascann sé daoine ar fud na hEorpa.

Muintir na hEorpa ag obair ar son na hEorpa — ag obair ar do shonsa!

Is as gach cearn den Eoraip foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus tá mórtas orthu a bheith ag freastal ar an 346 mhilliún Eorpach a úsáideann an euro gach lá. Trí bheith ag obair go dlúth le banc ceannais do thíre, déanaimid ár ndícheall cobhsaíocht airgeadais a chur ar fáil do shaoránaigh na hEorpa — daoine cosúil libhse agus linne.

Ar mhaith leat tuilleadh a fháil amach?

Má tá suim agat tuilleadh eolais a fháil faoinár gcuid oibre agus faoin tionchar a bhíonn aige ar do shaol ó lá go lá, seo roinnt áiteanna maithe le tosú:

Cad a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach agus cad a chiallaíonn an obair sin duitse?

Féachaimis ar dheich mbealach ina dtéann ár gcuid oibre chun tairbhe duit.

Léigh tuilleadh faoinár gcuid oibre
An Banc Ceannais agus an tEurochóras mínithe i dtrí nóiméad

Féach ar an bhfíseán trí nóiméad seo chun léargas ginearálta a fháil ar gach rud a dhéanaimid ar do shon.

Féach ar an bhfíseán
Ar mhaith leat tuilleadh fós a fhoghlaim?

Faigh ár mínitheoirí anseo agus tástáil do chuid eolais le tráth na gceist.

Amharc ar ár n-acmhainní

Gach leathanach sa rannóg seo