Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 07 Márta 2024

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Ónár gcruinniú deiridh i mí Eanáir, tá laghdú breise tagtha ar bhoilsciú. Sna réamh-mheastacháin is déanaí ó fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh, rinneadh boilsciú a leasú síos, go háirithe do 2024 lena léirítear go príomha rannchuidiú níos lú ó phraghsanna fuinnimh. Is é réamh-mheas na foirne anois gur boilsciú 2.3 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2024, 2.0 faoin gcéad ar an meán in 2025 agus 1.9 faoin gcéad ar an meán in 2026. Rinneadh na réamh-mheastacháin do bhoilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh a leasú síos freisin agus is ionann iad agus 2.6 faoin gcéad ar an meán do 2024, 2.1 faoin gcéad do 2025 agus 2.0 faoin gcéad do 2026. Cé go bhfuil an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh laghdaithe tuilleadh, tá brúnna praghsanna intíre fós ard, i bpáirt mar gheall ar an bhfás láidir ar phá. Tá dálaí maoinithe srianta agus tá na harduithe a chuireamar ar rátaí úis roimhe seo fós ag cur isteach ar éileamh, rud atá ag cuidiú le boilsciú a ísliú. Rinne an fhoireann a réamh-mheastachán fáis a leasú síos chuig 0.6 faoin gcéad do 2024, agus meastar go bhfanfaidh gníomhaíocht eacnamaíoch lag sa ghearrthéarma. Ina dhiaidh sin, tá an fhoireann ag súil go dtéarnóidh an geilleagar agus go méadóidh sé ag 1.5 faoin gcéad in 2025 agus 1.6 faoin gcéad in 2026, le tacaíocht ó thomhaltas ar dtús agus níos déanaí ó infheistíocht.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Bunaithe ar ár measúnú reatha, measaimid go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil anois, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí an sprioc. Áiritheoidh ár gcinntí amach anseo go socrófar ár rátaí beartais ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá.

Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh ár gcinntí faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreaseisiúint atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tá an geilleagar fós lag. Lean daoine orthu ag laghdú a gcaiteachas, tháinig maolú ar infheistíocht agus rinne gnólachtaí níos lú onnmhairí, rud a léirigh laghdú ar éileamh eachtrach agus roinnt caillteanas in iomaíochas. Mar sin féin, tugann suirbhéanna le fios go dtéarnóidh an geilleagar de réir a chéile le linn na bliana seo. De réir mar a laghdóidh boilsciú agus mar a mhéadóidh pá, téarnóidh fíorioncaim, rud a thacóidh le fás. Ina theannta sin, rachaidh tionchar maolaithe na méaduithe ar an ráta úis a bhí ann roimhe seo i léig de réir a chéile agus ba cheart go dtiocfadh méadú ar an éileamh ar onnmhairí an limistéir euro.

Tá an ráta dífhostaíochta ag an leibhéal is ísle ó tugadh isteach an euro. Tháinig méadú 0.3 faoin gcéad ar an ráta fostaíochta sa ráithe dheiridh de 2023, chun tosaigh ar ghníomhaíocht eacnamaíoch arís. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú breise ar aschur in aghaidh an duine. Idir an dá linn, tá níos lú folúntas poist á bhfógairt ag fostóirí, agus tá níos lú gnólachtaí ag tuairisciú go bhfuil a dtáirgeadh á theorannú ag ganntanas lucht saothair.

Ba cheart do rialtais leanúint de bhearta tacaíochta a bhaineann le fuinneamh a laghdú ionas go rachaidh an próiseas frithbhoilscithe ar aghaidh ar bhealach inbhuanaithe. Ba cheart beartais fhioscacha agus struchtúrtha a neartú chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos bisiúla agus níos iomaíche, chun acmhainneacht soláthair a mhéadú agus chun cóimheasa arda fiachais phoiblí a thabhairt anuas de réir a chéile. Le cur chun feidhme níos tapúla an chláir Next Generation EU agus le hiarrachtaí níos diongbháilte chun deireadh a chur le bacainní náisiúnta ar mhargaí baincéireachta agus caipitil atá níos doimhne agus níos comhtháite, is féidir cuidiú le hinfheistíocht a mhéadú san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus le brúnna praghsanna a laghdú sa mheántéarma. Ba cheart rialachas eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme gan mhoill.

Boilsciú

D’ísligh boilsciú chuig 2.8 faoin gcéad i mí Eanáir agus, de réir thobmheastachán Eurostat, laghdaigh sé tuilleadh chuig 2.6 faoin gcéad i mí Feabhra. Tháinig laghdú ar bhoilsciú phraghsanna bia arís, chuig 5.6 faoin gcéad i mí Eanáir agus 4.0 faoin gcéad i mí Feabhra, agus leanadh den laghdú ar phraghsanna fuinnimh sa dá mhí i gcomparáid le bliain ó shin ach ag ráta níos ísle ná mar a bhí ann i mí na Nollag. Tháinig laghdú breise ar bhoilsciú phraghsanna earraí freisin, chuig 2.0 faoin gcéad i mí Eanáir agus 1.6 faoin gcéad i mí Feabhra. D’ísligh boilsciú seirbhísí go dtí 3.9 faoin gcéad i mí Feabhra, tar éis dó fanacht ag 4.0 faoin gcéad ar feadh trí mhí as a chéile.

Tháinig laghdú breise ar an gcuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh i mí Eanáir de réir mar a lean an tionchar ar thurraingí soláthair roimhe seo ag dul i léig agus chuir beartas airgeadaíochta teann isteach ar éileamh. É sin ráite, tá brúnna praghsanna intíre fós ardaithe, i bpáirt mar gheall ar an bhfás láidir ar phá agus táirgiúlacht saothair atá ag laghdú. Ag an am céanna, tá comharthaí ann go bhfuil meath ag tosú ag teacht ar an méadú ar phá. Ina theannta sin, tá brabúis ag ionsú cuid de na costais saothair atá ag ardú, rud a laghdaíonn na héifeachtaí boilscitheacha.

Táthar ag súil go leanfaidh boilsciú den treocht anuas seo sna míonna amach romhainn. Ina theannta sin, táthar ag súil go laghdóidh sé chuig ár sprioc de réir mar a mhaolóidh costais saothair agus éifeachtaí an tsuaitheadh praghsanna fuinnimh san am atá caite, scrogaill soláthair agus athoscailt an gheilleagair tar éis na paindéime. Tá na tomhais ar ionchais maidir le boilsciú níos fadtéarmaí cobhsaí ar an mórgóir fós, agus iad thart ar 2 faoin gcéad den chuid is mó.

Measúnú riosca

Tá na rioscaí don fhás eacnamaíoch fós tiontaithe i dtreo an taoibh thíos. D’fhéadfadh an fás a bheith níos ísle má bhíonn éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis. Chuirfeadh geilleagar domhanda níos laige nó moilliú breise ar thrádáil dhomhanda béim ar fhás an limistéir euro freisin. Is príomhfhoinsí riosca geopholaitiúla iad cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choimhlint thragóideach sa Mheánoirthear. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an oiread muiníne ag gnólachtaí ná ag teaghlaigh as an todhchaí dá bharr agus an méid sin ag cur isteach ar thrádáil dhomhanda. D’fhéadfadh fás a bheith níos airde má thagann laghdú níos tapúla ná mar a bhíothas ag súil leis ar bhoilsciú agus má fhágann fíor-ioncaim atá ag ardú go dtiocfaidh méadú níos mó ar chaiteachas ná mar a ceapadh, nó má fhásann geilleagar an domhain níos láidre ná mar a ceapadh.

I measc na rioscaí ar an taobh thuas do bhoilsciú tá an teannas geopholaitíochta méadaithe, go háirithe sa Mheánoirthear, a d’fhéadfadh praghsanna fuinnimh agus costais lastais a ardú sa ghearrthéarma agus a d’fhéadfadh cur isteach ar thrádáil dhomhanda. D’fhéadfadh boilsciú éirí níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis dá dtiocfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis ar phá nó dá léireofaí go bhfuil corrlaigh bhrabúis níos láidre. I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfadh boilsciú iontas a chruthú agus é íslithe má dhéanann beartas airgeadaíochta an t-éileamh a mhaolú níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis, nó má théann an timpeallacht eacnamaíoch sa chuid eile den domhan in olcas gan choinne.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá ardú tagtha ar rátaí úis an mhargaidh ó bhí cruinniú againn i mí Eanáir agus tá dálaí airgeadais níos leithne srianta fós ag ár mbeartas airgeadaíochta. Tá rátaí iasachtaithe ar iasachtaí do bhainc cobhsaithe den mhórchuid, agus tháinig laghdú ar rátaí morgáiste i mí na Nollag agus i mí Eanáir. Mar sin féin, tá rátaí iasachtaithe ardaithe go fóill, ag 5.2 faoin gcéad i gcás iasachtaí gnó agus 3.9 faoin gcéad i gcás morgáistí.

D’éirigh iasachtú bainc do ghnólachtaí dearfach i mí na Nollag, ag méadú ag ráta bliantúil 0.5 faoin gcéad. Ach, i mí Eanáir, d’ísligh sé, chuig 0.2 faoin gcéad, mar gheall ar shreabhadh diúltach an mhí sin. Leanadh den lagú ar an bhfás ar iasachtaí do theaghlaigh, ag ísliú chuig 0.3 faoin gcéad ar bhonn bliantúil i mí Eanáir. D’fhás airgead leathan – arna thomhas ag M3 – ag ráta níos laige 0.1 faoin gcéad.

Conclúid

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Bunaithe ar ár measúnú reatha, measaimid go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil anois, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí an sprioc. Áiritheoidh ár gcinntí amach anseo go socrófar ár rátaí beartais ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa