Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Deireadh Fómhair 2025
An 31 Deireadh Fómhair 2025
Oibríochtaí margaidh
Cinneadh BCE lena gcuirtear chun feidhme an creat eatramhach um an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí do shealúchais i mbannaí corparáideacha faoin gclár ceannaigh sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)
An 1 Deireadh Fómhair 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2025/30 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2016/948 maidir le cur chun feidhme chlár cheannaigh na hearnála corparáidí (BCE/2016/16). Leis an gCinneadh, déantar an creat eatramhach um an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí do shealúchais i mbannaí corparáideacha APP agus PEPP a chur chun feidhme ó thaobh dlí. Chuir BCE faisnéis níos mionsonraithe ar fáil ina thuarascáil ó mhí Meithimh 2025 dar teideal “Nochtaí airgeadais an Eurochórais a bhaineann leis an aeráid: sócmhainní a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta agus sócmhainní cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh”.
Cinneadh BCE maidir le forálacha idirthréimhseacha chun ceanglais íosta cúlchiste a chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach tar éis an euro a thabhairt isteach sa Bhulgáir
An 13 Deireadh Fómhair 2025, d’fhógair BCE glacadh Chinneadh BCE/2025/33 maidir le forálacha idirthréimhseacha chun ceanglais íosta cúlchiste a chur i bhfeidhm ag BCE tar éis an euro a thabhairt isteach sa Bhulgáir. Amhail an 1 Eanáir 2026, beidh institiúidí creidmheasa agus brainsí institiúidí creidmheasa atá lonnaithe sa Bhulgáir faoi réir cheanglais an Eurochórais maidir le cúlchistí íosta. I bhfianaise go maireann an gnáth-thréimhse cothabhála cúlchistí ón 23 Nollaig 2025 go dtí an 10 Feabhra 2026, tá forálacha idirthréimhseacha riachtanacha chun a áirithiú go gcomhtháthaítear na hinstitiúidí creidmheasa ábhartha go rianúil i gcóras cúlchiste íosta an Eurochórais gan ualach díréireach a chur orthu. I gcomhréir le cleachtas roimhe seo i dtaobh tíortha a bheith ag glacadh an euro, déantar foráil leis an gCinneadh maidir le hidirthréimhse cothabhála i dtaca le ceanglas maidir le cúlchistí íosta a fhorchur ar institiúidí creidmheasa atá lonnaithe sa Bhulgáir ón 1 Eanáir go dtí an 10 Feabhra 2026. Tá preaseisiúint ghaolmhar ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Céim taiscéalaíochta maidir le hidirnasc féideartha idir seirbhís Socraíochta Íocaíochta Meandraí TARGET de chuid an Eurochórais (TIPS) agus córas Íocaíochtaí Meandracha d'Imréiteach Idirbhainc na hEilvéise (SIC IP)
An 26 Meán Fómhair 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe tús taiscéalaíochta maidir le bunú féideartha naisc dhéthaobhaigh idir seirbhís TIPS de chuid an Eurochórais agus an córas SIC IP. Tabharfar faoin gcéim taiscéalaíochta, a mbeidh measúnú ar indéantacht theicniúil, dhlíthiúil agus eacnamaíoch an tionscadail mar chuid di, i gcomhar le Banc Ceannais na hEilvéise agus cuirfear ar siúl í i rith 2026. Tá faisnéis níos mionsonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Nuashonruithe 2025 ar na comhaontuithe T2S
An 2 Deireadh Fómhair 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe nuashonruithe teicniúla ar an ndoiciméadacht dhlíthiúil a bhaineann le T2S, lena n-áirítear Creat-Chomhaontú TS2 agus Comhaontú Rannpháirtíochta Airgeadra TS2. Tagann na nuashonruithe sin sna sála ar mheasúnú ón mBord um Bonneagar Margaidh, a dhéanann meastóireacht, ar bhonn bliantúil, ar an ngá atá le nuashonruithe ar ghníomhartha dlí a bhaineann le TARGET. Meastar leasuithe na bliana seo go léir a bheith neamhábhartha agus de chineál teicniúil nó oibríochtúil den chuid is mó. Nuair a bheidh an próiseas sínithe curtha i gcrích, foilseofar Creat-Chomhaontú TS2 agus Comhaontú Rannpháirtíochta Airgeadra TS2 ar shuíomh gréasáin BCE.
Meabhrán Tuisceana maidir le comhroinnt faisnéise mar thaca le rochtain soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc ar chórais íocaíochta a oibríonn bainc cheannais
An 17 Deireadh Fómhair 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe, le sochar barúlacha ón gComhairle Ghinearálta, Meabhrán Tuisceana lena n-oibríochtaítear an creat um chomhar agus um an gcomhroinnt faisnéise idir údaráis maoirseachta náisiúnta agus bainc cheannais náisiúnta mar thaca le rochtain soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc ar chórais íocaíochta a oibríonn bainc cheannais. Leis an Meabhrán Tuisceana, tacófar le bainc cheannais náisiúnta ina measúnú ar chomhlíontacht soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc le ceanglais maidir le rochtain a dheonú ar chórais íocaíochta a oibríonn bainc cheannais, lena n-áirítear ceanglais ábhartha a leagtar amach i Rialachán na nÍocaíochtaí Meandracha agus i dTreoir (AE) 2015/2366 nach mór d’institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid (soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc in éineacht) a chomhlíonadh sula ndéanann siad rannpháirtíocht i gcórais íocaíochta arna n-ainmniú leis an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta a iarraidh. Foilseofar an Meabhrán Tuisceana, a ndéanfar athbhreithniú air bliain amháin i ndiaidh a shínithe, nó níos luaithe ná sin más gá, in am trátha ar shuíomh gréasáin BCE agus ar shuíomh gréasáin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh.
An chéad chéim eile de thionscadal an euro dhigitigh
An 29 Deireadh Fómhair 2025, thug an Chomhairle Rialaithe cur i gcrích rathúil chéim ullmhúcháin an euro dhigitigh dá haire, ar céim í a sheol an Eurochóras i mí na Samhna 2023, agus shocraigh sí bogadh ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den tionscadal. Is é is aidhm don chéim nua, a gcuirfear tús léi an 1 Samhain 2025, an Eurochóras a dhéanamh réidh do chéad eisiúint fhéideartha an euro dhigitigh le linn 2029. Bunaítear é sin ar an toimhde go nglacfaidh comhreachtóirí Eorpacha an Rialachán maidir le bunú an euro dhigitigh in 2026. Cuirtear faisnéis níos mionsonraithe ar fáil i bpreaseisiúint ghaolmhar ar shuíomh gréasáin BCE.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim BCE maidir le glacadh éigeantach íocaíochtaí gan airgead tirim ag díoltóirí
An 26 Meán Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/30 ar iarratas ó Aire Airgeadais Phoblacht na Slóvaice.
Tuairim BCE maidir le bearta macrastuamachta náisiúnta a bhaineann le hiasachtú morgáiste
An 6 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/31 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na Fionlainne.
Tuairim BCE maidir le neamhspleáchas maoirseachta Národná banka Slovenska agus coinbhleachtaí leasa a chosc
An 20 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/32 ar iarratas ó Aire Airgeadais Phoblacht na Slóvaice.
Rialachas corparáideach
Moladh BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Suomen Pankki
An 7 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/35 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Suomen Pankki.
Staidrimh
Treoirlíne BCE lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/833 maidir le faisnéis staidrimh atá le tuairisciú ar shonraí baincéireachta comhdhlúite (BCE/2021/14)
An 2 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne BCE/2025/34 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/833 maidir le faisnéis staidrimh atá le tuairisciú ar shonraí baincéireachta comhdhlúite (BCE/2021/14). Tá na leasuithe beartaithe go príomha chun ailíniú a dhéanamh idir staidrimh sonraí baincéireachta comhdhlúite agus creat tuairiscithe 4.0 an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh lenar nuashonraíodh na ceanglais tuairiscithe do bhainc chun Rialachán (AE) 2024/1623 (dá ngairtear CRR3 go coitianta) a chomhlíonadh. Foilseofar an Treoirlíne leasaitheach in am trátha ar EUR-Lex.
Comhar idirnáisiúnta agus Eorpach
Athbhreithniú ar shocruithe oibre Theach an Euro tar éis dhá bhliain de bheith i mbun oibríochta
An 16 Deireadh Fómhair 2025, thug an Chomhairle Rialaithe toradh athbhreithnithe ar bhunú agus ar shocruithe oibre Theach an Euro tar éis dhá bhliain de bheith i mbun oibríochta dá haire, go háirithe nach raibh gá le haon athrú ar na socruithe reatha. Osclaíodh Teach an Euro go hoifigiúil sa Bhruiséil i mí na Samhna 2023 agus tá cáil cruthaithe aige féin faoin am seo mar léiriú bríomhar ar an Eurochóras sa Bhruiséil, le thart ar 50 imeacht, inter alia, eagraithe agus curtha i láthair ar an áitreabh, ag a raibh lucht freastail cláraithe de thart ar 4,000 duine. Le Teach an Euro, tugtar le chéile bainc cheannais de chuid an Eurochórais a bhfuil spéis acu – i láthair na huaire is iad sin BCE, an Banca d’Italia, an Banco de España, an Banque de France, Banka Slovenije, Banc Ceannais na hÉireann, Banc Ceannais Mhálta agus an Deutsche Bundesbank – faoi láithreacht aontaithe sa Bhruiséil.
Nótaí bainc
Cinneadh BCE lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/14 maidir le barántúlacht agus oiriúnacht nótaí bainc euro a sheiceáil agus a chur ar ais i gcúrsaíocht
An 16 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2025/36 lena leasaítear Cinneadh BCE/2020/14 maidir le barántúlacht agus oiriúnacht nótaí bainc euro a sheiceáil agus a chur ar ais i gcúrsaíocht. Leis an gCinneadh leasaitheach, tugtar isteach athruithe atá dírithe ar an éifeachtúlacht a bhaineann le hairgead tirim a chur ar ais i gcúrsaíocht agus ar shoiléireacht an Chinnidh a fheabhsú.
Maoirseacht Baincéireachta BCE
Meabhrán Tuisceana idir BCE agus an Banco Central de la República Argentina agus idir BCE agus Coimisiún Seirbhísí Airgeadais/Seirbhís Maoirseachta Airgeadais Phoblacht na Cóiré
An 29 Meán Fómhair 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun Meabhrán Tuisceana idir BCE agus an Banco Central de la República Argentina agus Meabhrán Tuisceana idir BCE agus Coimisiún Seirbhísí Airgeadais/Seirbhís Maoirseachta Airgeadais Phoblacht na Cóiré a fhormheas. I gcomhréir leis an gcleachtas caighdeánach, foilseofar an Meabhrán Tuisceana, a luaithe a shíneoidh na páirtithe uile é, ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Liosta d’institiúidí ardtionchair nach bhfuil chomh suntasach céanna do 2026
An 2 Deireadh Fómhair 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun liosta d’institiúidí ardtionchair nach bhfuil chomh suntasach céanna do 2026 a fhoilsiú. Tá baint ag an ainmniú ‘ardtionchair’, atá bunaithe ar chritéir a cheaptar chun an ‘tionchar féideartha ar an gcóras airgeadais intíre’ a bhaineann le gach institiúid nach bhfuil chomh suntasach céanna a chur san áireamh, mar a leagtar síos in Airteagal 97(1) de Chreat-Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair, le líon ceanglas ex ante chun fógra a thabhairt agus imrítear tionchar leis ar mhinicíocht agus ar dhéine gníomhaíochtaí maoirseachta amhail cigireachtaí ar an láthair. Léireofar na heintitis a ainmnítear mar institiúidí ardtionchair nach bhfuil chomh suntasach céanna i liosta na n-eintiteas faoi mhaoirsiú, a ndéantar nuashonrú air go rialta agus atá ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Modheolaíocht Athbhreithnithe an Phróisis Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht caipitil
An 15 Deireadh Fómhair 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun modheolaíocht athbhreithnithe SREP chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht caipitil a fhoilsiú. Leis an modheolaíocht athbhreithnithe, cuirtear faisnéis ar fáil faoi struchtúr nua Eilimint 3 (leordhóthanacht caipitil), faoi phríomhghnéithe measúnaithe an mheasúnaithe chainníochtúil ar leordhóthanacht caipitil agus faoi phirimid an phróisis nua measúnaithe inmheánaigh ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP), arb é atá ann ceithre mhodúl atá faoi réir cur chuige ilbhliantúil. Cuireadh feabhas ar an modheolaíocht chun tuilleadh trédhearcachta a chur ar fáil i dtaobh an bhealaigh a dhéanann Comhfhoirne Maoirseachta an measúnú ar Eilimint 3 (leordhóthanacht caipitil). Tá an foilsiú sceidealta don 18 Samhain 2025 ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Comhlíonadh Threoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le neamhchosaintí maidir le héadáil, forbairt agus tógáil ar réadmhaoin chónaithe faoi Airteagal 126a den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR)
An 20 Deireadh Fómhair 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go gcuirfí fógra chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann BCE na treoirlínte maidir le neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe faoi Airteagail 125a de Rialachán (AE) 575/2013 (ÚBE/GL/2025/03) cheana féin. Sna Treoirlínte seo ó ÚBE, sonraítear na critéir in Airteagal 126a(2) den CRR le haghaidh an t-ualú priacail do neamhchosaintí maidir le héadáil, forbairt agus tógáil a laghdú ó 150% go 100%.
Torthaí SREP do 2025
An 28 Deireadh Fómhair 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go ndéanfaí torthaí a SREP do 2025 a fhoilsiú. Foilseofar preasráiteas agus an tuarascáil ghaolmhar ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE Dé Máirt, an 18 Samhain 2025.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa