Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cén chaoi a bhfuil ár gcuid sealúchas bannaí corparáide á ndícharbónú againn?

19 Meán Fómhair 2022 (nuashonraithe an 1 Deireadh Fómhair 2022)

Tá an ghéarchéim aeráide ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn. Cruthaíonn sé rioscaí tromchúiseacha sa gheilleagar agus cuireann sé isteach ar ghnóthú an phríomh‑shainordaithe atá againn mar bhanc ceannais, is é sin an chobhsaíocht praghsanna. Is é sin a chúis a bhfuilimid tiomanta do pháirt a ghlacadh sa chomrac i gcoinne an athraithe aeráide, de réir ár sainordaithe.

Tá tionchar ag an athrú aeráide ar ár gcuid oibre i mbealaí éagsúla, agus tá tionchar na rioscaí athraithe aeráide ar ár sócmhainní ar cheann acu sin. Sin réimse ina bhfuilimidne ag gníomhú: tá ár gcuid sealúchas bannaí corparáide á ndícharbónú againn d’fhonn chun na bannaí sin a ailiíniú le cupsóir 1.5 chéim a socraíodh i gComhaontú Pháras. Chuige sin, táimid ag féachaint ar an gcaoi a bhfuil na cuideachtaí a eisíonn bannaí — a dtugtar “eisitheoirí” orthu — ag obair chun a dtionchar aeráide a mhaolú. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 i leith, tá níos mó bannaí á gceannach againn ó eisitheoirí a bhfuil níos mó oibre á dhéanamh acu chuige sin.

Cén bannaí corparáide a cheannaíomar san am atá caite?

Mar chuid dár mbeartas airgeadaíochta, ceannaímid bannaí corparáide bunaithe de réir tagarmhairc. Tugann an tagarmharc treoir dúinn maidir leis an méid bannaí a cheannaímid ó earnáil nó ó chuideachta ar leith. Roimhe seo, bhí an tagarmharc sin ag teacht leis na bannaí a bhí ar fáil sa mhargadh. D’fhág sé sin gur mó a cheannaíomar ó chuideachtaí a d’eisigh mórán bannaí.

Céard iad na rioscaí aeráide a bhaineann lenár sealúchais bannaí corparáide?

De ghnáth, nuair a cheannaímid banna, glacaimid leis an riosca go bhféadfadh an banna sin a luach a chailliúint le himeacht ama. Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na cúiseanna atá leis an riosca sin: nuair a bhíonn eachtraí adhaimsire ann amhail tuilteacha nó tinte fiáine, féadfaidh sé sin dochar a dhéanamh d’áitribh cuideachtaí nó d’áitribh custaiméirí, do thrádstórais nó do lárionaid sonraí. Glaoitear “riosca fisiciúil” air sin.

Is féidir le cuideachtaí deacrachtaí a bheith acu de dheasca “rioscaí aistrithe”— is iad sin na rioscaí a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar níos glaise. Mar shampla, d’fhéadfadh tomhaltóirí tosú ag ceannach táirgí malartacha, nó d’fhéadfadh earraí agus seirbhísí éirí ní ba chostasaí de réir mar a ghearrann rialtais cánacha carbóin. Ag pointe éigin amach anseo, d’fhéadfadh reachtóirí cosc a chur ar tháirgí áirithe ar mór a lorg carbóin. Ar láimh amháin, d’fhéadfadh nuálaíocht theicniúil dul chun tairbhe do chuideachtaí áirithe, ach beidh sé deacair do chuideachtaí eile fanacht ar comhchéim leo.

D’fhéadfadh na hathruithe sin go léir dul i bhfeidhm go mór ar ghnólachtaí a thairgeann méid mór carbóin, amhail táirgeoirí fuinnimh nó cuideachtaí iompair a bhíonn ag brath ar bhreoslaí iontaise, mura gcuirtear an chuideachta in oiriúinti do na hathruithe sin in am. Agus má bhíonn deacrachtaí airgeadais acu dá dheasca, beidh tionchar aige sin ar luach a gcuid bannaí.

Cén fáth a bhfuil tábhacht leis na rioscaí fisiciúla agus aistrithe sin don Bhanc Ceannais Eorpach agus do bhainc cheannais náisiúnta na dtíortha atá sa limistéar euro? Tá bannaí ag an Eurochóras de chuid mórán cuideachtaí agus earnálacha éagsúla, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh na rioscaí sin tionchar a imirt orainn. Tá sé mar aidhm againn an neamhchosaint sin a laghdú agus ar bpunann a dhícarbónú.

Tagann ár mbearta freisin le haistriú glas an gheilleagair i gcomhréir le cuspóirí an Aontais maidir leis an neodracht aeráide.

Cén chaoi a bhfuilimid ag glasú ár gcuid ceannachán?

Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 i leith, táimid ag cur ár gceannachán i dtreo cuideachtaí ar fearr a bhfeidhmíocht aeráide. Fágann sé sin go bhfuil méadú ag teacht ar chion na gcuideachtaí inár bpunann a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu i gcomparáid leo sin ar measa a bhfeidhmíocht aeráide. Mar thoradh air sin, tá déine charbóin ár bpunainne á laghdú de réir a chéile.

Leanfaimid orainn ag ceannach bannaí ó chuideachtaí in earnálacha éagsúla. Beidh sainchuspóir na cobhsaíochta airgeadais fós mar threoir aonair dúinn agus sinn ag socrú mhéid iomlán ár gceannachán. Mar sin féin, éireoidh sé níos deacra do chuideachtaí maoiniú a fháil mura dtéann siad i ngleic lena bhfeidhmíocht aeráide.

Is í an mhórsprioc atá againn ár bpunann bannaí a chur ar chonair atá ailínithe le spriocanna Chomhaontú Pháras.

Léigh an preasráiteas seo agus na Ceisteanna Coitianta chun tuilleadh sonraí a fháil.

Cén chaoi a n-oibríonn sé i gcleachtas?

Ríomhaimid scóráil aeráide chun feidhmíocht aeráide na n‑eisitheoirí a mheas. Bunaítear an scóráil sin ar thrí chritéar:

Astaíochtaí siarbhreathnaitheacha

Seiceálaimid lorg carbóin cuideachtaí. Déanaimid measúnú freisin ar an gcaoi a n-éiríonn leo i gcomparáid le cuideachtaí eile ina n-earnáil féin agus leis na heisitheoirí bannaí atá mar chuid dár gcláir cheannaigh chorparáideacha. Is fearr an marc a thugaimid d’eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht níos fearr acu sa dá réimse sin.

Spriocanna réamhbhreathnaitheacha

Breathnaímid ar na cuspóirí atá leagtha amach ag cuideachtaí chun a gcuid astaíochtaí a laghdú sa todhchaí. Faigheann eisitheoirí a bhfuil spriocanna níos uaillmhianaí acu marc níos airde.

Nochtuithe aeráide

Breathnaímid ar thrédhearcacht na gcuideachta i leith a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is fearr an scór a fhaigheann cuideachtaí a fhoilsíonn sonraí ar ardchaighdeán.

Cén chaoi a gcabhraíonn sé sin linn dul i ngleic leis an athrú aeráide?

Le treorú na gceannachán, laghdaímid a neamhchosanta atáimid féin ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide. Ag an am céanna, tugtar spreagadh do chuideachtaí sna hearnálacha uile a bheith níos trédhearcaí maidir lena rioscaí aeráide agus a lorg carbóin féin, agus a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Sin ceann de na bealaí a gcuirimid leis an aistriú glas agus le cuspóirí an Aontais maidir le neodracht carbóin.

Mar sin féin, is léir freisin nach féidir linn an obair sin a dhéanamh linn féin. Ní mór do chuideachtaí a ngealltanais a chomhlíonadh chun a n-astaíochtaí a laghdú. Ar ndóigh, is ar rialtais agus ar pharlaimintí atá an phríomhfhreagracht dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is acusan atá na huirlisí is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an mórdúshlán seo. Mar bhanc ceannais an limistéir euro, déanfaimid ár gcion fresin, i gcomhréir lenár sainordú.