Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Márta 2026

Cad a chinneamar?

Ní dhearna muid athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis

Agus an boilsciú gar dár sprioc 2%, táimid i riocht maith chun déileáil leis an éiginnteacht a chruthaigh an cogadh sa Mheánoirthear.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

Tá an cogadh sa Mheánoirthear ag ardú boilsciú agus ag maolú fás

Tháinig ardú suntasach ar phraghsanna fuinnimh agus má leanann an cogadh ar aghaidh le fada, tá an baol ann go gcuirfidh sé le praghsanna eile freisin. In éineacht leis an staid an-éiginnte, is dócha go gcuirfidh sin moill ar an ngeilleagar.

Níor tháinig meath ar an ngeilleagar go dtí seo

Sular cuireadh tús leis an gcogadh, bhí daoine ag caitheamh tuilleadh airgid agus a n-ioncaim ag ardú. Bhí níos mó teaghaisí nua á dtógáil, agus cuideachtaí ag déanamh níos mó infheistíochta sa teicneolaíocht is déanaí. Bhí seirbhísí ach go háirithe, ag tacú le fás.

Tá an boilsciú gar do 2% le bliain anuas

Níl pá ag dul suas chomh mór céanna. Ach déanfaidh praghsanna fuinnimh níos airde mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear an boilsciú a ardú os cionn ár sprice 2% sa ghearrthéarma.

Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?

Measaimid go dtiocfaidh fás níos moille ar an ngeilleagar sa ghearrthéarma ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo

Réamh-mheastacháin d’fhorás an limistéir euro in 2026 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mhárta 2026)

Measaimid go mbogfaidh an boilsciú os cionn ár sprice 2% sular bhfillfidh sé arís

Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro sa bhliain 2026 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mhárta 2026)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?