Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartas airgeadaíochta - Meitheamh 2026
Cad a chinneamar?
Ardaíomar ár n-eochair-ráta úis 0.25 pointe céatadáin
Rinneamar seo toisc go bhfuil an cogadh sa Mheánoirthear ag ardú praghsanna. Ba mhaith linn go mbeidh an boilsciú cobhsaí ag 2% sa mheántéarma. Leis an gcinneadh seo, táimid in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann mar gheall ar an gcogadh.
Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?
Tá an cogadh sa Mheánoirthear ag cur isteach ar an ngeilleagar…
Tá praghsanna fuinnimh níos airde ag déanamh dochar d’ioncam daoine. Tá siad buartha faoin todhchaí agus cúramach lena n-airgead. Níl gnólachtaí chomh muiníneach céanna chomh maith agus iad ag infheistiú níos lú.
… ach tháinig fás ar an ngeilleagar fós
Tá gnólachtaí ag cur lena bhfardail chun déileáil le moilleanna seachadta a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá siad ag infheistiú tuilleadh i dteicneolaíochtaí digiteacha. Cruthaíodh poist bhreise, ach ag ráta níos moille ná mar a bhí cheana. Ar an iomlán, tá an geilleagar ag moilliú, san earnáil seirbhísí ach go háirithe.
Tá an boilsciú níos airde mar gheall ar an gcogadh
Tá fuinneamh i bhfad níos costasaí. Bhí costais níos airde á íoc ag gnólachtaí agus tá siad anois ag cur iad ar aghaidh. Ardóidh sin praghsanna bia, earraí agus seirbhísí. Tiocfaidh méadú tuilleadh ar an mboilsciú le linn an tsamhraidh agus beidh sé i bhfad os cionn na sprice 2% atá againn go dtí an bhliain seo chugainn.
Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?
Measaimid go dtiocfaidh fás níos moille ar an ngeilleagar sa bhliain seo sula dtiocfaidh téarnamh air
Réamh-mheastacháin d’fhorás an limistéir euro in 2026 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mheithimh 2026)
Measaimid go mbeidh an boilsciú i bhfad os cionn ár sprice sa bhliain seo sular bhfillfidh sé ar ais de réir a chéile
Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro in 2026 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mheithimh 2026)
Féach ar na mionsonraí
Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta
Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.
PreaseisiúintRáiteas maidir leis an mbeartas airgeadaíochta
Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.
Ráiteas maidir leis an mbeartas airgeadaíochta