Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Ghlac beagnach deich milliún duine páirt i suirbhé BCE ar nótaí bainc nua euro

23 Meán Fómhair 2026

  • Christine Lagarde, Uachtarán BCE: Léiríonn an rannpháirtíocht sa suirbhé an spéis atá ag muintir na hEorpa sna nótaí bainc nua
  • Rannpháirtíocht láidir i dtíortha uile an limistéir euro agus i ngach aoisghrúpa
  • Cuirfear torthaí an tsuirbhé san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ag an gComhairle Rialaithe maidir leis ang coincheap dearaidh deiridh

Ghlac 9.96 milliún duine san iomlán thart timpeall na hEorpa agus níos faide i gcéin páirt i suirbhé poiblí BCE chun a gcuid tuairimí a chur in iúl i dtaobh an dearaidh atá le bheith ar na nótaí bainc euro amach anseo.

“Is léiriú é an figiúr iontach seo ar an spéis ollmhór atá ag muintir na hEorpa sna nótaí bainc a bheidh acu amach anseo,” a dúirt an tUachtarán Christine Lagarde. “De bharr a gcuid rannpháirtíochta i bpróiseas an athdheartha, tá céim thábhachtach glactha againn san ullmhúchán don chéad sraith eile nótaí bainc.”

Ghlac 2.6% de dhaonra an limistéir euro páirt sa suirbhé; bhí spéis mhór ann i measc gach aoisghrúpa, lena n-áirítear na glúnta óga, agus tháinig dhá thrian de na freagraí ó dhaoine faoi bhun 35 bliana d’aois. Le go mbeidh torthaí an tsuirbhé ina léiriú cruinn ar dhaonra an limistéir euro, déanfar anailís ar na sonraí trí úsáid a bhaint as modhanna caighdeánacha staidrimh.

Bhí an suirbhé ar siúl ón 23 Iúil go dtí an 21 Meán Fómhair 2026. Iarradh tuairimí ón bpobal i dtaobh deich gcinn de thograí dearaidh a gearrlíostaíodh, bunaithe ar na téamaí “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin”. Tá bailchríoch á cur faoi láthair ar shuirbhé eile a reáchtáil gnólacht neamhspleách taighde. Táthar ag díriú sa suirbhé sin ar shampla ionadaíoch daoine sa limistéar euro agus tá na ceisteanna céanna á n-úsáid ann.

Déanfar torthaí an dá shuirbhé, mar aon le moltaí Ghiúiré Neamhspleách an Chomórtais Deartha agus torthaí ó mheasúnú teicniúil, a chur san áireamh sa chinneadh a dhéanfaidh Comhairle Rialaithe BCE maidir leis an gcoincheap dearaidh deiridh do na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo; meastar go ndéanfar an cinneadh sin thart ar dheireadh 2026. Níl BCE ag foilsiú thorthaí na dtograí dearaidh aonair faoi láthair. Tar éis an chinnidh, foilseofar tuarascáil mhionsonraithe ar na suirbhéanna, lena n-áirítear aiseolas ar gach togra agus torthaí ó na tíortha éagsúla.

Tar éis chinneadh na Comhairle Rialaithe maidir leis an gcoincheap, déanfar an dearadh roghnaithe a oiriúnú agus a fhorbairt tuilleadh chun é a chlaochlú ina nótaí bainc iarbhír. Déanfar gnéithe slándála níos fearr mar aon le feabhsuithe ar an inrochtaineacht agus ar an inbhuanaitheacht a chuimsiú sna nótaí bainc nua. Ba chóir go dtiocfadh na nótaí bainc nua i gcúrsaíocht de réir a chéile ó thús na 2030idí. Beidh na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht faoi láthair bailí go fóill agus fanfaidh siad i gcúrsaíocht in éineacht leis an tsraith nua.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na nótaí bainc a bheidh ann amach anseo, faoi na tograí atá ar an ngearrliosta, agus faoin bpróiseas roghnúcháin, féach ár leathanach tiomnaithe.

Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig Alessandro Speciale, teil: +49 69 172 1670791.

Annex: Breakdown of participation numbers by country

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa