Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Iúil 2024
19 Iúil 2024
Cumarsáid sheachtrach
Tuarascáil ar dhul chun cinn thionscadal an euro dhigitigh
An 24 Meitheamh 2024 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach a chéad tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le céim ullmhúcháin an euro dhigitigh, ina leagtar amach an dul chun cinn atá déanta maidir le príomhghnéithe dhearadh an euro dhigitigh agus na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil an tionscadal ar an mbóthar ceart ó thaobh buiséid agus uainiúcháin de. Mar obair leantach ar an tuarascáil, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an 12 Iúil 2024 stádas earcú foirne an Bhainc Ceannais Eorpaigh do thionscadal an euro dhigitigh.
Oibríochtaí margaidh
Athruithe ar fhoilsiú sonraí punainne beartais airgeadaíochta faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS)
An 20 Meitheamh 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe athruithe ar fhoilsiú sonraí a bhaineann le CCS, i bhfianaise scor na n-athinfheistíochtaí faoi CCS ó mhí Iúil 2023 agus an laghdaithe a tháinig dá bharr sin ar phunanna CCS. Go sonrach, foilseofar na méideanna fuascailte míosúla a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh CCS go bliantúil seachas go míosúil, agus cuireadh síneadh leis an tréimhse rollach ó 12 mhí go 24 mhí, agus tá sé beartaithe an chéad fhoilsiú a dhéanamh an 3 Meán Fómhair 2024. I gcás na dtrí chlár earnála príobháidí faoi CCS (clár ceannaigh na hearnála corparáidí, an clár ceannaigh urrús de bhun sócmhainní agus an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach), cuirfear deireadh leis an miondealú míosúil ar sciar na gceannachán carnach ar an mbunmhargadh agus ar an margadh tánaisteach agus foilseofar miondealú na sealúchas de réir earnála, rátála agus tíre riosca go bliantúil seachas go leathbhliantúil, agus cuirfear deireadh leis na sonraí cruinne incháilithe le haghaidh gach sraithe.
Doiciméid BCE maidir le comhaontuithe babhtála a nochtadh i gcomhthéacs iarraidh ar rochtain phoiblí
An 5 Iúil 2024 d’údaraigh an Chomhairle Rialaithe, i gcomhthéacs iarratas ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid an Bhainc Ceannais Eorpaigh, nochtadh sleachta de dhoiciméid BCE a bhaineann le comhaontuithe babhtála a rinne BCE idir 2003 agus 2013, ós rud é nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí a leagtar síos i gCinneadh BCE/2004/3 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá fáil ar na sleachta ábhartha trí Chlár Poiblí Doiciméad an BCE.
Leasuithe ar an gCinneadh maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe
An 16 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2024/19 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 maidir le híocaíocht i leith sealúchais cúlchistí barrachais agus i leith taiscí áirithe (BCE/2019/31). Cuireann na leasuithe na hathruithe beartais arna bhformheas ag an gComhairle Rialaithe chun feidhme go dlíthiúil tar éis athbhreithniú cuimsitheach ar luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta a thabhairt chun críche.
Teorainneacha comhchruinnithe an chomhthiomsaithe comhthaobhachta maidir leis an athrú aeráide
An 17 Iúil 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe gan dul ar aghaidh le cur chun feidhme na dteorainneacha comhchruinnithe comhthiomsaithe comhthaobhachta maidir leis an athrú aeráide, ós rud é nár comhlíonadh na réamhchoinníollacha teicniúla is gá. Thug sí sainordú freisin cineálacha cur chuige malartacha a fhorbairt chun breithnithe maidir leis an athrú aeráide a chomhtháthú tuilleadh i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais. Sa phreaseisiúint a d’eisigh an Banc Ceannais Eorpach in mí Iúil 2022 maidir le breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú ina oibríochtaí beartais airgeadaíochta, fógraíodh go raibh coinne leis go mbeadh feidhm ag teorainneacha comhchruinnithe comhthiomsaithe comhthaobhachta maidir leis an athrú aeráide roimh dheireadh 2024, ar choinníoll go raibh na réamhchoinníollacha teicniúla is gá i bhfeidhm. Tá an Chomhairle Rialaithe ag súil le tuairisc a thabhairt ar stádas na hoibre ar chuir chuige mhalartacha in am trátha.
Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais
Ráiteas ón gComhairle Rialaithe maidir le beartas macrastuamachta
An 27 Meitheamh 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráiteas, a foilsíodh ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin BCE, tar éis cruinniú den Fhóram Macrastuamachta an 19 Meitheamh 2024. Leagtar béim sa ráiteas ar an ngá atá le bearta macrastuamachta reatha a choinneáil ar bun chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, agus ag an am céanna tacú le méaduithe atá beartaithe ar mhaoláin chaipitil chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus ar shuaití a d’fhéadfadh a bheith ann le linn timpeallacht dhúshlánach mhacra-airgeadais.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Rannpháirtithe i sraith 2 d’obair thaiscéalaíoch BCE ar theicneolaíochtaí nua le haghaidh seirbhísí mórdhíola socraíochta airgid bainc ceannais
An 21 Meitheamh 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe liosta na rannpháirtithe sa mhargadh agus na n-oibreoirí teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) a ghlacfaidh páirt sa dara babhta trialacha agus turgnamh, ag tosú i mí Iúil 2024, ag féachaint ar an gcaoi a bhféadfaí idirbhearta airgeadais mórdhíola a thaifeadtar ar ardáin DLT a shocrú in airgead bainc ceannais. Tagann an cinneadh sin sna sála ar an gcéad bhabhta tástála i gcomhthéacs obair thaiscéalaíoch BCE ar theicneolaíochtaí nua le haghaidh socrú mórdhíola airgid bainc ceannais, mar chuid d’iarrachtaí níos leithne chun a áirithiú go mbeidh forbairtí in airgead bainc ceannais bord ar bhord leis an nuálaíocht dhigiteach in íocaíochtaí mórdhíola agus miondíola agus go rannchuideoidh siad léi, agus go mbeidh airgead bainc ceannais fós ina chrann taca airgeadaíochta a thacaíonn le cobhsaíocht, comhtháthú agus éifeachtúlacht chóras airgeadais agus íocaíochtaí na hEorpa.
Dréachtchaighdeáin Theicniúla Rialála (RTS) maidir le tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí
An 26 Meitheamh 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe go raibh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí (TLPT) arna n-ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 26(11) de Rialachán (AE) 2022/2554 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais (DORA) i gcomhréir freisin leis an gCreat Eorpach um Modh Eiticiúil na Foirne Deirge atá bunaithe ar Fhaisnéis faoi Bhagairt (TIBER-EU), agus d’fhormheas sí do BCE a comhaontú leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chur in iúl. Cuireann DORA de chúram ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) na caighdeáin theicniúla rialála a ullmhú ‘‘i gcomhaontú le BCE’’, agus ‘‘i gcomhréir le TIBER-EU’’. Cuirfidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha an dréachtchaighdeán teicniúil rialála críochnaitheach faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena ghlacadh. Tar éis a nglactha i bhfoirm Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, beidh na caighdeáin theicniúla rialála faoi réir ghrinnscrúdú Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sula bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.
Ráitis airgeadais Urrúis-TARGET2 (T2S)
An 4 Iúil 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe foilsiú na ráiteas airgeadais T2S le haghaidh 2023 agus thug sí dá haire an tuairim iniúchóireachta sheachtrach ghaolmhar. Le foilsiú na ráiteas sin, comhlíontar oibleagáid faoi Chreat Comhaontaithe TS2 agus féachtar leis faisnéis a chur ar fáil do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara TS2, agus don phobal trí chéile, faoi staid airgeadais TS2. Tá na doiciméid le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Stádas an phlean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais Sheirbhísí TARGET 2020
An 4 Iúil 2024 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an stádas cur chun feidhme is déanaí atá ag an bplean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí agus ar mholtaí athbhreithnithe neamhspleách tar éis teagmhais de chuid Sheirbhísí TARGET in 2020. Cuireadh príomhpháirtithe leasmhara margaidh ar an eolas go díreach faoin dul chun cinn a rinneadh i gcomhthéacs a gcruinnithe rialta leis an mBanc Ceannais Eorpach.
Beartas an Eurochórais maidir le rochtain ar chórais íocaíochta arna n-oibriú ag bainc cheannais ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc (PSPanna)
An 17 Iúil 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe beartas an Eurochórais maidir le rochtain a dheonú do PSPanna neamhbhainc ar Sheirbhísí TARGET agus ar chórais íocaíochta miondíola arna n-oibriú ag bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro i bhfianaise Rialachán (AE) 2024/886. Sainítear sa bheartas seasamh comhchuibhithe maidir le rochtain ar chuntais bainc ceannais ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin BCE go luath, agus beidh gníomhartha dlí BCE le leanúint in am trátha.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim BCE maidir le togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na tacaíochta infheistíochta
An 21 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/21 arna hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh as a stuaim féin.
Tuairim BCE maidir le rochtain ar airgead tirim
An 27 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/22 ar iarratas ó Aire Airgeadais na hÉireann.
Tuairim BCE maidir leis an bhféidearthacht go gceapfaí Gobharnóir nó Leas-Ghobharnóir Bhanc Náisiúnta na Bulgáire mar phríomh-aire sealadach
An 5 Iúil 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2024/23 ar iarratas ó Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), ag gníomhú thar ceann Aire Airgeadais na Bulgáire.
Tuairim BCE maidir leis an gcibearshlándáil náisiúnta
An 9 Iúil 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/24 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais Phoblacht na Liotuáine.
Tuairim ó BCE maidir le hoibleagáid tuairiscithe a thabhairt isteach i ndáil le sonraí a bhaineann le morgáistí
An 15 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/25 ar iarratas ó Aire Airgeadais na hÍsiltíre.
Rialachas corparáideach
Moladh do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Central Bank of Cyprus
An 2 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Moladh BCE/2024/16 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Central Bank of Cyprus.
Cinneadh BCE lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh
An 3 Iúil 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2024/18 lena leasaítear Cinneadh BCE/2004/2 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Is é is aidhm do na leasuithe, inter alia, éifeachtúlacht agus solúbthacht a mhéadú i bhfeidhmiú chomhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus athruithe teicneolaíochta á léiriú ag an am céanna agus breithniú á dhéanamh ar 10 mbliana d’fheidhmiú SMA. Foilseofar an Cinneadh go luath in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Staidreamh
Athmhúnlú ar Rialachán BCE maidir le staidreamh cistí infheistíochta
An 27 Meitheamh 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Rialachán BCE/2024/17 maidir le staidreamh i ndáil le cistí infheistíochta agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/32 (BCE/2014/62) agus d’fhormheas sí ráiteas aiseolais don chomhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtrialachán athmhúnlaithe ina ndéantar achoimre ar na freagairtí a fuarthas agus ar na hathruithe a rinneadh ina dhiaidh sin agus a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Leis an Rialachán a glacadh, tugtar isteach ceanglais tuairiscithe nua lenar féidir anailís fheabhsaithe a dhéanamh ar fhorbairtí in earnáil na gcistí infheistíochta sa limistéar euro.
Comhar idirnáisiúnta agus Eorpach
Formheas na hiarrata ón mBord Réitigh Aonair (BRA) úsáid a bhaint as seirbhísí an Ardáin Láraithe Aighneachta
An 20 Meitheamh 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe iarraidh ón mBord Réitigh Aonair úsáid a bhaint as Ardán Aighneachta Láraithe BCE chun sonraí a bhailiú. Ar bhonn an Mheabhráin Tuisceana idir an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le comhar agus malartú faisnéise an 22 Nollaig 2015, úsáideann an Bord Réitigh Aonair Seirbhísí TF áirithe arna soláthar ag an mBanc Ceannais Eorpach.
Maoirseacht baincéireachta BCE
Meabhrán Tuisceana idir an Banc Ceannais Eorpach agus An Ghníomhaireacht um Rialú agus Maoirseacht Baincéireachta Türkiye
An 1 Iúil 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun Meabhrán Tuisceana idir an Banc Ceannais Eorpach agus an Rialachán Baincéireachta agus Gníomhaireacht Maoirseachta na Tuirce a fhormheas. I gcomhréir leis an gcleachtas caighdeánach, déanfar an Meabhrán Tuisceana, tar éis don dá pháirtí é a shíniú, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa