An euro digiteach: bíodh na fíricí agat
AR AN LEATHANACH SEO
Agus an oiread sin faisnéise á scaipeadh, is rud nádúrtha é ceisteanna a bheith agat faoin euro digiteach agus faoin gcaoi a bhféadfadh sé difear a dhéanamh do do shaol laethúil.
Tugaimid mínithe soiléire simplí le chéile anseo ionas gur féidir leat na fíricí a fhiosrú, tuiscint a fháil ar a bhfuil (agus nach bhfuil) i gceist leis an euro digiteach agus píosa a léamh faoi na prionsabail a threoraíonn a dhearadh.
Cuirimis rudaí ina gceart
Tugtar tús áite do do phríobháideachas
Tá an euro digiteach á dhearadh againn agus an príobháideachas ina chroílár. Is tusa agus do bhanc amháin a d’fheicfeadh na sonraí pearsanta a theastaíonn le haghaidh íocaíochtaí. Bheadh idirbhearta chomh rúnda céanna, ar a laghad, le híocaíochtaí digiteacha an lae inniu – agus níos rúnda fós sa mhód as líne. D’fhanfadh do chuid sonraí san Eoraip agus chosnófaí iad le rialacha agus coimircí Eorpacha maidir le cosaint sonraí.
Léigh tuilleadh faoin gcaoi a gcosnaítear do phríobháideachasBíonn smacht agatsa i gcónaí
Bheadh an euro digiteach ina mhodh íocaíochta, ar nós na nótaí bainc agus na mbonn i do phóca: dhéanfása féin cinneadh ar mar a chaithfeá é. Bheadh sé ann le haghaidh íocaíochtaí laethúla – fút féin a bheidh sé i gcónaí do chuid airgid féin a bhainistiú.
Foghlaim faoin gcaoi a n-oibreodh an euro digiteachIs é do bhanc do phointe teagmhála i gcónaí
Bhainfeá úsáid as an euro digiteach trí do bhanc nó trí sholáthraithe údaraithe eile – ní trí chuntas de chuid BCE. Bheadh do bhanc mar phointe teagmhála agat i gcónaí, ag láimhseáil do chuid fiosrúchán agus íocaíochtaí ó lá go lá.
Foghlaim faoin ról lárnach atá ag na bainc maidir leis an euro digiteach a dháileadhDo shaoirse chun rogha a dhéanamh
Sa lá atá inniu ann, is é an t-airgead tirim an t-aon chineál airgid bainc ceannais atá ar fáil duit. Is airgead poiblí é airgead bainc ceannais: sa limistéar euro, eisíonn BCE é agus seasann sé leis ar mhaithe le cách. Thabharfadh an euro digiteach an tsaoirse duit airgead bainc ceannais a roghnú le haghaidh íocaíochtaí digiteacha agus íocaíochtaí ar líne, agus airgead tirim fós ar fáil duit aon uair is mian leat é a úsáid.
Léigh tuilleadh faoin gcaoi a gcosnaímid todhchaí an airgid thirimNí criptea-airgeadra é an euro digiteach atá agat
Airgead poiblí a bheadh san euro digiteach; ní hionann é agus criptea-shócmhainn. Ní bheadh sé ag brath ar chomharthaí luaineacha ná ar bhonneagar neamhrialáilte. Rithfeadh sé ar theicneolaíocht Eorpach shlán laistigh de chreat atá rialaithe go hiomlán.
Foghlaim faoin difríocht idir criptea-airgeadraí agus airgead bainc ceannaisIs ag do reachtóirí atá an cinneadh
Ní féidir an euro digiteach a thabhairt isteach ach amháin má ghlacann comhreachtóirí an Aontais Eorpaigh (Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh) an reachtaíocht is gá, lena n-áirítear roghanna tábhachtacha a dhéanamh maidir leis an gcaoi a n-oibreodh sé. Baineann díospóireacht, grinnscrúdú agus cuntasacht dhaonlathach leis sin, lena n-áirítear plé agus éisteachtaí rialta i bParlaimint na hEorpa.
Féach leat an chaoi a n-oibrímid le hinstitiúidí an AontaisBeidh do ghuth á mhúnlú
Tá an euro digiteach á fhorbairt ar mhaithe le muintir na hEorpa. Rinne daoine den phobal, grúpaí tomhaltóirí, ceannaithe agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta a gcion féin ar son an tionscadail ón tús. Tá do dhearcthaí ag múnlú na hoibre sin i gcónaí, agus táimid tiomanta don oscailteacht, don trédhearcacht agus don rannpháirtíocht rialta agus an euro digiteach á fhorbairt againn.
Féach ar thorthaí, tuarascálacha agus taighde an chomhairliúcháinTá do chuid íocaíochtaí bunúsacha saor in aisce
I gcás tomhaltóirí, bheadh íocaíochtaí bunúsacha san euro digiteach saor in aisce, cosúil le hairgead tirim sa lá atá inniu ann. Bhainfeadh gnólachtaí tairbhe as modh íocaíochta caighdeánaithe ar fud an Aontais lena gcothófaí iomaíocht agus nuálaíocht, chomh maith le táillí idirbhirt níos ísle.
Tuilleadh eolais faoi bhunphrionsabail an euro dhigitighFÉACH FREISIN