Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Téarmaí agus coinníollacha le haghaidh léachtaí fíorúla

Má ghlacann tú páirt i léacht fhíorúil, aontaíonn tú cloí leis na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas:

  1. Ní bheidh an léacht fhíorúil ar an taifead. Ní hionann tuairim oifigiúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus ábhar na gcomhráite leis an saineolaí ón mBanc Ceannais Eorpach ná na sonraí ná an fhaisnéis a chuirtear ar fáil. Is ar an saineolaí ón mBanc Ceannais Eorpach atá an fhreagracht uile as an bhfaisnéis agus na tuairimí a chuirtear in iúl sa chruinniú.
  2. Ní úsáidfidh an freastalaí trealamh fuaime ná físe chun taifead a dhéanamh ar aon chuid den chur i láthair ná den phlé leis an saineolaí ón mBanc Ceannais Eorpach.
  3. Ní úsáidfidh an freastalaí trealamh trascríofa chun trascríobh a dhéanamh ar aon chuid den chur i láthair ná den phlé leis an saineolaí ón mBanc Ceannais Eorpach.
  4. Déanfaidh ionadaithe ó Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Bhanc Ceannais Eorpach modhnóireacht ar an léacht.
  5. Rialacha iompair:
    • Bíodh meas agat ar na daoine eile atá ag freastal ar an léacht.
    • Cloígh leis na hábhair atá á bplé agus mínigh do thuairimí.
    • Bí in am agus fan ar líne ar feadh thréimhse na gníomhaíochta.
    • Má chinneann ionadaithe ón mBanc Ceannais Eorpach tráth ar bith go bhfuil aon cheann de na rialacha sáraithe ag an bhfreastalaí, forchoimeádann an t‑ionadaí an ceart an freastalaí sin a eisiamh ón léacht fhíorúil.
  6. Ag deireadh na léachta fíorúla, tugtar rogha do na freastalaithe uile a gcuid aiseolais a roinnt linn i suirbhé ar líne. Is ar bhonn deonach a ghlactar páirt sa suirbhé seo. Is soláthraí seachtrach, Mentimenter, a óstálann an suirbhé.

Séanadh le haghaidh an tsuirbhé anaithnid

Is ar bhonn deonach a ghlactar páirt sa suirbhé seo. Féadfaidh páistí níos óige ná 13 bliana páirt a ghlacadh sa suirbhé má tá cead tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil acu.

Is í Ard‑Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Bhanc Ceannais Eorpach a eagraíonn an suirbhé, le cúnamh ó sholáthraí seachtrach, Mentimeter. Trí phróiseas uathoibríoch, cinntítear go bhfuil na sonraí anaithnid agus déantar iad a chomhiomlánú ionas nach féidir freagróirí aonair a aithint agus nach féidir freagraí aonair a cheangal le freagróirí ar leith. Úsáidfear na sonraí anaithnid a bhaileofar sa suirbhé chun measúnú a dhéanamh ar leagan amach agus ábhar na léachta fíorúla, agus chun na críche sin amháin. Is baill foirne de chuid an Ionaid Cuairteoirí amháin a gheobhaidh na sonraí.

Ní bheidh rochtain ag Mentimeter ar thorthaí an tsuirbhé. Aon sonraí pearsanta sa bhreis a bhailíonn Metimeter, scriosann an chuideachta iad laistigh de 30 lá.

Déantar gach iarracht a chinntiú go mbeidh rannpháirtithe an tsuirbhé anaithnid. Mar sin féin, ná cuir aon fhaisnéis sna boscaí téacs lena bhféadfaí an freagróirí nó aon duine eile a aithint.

Le do thoil, léigh Polasaí Príobháideachais Mentimeterdéan teagmháil le hIonad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh le haghaidh tuilleadh eolais.