Ráitis phríobháideachais
Agus é ag cur a chuid cúraimí i gcrích, próiseálann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) sonraí pearsanta i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais um chosaint sonraí, eadhon Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
Rialachán (AE) 2018/1725Is féidir leat tuilleadh faisnéise a léamh inár ráitis phríobháideachais ar líne faoin gcaoi a bpróiseálann BCE do chuid sonraí pearsanta. Mínítear iontu sin:
- cé a rialaíonn agus a phróiseálann na sonraí;
- cén fáth a bpróiseáiltear sonraí pearsanta agus an bunús dlí atá leis;
- cad iad na catagóirí sonraí pearsanta a bhailítear;
- cé chomh fada agus a stóráiltear na sonraí pearsanta;
- cé hiad faighteoirí na sonraí pearsanta;
- conas is féidir leat do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú;
- conas teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí BCE má bhíonn ceisteanna agat i dtaobh cosaint sonraí;
- conas teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí más gá duit gearán a dhéanamh toisc go gceapann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar an bpróiseáil.
Féadfaimid na ráitis phríobháideachais a leasú chun forbairtí dlíthiúla nua a chur san áireamh. Sna ráitis phríobháideachais sa liosta thuas tá faisnéis atá cothrom le dáta maidir le hoibríochtaí próiseála BCE.