Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by


Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Iúil 2026

Cad a chinneamar?

Ní dhearna muid athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis

Táimid i riocht maith le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann de thoradh na coinbhleachta sa Mheánoirthear.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

Tá an-éiginnteacht ann mar gheall ar an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear

Tá praghsanna arda fuinnimh ag cur isteach ar fhás an gheilleagair. Tá gnólachtaí faichilleach agus ag cur lena bhfardail.

Tá an geilleagar ag éirí go maith go dtí seo

Tá post ag go leor daoine agus airgead le caitheamh acu. Tá cuideachtaí ag infheistiú tuilleadh i dteicneolaíochtaí digiteacha agus san intleacht shaorga. Tá rialtais ag caitheamh airgead ar chosaint agus ar bhonneagar.

Tháinig laghdú beag ar an mboilsciú

Tá praghsanna fuinnimh, bia agus earraí ag ardú níos moille ná mar a bhí roimhe seo. Tá an ráta méadaithe pá ag maolú. Ach tá na héifeachtaí iomlána a bhíonn ag na méaduithe géara ar phraghsanna fuinnimh le feiceáil fós.

Tá costais fhuinnimh níos airde ag cur le praghsanna eile

Tá roinnt ionchur atá ag teastáil ag gnólachtaí ag éirí níos costasaí. Tá cuideachtaí ag dréim le praghsanna dá n-earraí agus seirbhísí a ardú.

Tá daoine níos faichillí maidir le morgáistí a thógáil amach

Tá na bainc níos cúramaí maidir le creidmheas a thabhairt freisin.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?