Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Seolann an tUachtarán Lagarde Dúshlán Siúil EuroSteps ag ócáid a chuireann litearthacht airgeadais na mban chun cinn

2 Márta 2026

  • Dúshlán Siúil Eurosteps: tionscnamh uile-Eorpach chun an litearthacht airgeadais a chur chun cinn
  • Plé painéil le hUachtarán BCE, Christine Lagarde; Yannis Stournaras, Gobharnóir Bhanc na Gréige; Joachim Nagel, Uachtarán Deutsche Bundesbank; agus Tabea Bucher‑Koenen, Comhstiúrthóir na hInstitiúide Mannheim um Oideachais Airgeadais; faoi stiúir Patrick Jenkins, Cathaoirleach Fheachtas an Financial Times um Litearthacht agus Cuimsithe Airgeadais
  • Tiomantas athdhearbhaithe ag líonra litearthachta airgeadais na mbanc ceannais chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe le haghaidh mná a chur chun feidhme agus díriú ar an tomhas tionchair

D’óstáil an Banc Ceannais Eorpach (BCE) imeacht inniu chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh, inar tugadh aghaidh ar an litearthacht airgeadais agus béim ar leith leagtha ar an mbearna idir na hinscní.

“Leis an litearthacht airgeadais, múnlaítear cinntí ar feadh ár saoil. Agus faoi láthair, tá na cinntí sin á dhéanamh ag mná gan an t-eolas nó saineolas is gá a bheith acu,” a dúirt Uachtarán BCE, Christine Lagarde, leis na daoine a bhí i láthair. “Tá sé tábhachtach an bhearna seo a laghdú os rud é go gcumhachtaítear mná smacht a ghlacadh ar a saoil airgeadais.”

Tar éis ráitis tosaigh an Uachtaráin Lagarde, bhí plé painéil ann le Yannis Stournaras, Gobharnóir Bhanc na Gréige; Joachim Nagel, Uachtarán Deutsche Bundesbank; agus Tabea Bucher‑Koenen, Comhstiúrthóir na hInstitiúide Mannheim um Oideachais Airgeadais. Díríodh sa phlé ar ról na litearthachta airgeadais maidir leis an athléimneacht eacnamaíoch a neartú, chomh maith le bealaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir na hinscní ar fud na hEorpa. Ba é Patrick Jenkins, Cathaoirleach Fheachtas an Financial Times um Litearthacht agus Cuimsithe Airgeadais a rinne modhnóireacht ar an bplé.

Sheol an tEurochóras tionscnamh comhpháirteach nua inniu freisin: an Dúshlán Siúil EuroSteps.

Tá Eurosteps ceaptha chun a bheith oiriúnach i saol laethúil na mban: ar a ngutháin agus ar an mbogadh. Comhcheanglaíonn sé gníomhaíocht choirp – amhail comhaireamh céimeanna laethúil – le blúiríní soláimhsithe ceachtanna ionas go mothaíonn foghlaim faoi airgead simplí, ábhartha agus neamh-imeaglach. Is é is aidhm don tionscnamh litearthacht airgeadais a chur chun cinn ar bhealach tarraingteach agus inrochtana ar fud thíortha uile an limistéir euro.

Osclaítear clárú don dúshlán inniu. Tosóidh an dúshlán comhaireamh céimeanna féin an 1 Aibreán agus mairfidh sé ar feadh ceithre seachtaine; agus seans ag gach rannpháirtí duais a bhuachan. Is féidir le rannpháirtithe páirt a ghlacadh ann tráth ar bith agus, ón 1 Aibreán ar aghaidh, gheobhaidh siad idir dhá fhógra ghearra agus trí fhógra ghearra in aghaidh na seachtaine ina dteanga féin. Tá ábhar simplí oideachais airgeadais i ngach fógra chomh maith le naisc chuig cláir náisiúnta atá ann cheana agus acmhainní iontaofa.

Chun cur leis na gealltanais a rinneadh ag ócáid Lá Idirnáisiúnta na mBan anuraidh, bhunaigh an tEurochóras líonra litearthachta airgeadais bainc ceannais chun tacar sonraí cuimsitheach agus comhchuibhithe a fhorbairt maidir le litearthacht airgeadais san Eoraip, chomh maith le taisclann comhroinnte tionscnamh agus acmhainní.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi litearthacht airgeadais san Eoraip, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin.

Is féidir grianghraif den imeacht a fháil ar leathanach gréasáin na ngrianghraf preasa.

Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig Mila Quacquarelli, teil: +49 170 632 4603.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa