Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Glacann BCE tuairim maidir le ceapadh an Leas-Uachtaráin a bheidh aige amach anseo

25 Feabhra 2026

  • Níl aon agóid ag an gComhairle Rialaithe i gcoinne an iarrthóra atá á mholadh, Boris Vujčić

Ghlac Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) tuairim inniu ar mholadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le Leas-Uachtarán BCE a cheapadh.

Ní dhearna an Chomhairle Rialaithe aon agóid i gcoinne an iarrthóra atá á mholadh, Boris Vujčić, ar duine é a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta aige i gcúrsaí beartais airgeadaíochta nó baincéireachta mar a cheanglaítear le hAirteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá Boris Vujčić ina Ghobharnóir ar Hrvatska narodna banka faoi láthair.

De dhroim na tuairime ón gComhairle Rialaithe agus tuairim ó Pharlaimint na hEorpa, ceapfaidh an Chomhairle Eorpach Leas-Uachtarán nua BCE. Cuirfear an tuairim ón gComhairle Rialaithe, a fhoilseofar go luath in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Cuirfidh Boris Vujčić isteach téarma neamh-inathnuaite ocht mbliana, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2026. Tá sé ag teacht i gcomharbas ar Luis de Guindos, a dtiocfaidh deireadh lena théarma mar Leas-Uachtarán BCE ar an 31 Bealtaine 2026.

Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig Mila Quacquarelli, teil: +49 170 6324603.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa