Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cén fáth a bhfuil an t-athrú aeráide tábhachtach do BCE?

7 November 2022

Tá an t-athrú aeráid tábhachtach dúinn in BCE mar imríonn sé tionchar:

  • ar an ngeilleagar, a imríonn ar a sheal tionchar ar ár sprioc praghsanna a choinneáil cobhsaí;
  • ar na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu chun iad a choinneáil slán sábháilte;
  • ar ár neamhchosaint ar riosca.

Conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar ár ngeilleagar?

Tugann an t-athrú aeráide le chéile dhá chineál riosca dár ngeilleagar: rioscaí fisiciúla agus aistrithe.

Cad iad rioscaí fisiciúla?

Tá rioscaí fisiciúla ann de thoradh díreach ar an athrú aeráide, mar shampla nuair a dhéanann stoirmeacha nó tuilte damáiste ar thithe agus ar shráideanna nó nuair a mhilleann siad bairr. Tá na himeachtaí seo ann níos minice agus tá siad níos déine le blianta beaga anuas agus tá siad ag imirt tionchar ar níos mó agus níos mó codanna den gheilleagar.

Chomh maith leis sin, cuireann athruithe fadtéarmacha, amhail patrúin fearthainne atá ag athrú agus teochtaí atá ag ardú, isteach ar thionscail agus ar thalmhaíocht. Gan gníomh a dhéanamh leis moill a chur ar na hathruithe seo, ní bheidh a dtionchair ach níos measa.

Cad iad rioscaí aistrithe?

Tá sé ríthábhachtach astaíochtaí carbóin a chiorrú chun an chuid is measa den athrú aeráide a mhoilliú agus a sheachaint. Is é seo an fáth go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta do gheilleagar neodrach faoi 2050. Chun an sprioc seo a bhaint amach, ní mór dúinn ár ngníomhaíochtaí eacnamaíocha go léir a dhéanamh níos glaise, lena n-áirítear an chaoi a dtáirgimid earraí agus seirbhísí, an chaoi a dtaistealaímid agus an chaoi a gcothaímid sinn féin. Mar gheall ar an athrú go dtí geilleagar níos glaise, is féidir deiseanna iontacha a chur ar fáil, amhail jabanna nua agus timpeallacht níos folláine.

Ach tagann an t-athrú seo le rioscaí freisin, go háirithe má chuirtear i bhfeidhm róghasta beartais chun gníomhaíochtaí níos inbhuanaithe a spreagadh agus mura bhfuil go leor ama ag cuideachtaí agus daoine chun dul in oiriúint. D’fhéadfadh gnólachtaí dul as gnó, d’fhéadfadh daoine a bpoist a chailleadh agus d’fhéadfadh luach sócmhainní airgeadais titim. Is féidir go mbeadh de chúis leis seo rialachán nua, roghanna custaiméirí ag athrú agus nuálaíochtaí teicneolaíochta a fhágann go bhfuil táirgí nach bhfuil maith don chomhshaol as feidhm. “Rioscaí aistrithe” a thugtar ar na rioscaí seo.

Mar sin, cén fáth a bhfuil seo tábhachtach do BCE?

Tá spéis láidir againne in BCE tabhairt faoi rioscaí comhshaoil laistigh dár sainordú. Imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar an gcaoi a gcoinnímid praghsanna cobhsaí, ar an gcaoi a ndéanaimid maoirseacht ar bhainc agus ar an gcaoi a ndéanaimid ár neamhchosaint fein ar rioscaí comhshaoil.

Conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar phraghsanna?

Imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar an ngeilleagar, agus imríonn sé tionchar mar sin ar phraghsanna. Is féidir le triomaigh agus falscaithe fómhair a scrios. Is féidir le tuilte agus uisce íseal cur isteach ar chórais iompair agus slabhra soláthair, ar chostas géar do chuideachtaí. Is féidir le himeachtaí mar seo iarmhairtí tulchnagtha a bheith acu ar mhargaidh airgeadais, agus is féidir leis an éagobhsaíocht scaipeadh dá thoradh sin. Is féidir leis seo go léir tionchar a imirt ar phraghsanna agus mar sin ar ár gcumas iad a choinneáil cobhsaí.

Imríonn beartais chun imeachtaí níos glaise a spreagadh tionchar chomh maith ar an méid a chosnaíonn rudaí. Is féidir le fóirdheontais d’infheistíochtaí fuinnimh glasa nó cánacha ar ghual, ola agus gás tionchar a imirt ar an ngeilleagar agus ar phraghsanna.

Conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu?

Ceann de phríomhthascanna bainc is ea iasachtaí a thabhairt amach dá gcliaint, lena n-áirítear do chuideachtaí. Má bhuaileann tuile ceann de na cuideachtaí sin, d'fhéadfadh siad a bheith i dtrioblóid airgeadais. Is féidir nach mbeidh siad ábalta a n-iasachtaí a íoc ar ais – agus bheadh tionchar diúltach aige seo freisin ar an mbanc.

Is é seo an fáth nach mór dúinn a chinntiú go bhfuil bainc eolach ar a rioscaí a bhaineann le rioscaí, amhail neamhchosaint ard ar earnálacha atá dian ar charbón nó cliaint atá lonnaithe i gceantair is dóchúla go n-imreoidh an t-athrú aeráide tionchar orthu. Iarraimid ar bhainc na rioscaí seo a chur san áireamh ina straitéis, rialachas agus bainistíocht riosca.

Conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar ár gclár comhardaithe?

Ní mór dúinn freisin aire a thabhairt ar ár neamhchosaint féin ar rioscaí aeráide. Is féidir leis an athrú aeráide tionchar a imirt ar na sócmhainní atá inár seilbh agus ar an gcomhthaobhacht lena nglacaimid mar urrús nuair a thugaimid amach iasachtaí do bhainc. Ní mór dúinn na rioscaí seo a bhainistiú agus a laghdú.

Céard atá BCE a dhéanamh faoi?

Ní sinne na príomhghníomhairí san athrú go geilleagar níos glaise. Tá rialtais agus parlaimintí chun tosaigh, ach táimid tiomanta ár bpáirt a imirt sa troid i gcoinne an athraithe aeráide, laistigh dár sainordú.

Táimid ag cur plean gníomhaíochta i bhfeidhm chun an t-athrú aeráide a chur san áireamh inár mbeartas airgeadaíochta agus tá tosaíocht déanta againn den athrú aeráide inár ról mar mhaoirseoir. Táimid ag cur feabhas ár samhlacha, ar cháilíocht na sonraí a úsáidimid agus ar an gcaoi a ndéanaimid ár rioscaí féin a bhainistiú.

Táimid ag iarraidh athruithe níos san iomar leithne a chothú. Is féidir lenár rialacha bainc a spreagadh le bheith níos eolaí ar rioscaí aeráide a bhaineann leis na sócmhainní atá ina seilbh, le bheith níos oscailte fúthu agus lena insint dúinn fúthu ar bhealach comhleanúnach. Má tá bainc agus cuideachtaí níos eolaí ar rioscaí aeráide agus níos trédhearcaí faoina dtionchair, is féidir le gach duine ansin iad seo a chur san áireamh agus na praghaslipéid chearta a chur. Táimid freisin ag comhroinnt ár saineolais agus na gceachtanna atá foghlamtha againn chun daoine eile a spreagadh a bpáirt féin a imirt sa troid i gcoinne an athraithe aeráide.

AN T-ATHRÚ AERÁIDE AGUS AN BANC CEANNAIS EORPACH

Foghlaim tuilleadh