Tusa agus an Banc Ceannais Eorpach sa Spáinn
Bíonn tionchar ag a ndéanaimid ar gach duine sa limistéar euro. Is é sin an fáth a bhfuilimid ag iarraidh cloisteáil uaitse faoi na saincheisteanna is mó atá tábhachtach duitse. Inár sraith Tusa agus an Banc Ceannais Eorpach, is féidir leat tuairimí a roinnt agus saincheisteanna a chur faoi bhráid dhíreach Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
An tUachtarán Lagarde ar an gclár Espejo Público
Labhair Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, leis an iriseoir Susanna Griso ar Espejo Público, clár teilifíse sa Spáinn. D’fhreagair sí ceisteanna ón bpobal faoin ngeilleagar, faoi bhoilsciú, faoi chonairí gairme agus faoi ábhair eile.
Comhdheiseanna a chinntiú
Ní mór deiseanna a thabhairt do mhná agus do chailíní chun go n-éireoidh go maith leo i cibé cosán is mian leo a ghlacadh. Cuideoidh na deiseanna sin a bheith acu leo lán a gcumais a bhaint amach.
An bhfuil tuilleadh eolais uait?
Is féidir cuairt a thabhairt ar ár suíomh idirlín agus liosta de na ceisteanna coitianta a chuirtear a fheiceáil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn mura n-éiríonn leat na freagraí a bhí uait a fháil ansin.