Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Iúil 2022

Cad a chinneamar?

Chuireamar ardú 0.5 phointe faoin gcéad ar rátaí úis

Is céim eile sin i dtreo normalú ár mbeartais airgeadaíochta. Beidh níos mó arduithe ann ina dhiaidh seo. Beidh siad sin ag brath ar an bhforás a fheicfimid ag teacht ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú. Cabhróidh na harduithe rátaí sin boilsciú a thabhairt ar ais chuig ár sprioc, is í sin, 2%.

Thángamar ar chomhaontú maidir le hionstraim nua chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag ár mbeartas ar fud an limistéir euro

Beidh an ionstraim sin mar chuid dár gcreat uirlisí agus beimid in ann í a chur i ngníomh chun mí‑ord sa mhargadh airgeadais a comhrac a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcaoi a rachaidh ár mbeartas i bhfeidhm ar dhaoine agus ar ghnólachtaí i dtíortha ar fud an limistéir euro.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

Beidh boilsciú ard fós sa mheántéarma

Praghsanna fuinnimh an‑ard an phríomhchúis leis sin fós. Mar sin féin, tá boilsciú ag ardú freisin de dheasca scrogaill soláthair, éileamh ard agus ráta malairte níos ísle. Tá praghsanna ag ardú i mórán earnálacha sa gheilleagar.

Tá an geilleagar ag fás ag ráta níos moille ná mar a bhí…

Boilsciú ard, éiginnteacht níos mó agus deacrachtaí soláthair gnólachtaí is cúis leis sin. Is diúltaí an t‑ionchas don gheilleagar le haghaidh na bliana seo agus na mblianta atá le teacht dá dheasca.

… dá ainneoin sin, tá an tionchar á mhaolú toisc go bhfuil airgead fós á chaitheamh ag daoine

Tá an geilleagar á oscailt an athuair agus tá daoine ag taisteal arís. Tá post ag níos mó daoine anois ná mar a bhí riamh agus is féidir leo úsáid a bhaint as na coigiltis a chruinnigh siad i rith na paindéime. Is cabhair atá sna beartais rialtais freisin.

Tá sé ag éirí níos daoire do ghnólachtaí agus do theaghlaigh airgead a fháil ar iasacht

Tá rátaí úis ar iasachtaí á n‑ardú de réir a chéile, go háirithe do theaghlaigh. Tá bainc níos airdeallaí anois agus iasachtaí á dtabhairt amach acu toisc gur mó na rioscaí atá roimh a dtomhaltóirí anois.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
BREIS EOLAIS UAIT? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?