Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartas airgeadaíochta - Nollaig 2022

Cad a chinneamar?

D’ardaíomar rátaí úis arís, de 0.5 pointe céatadáin.

Agus tá sé i gceist againn ardú suntasach eile a dhéanamh orthu. Beidh an t-ardú sin ag braith ar an bhforbairt a shíleann muid a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú.

Déanfaimid ár gclár ceannaithe sócmhainní a leasú freisin.

I mí an Mhárta, tosóidh muid ag laghdú an líon mór bannaí a cheannaíomar le cúpla bliain anuas mar chuid dár gclár ceannaithe sócmhainní.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

Tá an boilsciú i bhfad ró-ard agus beidh sé ard ar feadh tréimhse rófhada.

Cé go bhfuil praghsanna fuinnimh tite beagán, tá praghsanna bia agus go leor earraí agus seirbhísí eile ag ardú go fóill, mar gheall ar dheacrachtaí a bhí ann le soláthar go pointe áirithe.

Tá tréimhse dheacair i gceist don gheilleagar.

Is mar thoradh ar an mboilsciú ard, an ghéarchéim fuinnimh, agus fás eacnamaíoch níos moille é seo, den chuid is mó. Ach ba cheart aon chúlú eacnamaíochta a bheith gearr agus éadrom go leor.

Tá poist nua á gcruthú go fóill.

Tá poist ag níos mó daoine ná riamh cheana i stair an euro. Ach is dócha go dtiocfaidh athrú air seo de réir mar a bhíonn an geilleagar ag lagú.

Cad iad na réamh-mheastacháin atá againn maidir le forbairt an gheilleagair?

I ndiaidh moillithe, táimid ag súil go dtéarnóidh an geilleagar arís sna blianta amach romhainn.

Réamh-mheastacháin d’fhás eacnamaíoch an limistéir euro sa bhliain 2022 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Nollaig 2022)

Is dóigh linn go mbeidh boilsciú ard go leor ar feadh tamall fada go leor ach go laghdóidh sé sa deireadh i dtreo ár sprice 2%.

Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro sa bhliain 2022 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Nollaig 2022)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preaseisiúint

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? CAITH SÚIL AR ÁR MÍNITHEOIR
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?