Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Aibreán 2026
Cad a chinneamar?
Ní dhearna muid athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis
Táimid i riocht maith le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann de thoradh an chogaidh sa Mheánoirthear.
Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?
Tá an cogadh sa Mheánoirthear ag cur isteach ar an ngeilleagar
Tá praghsanna fuinnimh i bhfad níos airde, rud atá ag cur leis an mboilsciú. Tá éiginnteacht an-ard fós ann. Beidh tionchar an chogaidh ag brath ar a fhad agus ar chonas a chuireann sé isteach ar an ngeilleagar.
Níl tomhaltóirí ná gnólachtaí chomh muiníneach céanna maidir leis an todhchaí
Tá imní ar dhaoine faoi chostas fuinnimh agus níl siad chomh toilteanach céanna airgead a chaitheamh. Tá gnólachtaí buartha faoi amanna seachadta níos faide agus costais níos airde.
Tá roinnt láidreachtaí ag an ngeilleagar
Tá post ag go leor daoine. Tá staid mhaith airgeadais ag formhór na dteaghlaigh. Tá gnólachtaí ag infheistiú i dteicneolaíochtaí nua. Agus caiteachas rialtais ar chúrsaí bonneagair agus cosanta le feiceáil. Cuideoidh seo le hiarmhairtí an chogaidh a mhaolú.
Tháinig ardú ar an mboilsciú, agus measaimid go mbeidh sé ard go ceann píosa
Is iad costais arda fhuinnimh an chúis is mó le seo. Go dtí seo, níor tháinig méadú mór ar chostas bia, earraí nó seirbhísí. Táimid ag coinneáil súil ghéar ar an tionchar atá ag costais fuinnimh níos airde ar phraghsanna eile.
Tá bainc ag éirí níos airdeallaí anois agus iasachtaí á dtabhairt
Tá imní níos mó orthu maidir leis na rioscaí atá roimh a gcustaiméirí sa timpeallacht eacnamaíoch éiginnte seo.
Féach ar na mionsonraí
CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.
PreasráiteasRÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.
Ráiteas beartais airgeadaíochta