Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Meán Fómhair 2025
Cad a chinneamar?
Níor chuireamar athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis
Rinneamar amhlaidh toisc go bhfuil an boilsciú le fanacht cobhsaí gar don sprioc 2 % atá leagtha síos againn.
Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?
Tá an geilleagar ag treabhadh trí dheacrachtaí atá ag teacht ón gcoigríoch go háirithe...
Tá tionchar ag taraifí níos airde, ag euro níos láidre agus ag iomaíocht ó thíortha eile ar ghnólachtaí – fiú má tá laghdú beag tagtha ar an éiginnteacht mar gheall ar na comhaontuithe trádála a rinneadh le déanaí.
...ach tá móiminteam ann le haghaidh fás níos láidre amach anseo
Tá neart daoine ag obair agus arduithe pá faighte ag a lán acu. Dá bharr sin, is féidir leo breis airgid a chaitheamh, rud a chuireann leis an bhfás eacnamaíoch. Tacóidh caiteachas breise na rialtas ar chúrsaí bonneagair agus cosanta leis an ngeilleagar freisin.
Tá an boilsciú gar dár sprioc 2 %
Tá praghsanna bia ag ardú ag ráta níos moille agus tá praghsanna fuinnimh níos ísle ná mar a bhí bliain ó shin. Níl tuarastail ag ardú an oiread agus a bhíodh. Dá bharr sin ar fad, tá an boilsiú ag fanacht cobhsaí ag ráta gar do 2 %.
Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?
Measaimid go bhfásfaidh an geilleagar go measartha ach go seasta sna blianta amach romhainn
Réamh-mheastacháin d’fhorás an limistéir euro in 2025 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mheán Fómhair 2025)
Measaimid go socróidh an boilsciú ag ráta gar dár sprioc 2 %
Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro in 2025 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mheán Fómhair 2025)
Féach ar na mionsonraí
CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.
PreasráiteasRÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.
Ráiteas beartais airgeadaíochta