Sracfhéachaint ar ár ráiteas maidir leis an mbeartas airgeadaíochta - Márta 2025
Cad a chinneamar?
Laghdaíomar ár n-eochair-ráta úis 0.25 pointe céatadáin
Is féidir linn é sin a dhéanamh toisc go bhfuil an boilsciú ar an mbóthar ceart le socrú thart ar ár sprioc 2% agus dúshláin fós roimh an ngeilleagar.
Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?
Is ualach ar an ngeilleagar í éiginnteacht sa bhaile agus thar lear
D'fhéadfadh an teannas trádála cur isteach ar onnmhairí agus a bheith níos deacra do ghnólachtaí pleanáil roimh ré. Mar gheall ar éiginnteacht, tá gnólachtaí ag cur srian le hinfheistíochtaí móra agus tá daoine fós ag sábháil cuid mhaith dá n-ioncam. Ach, ba cheart go n-éireodh an geilleagar níos láidre de réir a chéile.
Tá post ag go leor daoine
Tá an ráta dífhostaíochta fós ag an leibhéal is ísle riamh ó tugadh isteach an euro. Tá seirbhísí, go háirithe, ag cruthú go maith.
Tá an boilsciú ag dul i dtreo ár sprice 2%
Tá praghasanna bia ag ardú rud beag níos tapúla ná mar a bhí roimhe. Ach ar an iomlán, tá an boilsciú ag laghdú toisc nach bhfuil pá agus praghsanna do sheirbhísí ag ardú chomh mór céanna níos mó.
Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?
Táimid ag súil go dtéarnóidh an geilleagar go mall sna blianta amach romhainn
Réamh-mheastacháin d’fhorás an limistéir euro in 2025 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó mhí an Márta 2025)
Táimid ag súil go socróidh boilsciú ag thart ar ár sprioc 2%
Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro sa bhliain 2025 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mhárta 2025)
Féach ar na mionsonraí
CINNTÍ MAIDIR LEIS AN mBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.
PreasráiteasRÁITEAS MAIDIR LEIS AN mBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta is déanaí.
Ráiteas maidir leis an mbeartas airgeadaíochta