Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Meán Fómhair 2023

Cad a chinneamar?

Chuireamar ardú eile 0.25 pointe céatadáin ar ár n-eochair-rátaí úis

Cuideoidh sé le boilsciú a thabhairt anuas tuilleadh. Tá na harduithe a chuir muid ar rátaí úis san am a caitheadh ag dul i bhfeidhm ar an ngeilleagar cheana féin. Beidh na cinntí a dhéanfaimid amach anseo ag brath ar an gcaoi a fheicfimid forbairt ag teacht ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

Fanfaidh an geilleagar lag go ceann píosa

Tá gnólachtaí ag infheistiú níos lú agus tá laghdú tagtha ar a n-onnmhairí. Tá an déantúsaíocht ag streachailt, agus tá seirbhísí ag dul i laghad anois. Ach le himeacht ama, ba cheart go gcuideodh boilsciú níos ísle agus ioncaim níos airde leis an ngeilleagar téarnamh.

Tá margadh na bpost láidir fós

Cé go bhfuil an geilleagar ag socrú, tá an dífhostaíocht fós ag an leibhéal is ísle riamh. Tá pá a lán daoine ag ardú. Ach anois tá níos lú post á gcruthú, fiú sna seirbhísí.

Tá an boilsciú ag titim ach tá sé fós ró-ard

Tá bia ag éirí níos costasaí fós, cé nach bhfuil praghsanna ag ardú chomh mór agus a bhí roimhe seo. Tá praghsanna do sheirbhísí, laethanta saoire agus taisteal go háirithe, ag coinneáil an ráta boilscithe ard. Sna míonna amach romhainn, ba cheart go laghdódh an boilsciú tuilleadh.

Níl an oiread iasachtaí á dtógáil amach ag daoine ná gnólachtaí

De réir mar atá iasachtaí ag fáil níos costasaí, is lú atá daoine agus gnólachtaí ag fáil ar iasacht.

Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?

Measaimid go mbeidh an geilleagar lag go fóill ach go dtéarnóidh sé go mall sna blianta amach romhainn.

Réamh-mheastacháin d’fhás eacnamaíoch an limistéir euro in 2023 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mheán Fómhair 2023)

Measaimid go dtitfidh an boilsciú ó leibhéil arda. Le himeacht ama, táimid ag meas go mbogfaidh sé ar ais i dtreo ár sprice 2%.

Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro in 2023 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mheán Fómhair 2023)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?