Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Márta 2022

Cad iad na príomhphointí?

Tá an t‑am atá díreach romhainn fíor-éiginnte mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin

De dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá fuinneamh níos costasaí, tá suaitheadh i gcúrsaí trádála agus tá muinín daoine á maolú. Beidh fás eacnamaíoch níos moille ná mar a rabhthas ag súil leis sular cuireadh tús leis an gcogadh.

Ba cheart go bhfásfadh an geilleagar go láidir fós in 2022

Tá post ag mórán daoine agus ba cheart go mbeadh ioncam níos airde ag teaghlaigh agus go mbeadh níos mó airgid le caitheamh acu. Tá srianta a bhaineann leis an bpaindéim á scaoileadh agus tá maolú ag teacht anois ar dheacrachtaí soláthair.

Beidh leibhéal an bhoilscithe fós ard go fóill ach tiocfaidh laghdú air arís amach anseo.

Tá ardú eile tagtha ar phraghsanna fuinnimh mar thoradh ar an gcogadh. Tá praghsanna bia agus praghsanna ar réimse leathan earraí agus seirbhísí eile ag ardú freisin. Cé go bhfuil mórán earnálacha ann nach bhfuil dóthain fostaithe iontu, níl pá ag fás ag ráta níos tapúla go fóill.

Cad a chinneamar?

Táimid ag laghdú ár nglancheannachán sócmhainní de réir a chéile

D’fhéadfaimid deireadh a chur leo sa tríú ráithe más léir sna sonraí nach lagófar an t-ionchas boilscithe. Aon athrú atá le déanamh ar ár rátaí úis, déanfar iad ar bhealach céimnitheach tamall éigin tar éis dúinn deireadh a chur lenár nglancheannacháin sócmhainní.

Cad iad na réamh-mheastacháin atá againn ar fhorbairt an gheilleagair?

Ba cheart go bhfásfadh an geilleagar go láidir, cé gur moille a bheidh an fás sin i dtosach mar thoradh ar an gcogadh.

Fás eacnamaíoch an limistéir euro in 2021 agus réamh-mheastacháin le haghaidh 2022 agus na mblianta atá le teacht
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mhárta 2022 amach)

Fanfaidh boilsciú ard ar feadh tréimhse níos faide ná mar a rabhthas ag súil leis ach tiocfaidh laghdú air ar deireadh go dtí ár sprioc ag 2 %.

Boilsciú sa limistéar euro in 2021 agus réamh-mheastacháin le haghaidh 2022 agus na mblianta atá le teacht
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mhárta 2022 amach)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
BREIS EOLAIS UAIT? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?