Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Aibreán 2022

Cad iad na príomhphointí?

Tá an cogadh san Úcráin ag cur isteach go mór ar an ngeilleagar

Tiocfaidh fás níos moille ar an ngeilleagar san am atá díreach romhainn. Tá táirgeadh srianta agus tá cumhacht ceannaithe daoine laghdaithe de dheasca praghsanna fíor-arda ar fhuinnimh agus ar amhábhair.

Tá fíoréiginnteacht ann maidir leis an am atá díreach romhainn

Dá bhrí sin, níl tomhaltóirí ná gnólachtaí chomh muiníneach céanna.

Tá scrogaill soláthair nua ann de dheasca an chogaidh

Cuireann sé sin leis na deacrachtaí a bhí le scrogaill soláthair cheana féin mar thoradh ar bhearta paindéime a cuireadh i bhfeidhm san Áise le déanaí. Tá sé sin ag cur isteach ar tháirgeadh i roinnt earnálacha.

Tá an athoscailt i ndiaidh thréimse géarchéime na paindéime ag tacú leis an ngeilleagar

Tá mórán fostóirí ag cuardach oibreoirí agus tá post ag níos mó daoine agus airgead le caitheamh acu. Cuidíonn na coigiltis a chruinnigh daoine le linn na paindéime agus tacaíocht an rialtais leis an ngeilleagar freisin.

Tá ardú suntasach tagtha ar bhoilsciú agus fanfaidh sé ag leibhéal ard sna míonna atá romhainn

Praghsanna fuinnimh an phríomhchúis atá leis seo. Mar sin féin, tá praghsanna bia agus réimse leathan earraí agus seirbhísí eile ag ardú freisin.

Cad a chinneamar?

Is gá dúinn ár mbeartas a choimeád solúbtha agus roghanna a choimeád ar fáil.

Beidh aon athrú a dhéanfar ag brath ar an éabhlóid a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar ár measúnú ar an ionchas. Tá súil againn deireadh a chur le glancheannacháin sócmhainní faoinár gclár ceannaithe sócmhainní sa tríú ráithe den bhliain seo.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
BREIS EOLAIS UAIT? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?