Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
  • BLAG AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH

25 bliain d'aontacht an euro

24 Bealtaine 2023

Le Christine Lagarde

Tá níos mó i gceist leis an euro ná airgeadra, a deir an tUachtarán Christine Lagarde. Is é an fhoirm is láidre de lánpháirtiú na hEorpa é agus seasann sé d'Eoraip aontaithe a oibríonn le chéile, ag cosaint a shaoránaigh ar fad agus ag déanamh tairbhe dóibh. Agus beidh an Banc Ceannais Eorpach, atá tiomanta do chobhsaíocht praghsanna, ina bhunchloch san iarracht sin go deo.

Ar 1 Meitheamh 1998, bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach chun ullmhú do sheoladh an euro - an t-athrú airgeadra is mó riamh i stair an domhain. Bhí mé i mo dhlíodóir ag an am agus is cuimhin liom mé féin agus mo chuid comhghleacaithe a bheith ag dul ar mire ag leasú conarthaí a bhí bunaithe ar rátaí malairte eachtraí a bheadh as feidhm go luath. An bhféadfadh airgeadra comhchoiteann oibriú i ndáiríre? Inniu, agus muid ag ceiliúradh 25 bliain ó bunaíodh an institiúid seo, tá a fhios againn go n-oibríonn sé agus go bhfuil an Eoraip tugtha le chéile ar bhealach níos dlúithe.

Agus muinín curtha ag rialtais an Aontais Eorpaigh iontu, oibríonn ár bhfoireann in Frankfurt, i gcomhar lenár gcomhghleacaithe in 20 banc ceannais náisiúnta an aontais airgeadra, gan stad gan staonadh chun an sainordú a tugadh dúinn chun cobhsaíocht praghsanna a choinneáil a bhaint amach. Baineann tábhacht mhór leis an obair sin ó thaobh rathúnas shaoránaigh na hEorpa.

Le 25 bliain anuas, tá fáilte curtha againn roimh naoi mballstát eile atá tagtha isteach sa limistéar euro, rud a mhéadaigh an limistéar ó 11 ballstát go 20 ballstát. Agus táimid tar éis glacadh le róil nua, maoirseacht ar bhancanna Eorpacha san áireamh. Sa lá atá inniu ann, is é an euro an dara airgeadra is tábhachtaí sa chóras idirnáisiúnta airgeadaíochta, tar éis dhollar na Stát Aontaithe.

Bhí roinnt tréimhsí deacra ann le linn na mblianta sin. Ach i rith na dtréimhsí maithe agus na ndrochthréimhsí eacnamaíocha sin nuair a bhíomar faoi stiúir mo réamhtheachtaithe Wim Duisenberg, Jean-Claude Trichet agus Mario Draghi, dhírigh an Banc Ceannais Eorpach i gcónaí ar bhunchloch láidir a leagan síos ar a bhféadfaí todhchaí na hEorpa a thógáil trínár sainordú a chur i gcrích.

Tá sé léirithe ag an bpaindéim agus ag cogadh gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine nach féidir talamh slán a dhéanamh den chobhsaíocht. Agus b’fhéidir gurb é an toradh a bheadh ar an mborradh atá tagtha faoi iomaíocht gheopholaitiúil go n-éireodh an geilleagar domhanda níos luainí de réir a chéile san am atá le teacht. I ndomhan atá lán d’éiginnteacht, tá an Banc Ceannais Eorpach tar éis a bheith, agus leanfaidh sé de bheith, ina chrann taca ó thaobh cobhsaíochta de.

Tá sé léirithe againn go bhfuilimid in ann gníomhú agus dul in oiriúint ar chúrsaí go tapa, fiú in éadan na ndúshlán is suntasaí agus is tromchúisí. Cúpla mí i ndiaidh dom tús a chur le m'Uachtaránacht ar BCE, chuamar i ngleic go mear leis an bpaindéim le sraith beart chun tacú le geilleagar an limistéir euro sa tréimhse chrua, ag seachaint rioscaí díbhoilscitheacha.

Inniu, táimid ag gníomhú leis an díograis chéanna chun boilsciú a ísliú. Tar éis dó a bheith ró-íseal ar feadh na mblianta, tá boilsciú ró-ard anois agus tá sé ar tí fanacht amhlaidh ar feadh tréimhse rófhada. Creimeann sé sin luach an airgid, rud a laghdaíonn cumhacht ceannaigh agus a dhéanann dochar do dhaoine agus do ghnólachtaí ar fud an limistéir euro - go háirithe na daoine is leochailí dár sochaí.

Ach éireoidh linn boilsciú a thabhairt ar ais chuig ár sprioc 2% sa mheántéarma. Sin an fáth a bhfuil na rátaí úis ardaithe againn ar luas nach bhfacthas cheana, agus an fáth a dtabharfaimid chuig leibhéil atá sách sriantach iad - agus a gcoinneoimid ag na leibhéil sin iad fad is a bheidh gá leis - chun boilsciú a ísliú chuig ár sprioc arís go pras.

Mar a chuireann imeachtaí a tharla le gairid in earnáil na baincéireachta i gcuimhne dúinn, cuidíonn córas láidir baincéireachta le cúraimí beartais airgeadaíochta. Réamhchoinníollacha dá chéile is ea cobhsaíocht airgeadais agus cobhsaíocht praghsanna. Ó 2014 i leith, tráth ar ghlacamar ceannas ar mhaoirseacht baincéireachta, tá ár ndícheall déanta againn chun bainc an limistéir euro a choinneáil slán. Agus leanfaidh maoirseoirí baincéireachta, faoi chathaoirleacht Andrea Enria, orthu ag déanamh iarracht a dhearbhú go bhfuil neart caipitil ag bainc agus go bhfuil siad seasmhach in aghaidh coinníollacha atá ag athrú, le go mbeidh siad in ann coinneáil orthu ag tabhairt iasachtaí do ghnólachtaí agus do theaghlaigh.

Is iomaí dúshlán a bhí roimh ár n-aontas airgeadaíochta le cúig bliana fichead anuas. Tá aghaidh tugtha againn ar ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh muid a scriosadh - go háirithe an ghéarchéim mhór airgeadais, géarchéim an fhiachais cheannasaigh, an phaindéim. Ach tháinig muid slán as gach gábh níos láidre. Ní foláir dúinn anois an neart inmheánach sin a mhéadú.

Agus an domhan ag éirí níos luainí, is féidir leis an Eoraip seasmhacht a chothú in dhá réimse. Trína margaí caipitil a chomhtháthú, is féidir leis an Eoraip infheistíocht a éascú níos fearr san earnáil ghlas agus san earnáil dhigiteach atá thar a bheith tábhachtach chun an fás a thiocfaidh uirthi sa todhchaí a chumhachtú. Agus tríd an aontas baincéireachta a chur i gcrích, is féidir linn a dhearbhú go gcuidíonn an earnáil baincéireachta chun rioscaí a laghdú le linn géarchéimeanna amach anseo seachas cur leo.

Dúirt iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Simone Veil, tráth go bhfuil “gá le hEoraip atá in ann dlúthpháirtíocht, neamhspleáchas agus comhoibriú a thaispeáint”. Is léiriú maith é seo ar an méid dá seasann an euro. Ar deireadh thiar, tá níos mó i gceist leis an euro ná airgeadra. Is é an fhoirm is láidre de lánpháirtiú na hEorpa é agus seasann sé d'Eoraip aontaithe a oibríonn le chéile, ag cosaint a shaoránaigh ar fad agus ag déanamh tairbhe dóibh.

Agus beidh an Banc Ceannais Eorpach ina bhunchloch san iarracht sin go deo.

Foilsíodh an blag seo mar mhír thuairmíochta i nuachtáin gach tíre de na 20 tír sa limistéar euro

Cláraigh le blag BCE