Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cúig rud nach mór duit a bheith ar eolas agat faoi Chonradh Maastricht

Leagtar síos an bhunchloch don Aontas Eorpach atá againn sa lá atá inniu ann sa Chonradh

Leag Conradh Maastricht, nó an Conradh ar an Aontas Eorpach de réir a theidil oifigiúil, an bhunchloch don Aontas Eorpach atá againn sa lá atá inniu ann.

Tá an conradh ann mar thoradh ar an bplé idir rialtais thar roinnt blianta agus síníodh é i gcathair Maastricht, an Ísiltír, atá gar don teorainn leis an mBeilg agus leis an nGearmáin. Cúig rud nach mór duit a bheith ar eolas agat faoin gConradh.

1.

Bunaíodh an tAontas Eorpach leis

Comhar níos fearr

Chuir Conradh Maastricht go mór leis an gcomhar idir tíortha Eorpacha i roinnt réimsí nua:

Saoránacht Eorpach

Tugadh saoránacht Eorpach isteach leis an gConradh, ag cur ar chumas saoránach cur fúthu i mBallstáit agus bogadh thart faoi shaoirse eatarthu.

Comhbheartas eachtrach agus slándála

Bunaíodh comhbheartas eachtrach agus slándála leis an gConradh a raibh sé mar aidhm leis "comhluachanna, bunleasanna agus neamhspleáchas an Aontais a choimirciú".

Ceartas agus Gnóthaí Baile

Forbraíodh dlúthchomhar sa Chonradh maidir le ceartas agus gnóthaí baile chun sábháilteacht agus slándáil shaoránaigh na hEorpa a chinntiú.

2.

Shínigh 12 thír an Conradh

Shínigh ionadaithe ó 12 thír an Conradh ar an 7 Feabhra 1992

An Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ísiltír, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, agus an Spáinn

Dhaingnigh na parlaimintí i ngach tír an Conradh ansin, agus reáchtáladh reifrinn i gcásanna ar leith. Tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm go hoifigiúil ar an 1 Samhain 1993 agus bunaíodh an tAontas Eorpach go hoifigiúil.

Ón dáta sin i leith, ghlac 16 thír eile ballraíocht san Aontas Eorpach* agus ghlac siad na rialacha a leagtar amach i gConradh Maastricht nó sna conarthaí a rinneadh ina dhiaidh.

*Tá 27 mBallstát san Aontas Eorpach anois i ndiaidh imeacht na Ríochta Aontaithe.

3.

Leagadh síos an bhunchloch don euro

Airgeadra aonair le haghaidh muintir na hEorpa

Réitigh Conradh Maastricht an bealach le haghaidh airgeadra aonair Eorpach nua: an euro. Bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Córas Eorpach Banc Ceannais leis freisin agus déantar cur síos sa chonradh ar a gcuspóirí chomh maith. Is é an phríomhchuspóir atá ag BCE cobhsaíocht praghsanna a chothabháil, i.e. luach an euro a chosaint.

Cuireadh an Conradh le chéile mar gheall ar an bplé a rinneadh thar chúpla scór bliain faoi chomhar eacnamaíoch a mhéadú san Eoraip. D’fhill ceannairí Eorpacha ar an bplé sin maidir le hairgeadra aonair a thabhairt isteach in 1986 agus thug siad gealltanas do phróiseas aistrithe a raibh trí chéim leis in 1989.

Bunaíodh na trí chéim sin go foirmiúil le Conradh Maastricht:

Céim 1 (01/07/90 - 31/12/93)

Tugadh saorghluaiseacht chaipitil idir Ballstáit isteach.

Céim 2 (01/01/94 - 31/12/98)

Méadaíodh an comhar idir bainc cheannais náisiúnta agus rinneadh ní ba mhó ailínithe ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát.

Céim 3 (01/01/99 - an lá atá inniu ann)

Tugadh isteach an euro de réir a chéile mar aon le beartas aonair airgeadaíochta a chur chun feidhme, beartas a bhfuil BCE freagrach as.

4.

Tugadh isteach na critéir nach mór do thíortha a chomhlíonadh chun a bheith páirteach san euro

Bunaíodh rialacha sa Chonradh freisin faoin gcaoi a bhfeidhmeoidh an euro i gcleachtas. Leis sin sonraíodh cad nach mór do thír a dhéanamh chun a bheith páirteach sa limistéar euro.

Is é is cuspóir leis na rialacha áirithe seo, a dtugtar critéir Maastricht nó na critéir um chóineasú orthu uaireanta, a chinntiú go gcothaítear cobhsaíocht praghsanna sa limistéar euro fiú nuair a ghlacann tíortha nua ballraíocht san airgeadra.

Oibríonn na rialacha sin lena chinntiú go bhfuil tíortha nua atá ag glacadh ballraíochta san airgeadra cobhsaí sna réimsí seo a leanas:

Boilsciú

Níor cheart go mbeadh ráta boilscithe tíre níos mó ná 1.5 phointe céatadáin níos airde ná an ráta boilscithe sna trí Bhallstát AE is fearr feidhmíochta le linn tréimhse breathnóireachta aon bhliain amháin.

Leibhéil an fhiachais phoiblí

Níor cheart go mbeadh easnamh fioscach bliantúil tíre níos mó ná 3% den olltáirgeacht intíre (OTI) agus níor cheart go mbeadh fiachas foriomlán an rialtais níos mó ná 60% d’OTI.

Rátaí úis

Níor cheart go mbeadh ráta úis fadtéarmach tíre níos mó ná 2 phointe céatadán níos airde ná an ráta úis sna trí Bhallstát is fearr feidhmíochta le linn tréimhse breathnóireachta aon bhliain amháin.

Ráta malairte eachtraí

Ní mór do thír ráta malairte eachtraí cobhsaí a choinneáil, rud a chiallaíonn gur fhan tír laistigh de na bandaí luaineachta dá bhforáiltear sa mheicníocht rátaí malairte (MRM II) le dhá bhliain anuas ar a laghad.

5.

Ba léim ollmhór chun tosaigh é le haghaidh comhtháthú na hEorpa

Tá an Eoraip níos cóngaraí dá chéile

Ó síníodh Conradh Maastricht, tá tíortha na hEorpa níos cóngaraí dá chéile, cé go dtéitear i ngleic le roinnt réimsí beartais, amhail beartais eacnamaíocha agus airgeadais, ar leibhéal náisiúnta fós. D’aontaigh ceannairí Eorpacha ar na céimeanna breise a ghlacfar chun comhtháthú níos mó a chur chun cinn idir stáit Eorpacha, cuir i gcás:

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Comhaontaíodh an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis in 1997 le cinntiú go leanfaidh tíortha nósanna imeachta atá iontaofa maidir le beartais bhuiséadacha.

An Sásra Cobhsaíochta Eorpach

Bunaíodh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil do thíortha sa limistéar euro atá ag dul i ngleic le fadhbanna maoinithe tromchúiseacha, nó a bhfuil bagairt ann go mbeidh orthu dul i ngleic le fadhbanna mar sin.

An t-aontas baincéireachta

Cruthaíodh an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Bord Réitigh Aonair i ndiaidh na géarchéime airgeadais chun an córas baincéireachta san Eoraip a dhéanamh níos sábháilte agus chun comhtháthú agus cobhsaíocht airgeadais a mhéadú.

Baineann timpeall is 450 milliún saoránach ó 27 mBallstát tairbhe as comhar Eorpach sa lá atá inniu ann

Sa tréimhse blianta ó aontaíodh an plean oibre don euro, tá sé anois ar an dara airgeadra is mó a thrádáiltear ar domhan, agus an t-airgeadra ina chuid den saol laethúil ag timpeall is 350 milliún saoránach i 19 dtír éagsúla anois.