Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Márta 2023

Cad a chinneamar?

Chuireamar ardú 0.5 pointe céatadáin ar rátaí úis

Beidh cinntí amach anseo ag brath ar mar a fheicfimid boilsciú ag forbairt amach anseo agus ar chomh maith agus a smachtóidh na harduithe a rinneamar roimhe seo na rátaí úis.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

Tá boilsciú i bhfad ró-ard i gcónaí agus fanfaidh sé ard go ceann tamaill mhaith.

Tá titim tobann tagtha ar phraghsanna fuinnimh. Ach tá brúnna atá ag coinneáil praghsanna ard ag teacht níos mó agus níos mó ó bhia, earraí tionsclaíocha agus seirbhísí.

Tá an geilleagar ag déanamh níos fearr ná mar a measadh, ach tá sé fós lag

Tá sé ar tí téarnamh a dhéanamh sna míonna amach romhainn, cé go bhfuil ardú ar neamhchinnteacht. Le fuinneamh níos saoire, níos lú fadhbanna soláthair agus gnólachtaí ag oibriú go dian chun orduithe roimhe seo a líonadh, tá níos mó muiníne ag gnóthais agus ag tomhaltóirí faoin todhchaí.

Tá an margadh saothair fós láidir

Tá poist nua fós á gcruthú. Le pá níos airde, faigheann oibrithe ar ais cuid den chumhacht ceannaigh a chaill siad mar gheall ar bhoilsciú ard.

Cad iad na réamh-mheastacháin atá againn ar fhorbairt an gheilleagair?

Cé go bhfuil an geilleagar lag anois, sílimid go dtéarnóidh sé sna blianta amach romhainn. Bhí cuma níos neamhchinnte ar an dearcadh seo mar gheall ar theannais le gairid sa mhargadh airgeadais.

Réamh-mheastacháin d’fhás eacnamaíoch an limistéir euro sa bhliain 2023 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mhárta 2023)

Is dócha go mbeidh a bhuaicleibhéal bainte amach ag boilsciú agus measaimid go laghdóidh sé de réir a chéile i dtreo ár sprice 2%. Bhí cuma níos neamhchinnte ar an dearcadh seo mar gheall ar theannais le gairid sa mhargadh airgeadais.

Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro sa bhliain 2023 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mhárta 2023)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?