Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartas airgeadaíochta - Nollaig 2023

Cad a chinneamar?

Ní dhearna muid athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis

Tá na harduithe a chuireamar ar rátaí úis san am atá caite ag dul i bhfeidhm go mór ar an ngeilleagar agus ag cuidiú le boilsciú a ísliú. Braithfidh ár gcinntí amach anseo ar an gcaoi a bhfeicimid an geilleagar agus an boilsciú ag forbairt.

De réir a chéile cuirfimid deireadh lenár gceannacháin sócmhainní

Ó lár na bliana seo chugainn ar aghaidh, táimid ag súil leis an méid sócmhainní a cheannaíomar faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime a laghdú de réir a chéile.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

Tá an geilleagar lag agus is de réir a chéile a théarnóidh sé

Tá go leor comhlachtaí fós ag iarraidh a gcuid orduithe roimhe seo a ghlanadh. Tá gníomhaíocht gheilleagrach á fuarú ag rátaí arda úis, go háirithe san earnáil foirgníochta agus in earnáil na déantúsaíochta.

Tháinig laghdú ar an mboilsciú arís ach méadóidh sé ar feadh achair ghearr

Laghdóidh sé arís an bhliain seo chugainn, ach beidh sé níos moille ag laghdú. Is amhlaidh atá i bpáirt ós rud é go bhfuil deireadh ag teacht le bearta rialtais a chabhraigh le praghsanna a choinneáil faoi smacht. Tá praghsanna á gcoinneáil ard ag rátaí arda pá freisin.

Tá go leor daoine ag obair

Tá poist nua fós á gcruthú. Ach de réir mar a fhuaraíonn an geilleagar, tá níos lú oibrithe á lorg ag gnólachtaí.

Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?

Táimid ag súil go dtéarnóidh an geilleagar sna blianta amach romhainn.

Réamh-mheastacháin d’fhás eacnamaíoch an limistéir euro sa bhliain 2023 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Nollaig 2023)

Táimid ag súil go dtiocfaidh boilsciú ar ais go dtí ár sprioc 2% in 2025.

Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro sa bhliain 2023 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Nollaig 2023)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?