Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tá rátaí úis ardaithe againn. Cén tionchar a bheidh aige sin ortsa?

21 Iúil 2022 (nuashonraithe an 23 Meán Fómhair 2022)

Cabhraíonn an méadú ar rátaí úis linn boilsciú a laghdú

I mí Iúil 2022, d'ardaigh an Chomhairle Rialaithe rátaí úis den chéad uair le 11 bhliain anuas. Is é an t-ardú a rinneadh i mí Mheán Fómhair an t-ardú is mó atá déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach go dtí seo. Táthar ag súil le tuilleadh arduithe sna míonna atá le teacht.

Cén fáth ar ardaíomar rátaí úis?

Is sinne an banc ceannais don euro, agus is é an sainordú atá againn praghsanna a choimeád cobhsaí. Nuair atá praghsanna sa gheilleagar ag ardú go róthapa — is é sin, nuair a bhíonn boilsciú ró-ard — cabhraíonn an méadú ar rátaí úis linn boilsciú a thabhairt ar ais chuig ár sprioc, is í sin, 2% sa mheántéarma.

Tá brú á chur ar dhaoine de dheasca an bhoilscithe. Tá imní ar go leor daoine go mbeidh boilsciú ard linn go ceann tamaill. Coimeádaimid súil ar na hionchais bhoilscithe sin, mar a thugtar orthu. Sin an chúis a bhfuil rátaí úis ardaithe againn: is mian linn a chur in iúl nach ligfimid don bhoilsciú fanacht os cionn 2%. Cabhróidh sé sin linn srian a choimeád le hionchais bhoilscithe.

Cad is rátaí úis ann?

Is ionann rátaí úis agus an costas atá ar airgead a fháil ar iasacht (glaoitear “praghais an airgid” orthu uaireanta). Más mian leat iasacht a fháil ó bhanc, ní mór duit ráta a aontú leis i dtosach, ar ráta bliantúil é de ghnáth. Abraimis go bhfaigheann tú €10,000 ar iasacht ag ráta bliantúil 3%. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ort €300 a íoc leis an mbanc in aghaidh na bliana, chomh maith leis an iasacht a íoc ar ais. Mar sin, is é an ráta úis an méid a ghearrann an banc ort as airgead a thabhairt ar iasacht duit.

Tá an rud céanna i gceist le coigiltis. Is ionann ús agus an t-airgead a íocann an banc leat ar do choigilteas, i.e. nuair a thógann an banc airgead “ar iasacht” uait. Mar shampla, má chuireann tú €1,000 isteach i do chuntas coigiltis ag ráta bliantúil 2%, gheobhaidh tú €20 mar ús ag deireadh na bliana.

Cén fáth a mbíonn rátaí úis ag athrú?

Is gnách go n‑athraíonn na rátaí úis a thairgeann bainc do dhaoine agus do ghnólachtaí in éineacht leis na rátaí a shocraíonn an Banc Ceannais Eorpach, ach bíonn tionchar ag tosca eile orthu freisin. I ngeilleagar margaidh saor amhail an limistéar euro, bíonn tionchar ag an éileamh ar chreidmheas agus ag an tsoláthar creidmheasa ar rátaí freisin. Is é sin le rá go mbíonn rátaí ag brath ar an méid ba mhaith le daoine agus le gnólachtaí a chaitheamh agus a infheistiú, agus ar an méid creidmheasa atá ar fáil.

Míniú: Cad is airgead ann?

Tá sé cosúil le táirgí nó seirbhísí eile. Mar shampla, más mian le go leor daoine arán a cheannach, ach nach bhfuil go leor arán ar fáil, ardaíonn an praghas.

Bíonn an rud céanna i gceist le rátaí úis: nuair is mian le daoine agus gnólachtaí airgead a chaitheamh agus a infheistiú ach nach féidir leo teacht ar chreidmheas go héasca, is gnách go n-ardaíonn rátaí úis toisc gur lú creidmheas atá ar fáil. I bhfocail eile, éiríonn iasachtú níos costasaí. Ar an lámh eile, nuair a bhíonn daoine ag cur cuid mhaith dá gcuid airgid i dtaisce sa bhanc, bíonn go leor airgid ann sa gheilleagar. Tugtar leachtacht air sin agus is gnách go mbíonn rátaí íseal dá bharr.

Cén ról atá ag an mBanc Ceannais Eorpach?

Is é an Banc Ceannais Eoprach banc ceannais an euro. Ní shocraímid na rátaí úis a íocann tú ar d’iasacht nó a fhaigheann tú ar d’éarlais. Ach is féidir linn tionchar a imirt orthu mar sin féin.

Socraímid na príomhrátaí úis nó rátaí úis “beartais” mar a ghlaoitear orthu. Is iad sin na rátaí chuirimid ar fáil do bhainc ar mian leo iasachtaí a fháil uainn agus a choimeádann airgead leictreonach linn thar oíche.

Nuair a athraímid na príomhrátaí úis, bíonn tionchar aige sin a bheag nó a mhór sa gheilleagar ar fad, lena n-áirítear iasachtaí bainc, iasachtaí margaidh, morgáistí, rátaí taisce bainc agus ionstraimí infheistíochta eile.

Déanann Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh cinntí maidir leis na príomhrátaí úis sin thart ar gach sé seachtaine.

Cén tionchar a bhíonn ag na príomhrátaí úis ar bhoilsciú?

De ghnáth, má bhíonn boilsciú ró‑ard de dheasca an iomarca éilimh a bheith ar bheagán earraí agus seirbhísí, is féidir linn rátaí a ardú ionas go mbeidh creidmheas níos daoire. Maolóidh sé sin an t‑éileamh sa gheilleagar, laghdófar modhnóidh sé ionchais bhoilscithe agus laghdóidh sé boilsciú.

Má tá an boilsciú ró-íseal — rud a bhí i gceist ar feadh i bhfad — is féidir linn rátaí a ísliú agus creidmheas a dhéanamh níos saoire chun borradh a chur faoin infheistíocht agus faoin éileamh.

Míniú: Cén fáth a bhfuil praghsanna cobhsaí tábhachtach?

Ó tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin, is é an cás atá romhainn go bhfuil boilsciú ró-ard ach go bhfuill ag geilleagar ag éirí níos laige. Tá méadú mór tagtha ar phraghsanna mar gheall ar an gcogadh, go háirithe i gcás fuinnimh agus bia. Tá sé níos deacra ar go leor cuideachtaí freisin teacht ar na hábhair, ar na páirteanna breise agus ar na hoibrithe a theastaíonn uathu le haghaidh táirgthe. Tá na fadhbanna a bhí ann cheana mar thoradh ar an bpaindéim níos measa anois dá dheasca.

Ní réiteofar na fadhbanna uile sin le rátaí úis níos airde amháin. Ní bheidh fuinneamh allmharaithe níos saoire, ní líonfar seilfeanna folmha sna hollmhargaí agus ní soláthrófar sainearraí do dhéantúsóirí carranna mar thoradh ar an athrú ar rátaí úis.

Coimeádann rátaí níos airde ionchais boilscithe faoi smacht

Is éard is féidir a dhéanamh le rátaí úis níos airde, áfach, ná ionchais bhoilscithe a choimeád faoi smacht. Má cheapann daoine agus gnólachtaí go mbeidh boilsciú ard i gcónaí, is mó seans go n-éileoidh oibrithe pá níos airde agus d’fhéadfadh fostóirí a bpraghsanna féin a ardú dá dheasca. Tugtar bís phá gaus phraghsanna air sin. Leanfaimid orainn ag ardú rátaí úis — rud a fhágfaidh go mbeidh creidmheas níos costasaí agus go mbeidh luach saothair níos fearr ag baint le coigilteas — chun bís den sórt sin a chosc. Cinnteoimid go mbeidh gnólachtaí, oibrithe agus infheisteoirí muiníneach go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú go 2% sa mheántéarma. Ní ligfimid dó tarlú go ndaingneofar ionchais faoi bhoilsciú níos airde.