Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tusa agus an Banc Ceannais Eorpach san Fhionlainn

Bíonn tionchar ag an obair a dhéanaimidne ar gach duine sa limistéar euro. Is é sin an fáth a bhfuilimid ag iarraidh cloisteáil uaitse faoi na saincheisteanna is mó atá tábhachtach duitse. Inár sraith Tusa agus an Banc Ceannais Eorpach, is féidir leat tuairimí a roinnt agus saincheisteanna a chur faoi bhráid dhíreach Christine Lagarde Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

An tUachtarán Lagarde ar an gclár A-Studio

Labhair Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh leis an iriseoir Anna Karismo ar an gclár teilifíse Fionlannach A-Studio chun ceisteanna a fhreagairt do mhic léinn a bhain leis an ngeilleagar, le boilsciú, le héagsúlacht inscne agus ábhair eile.

Féach ar an gcomhrá iomlán

Comhionannas inscne a chur chun cinn

Tá oibrithe ag an Uachtarán Lagarde le linn a gairme i dtreo deis chothrom a bheith ag mná, mar go mbíonn toradh níos fearr ann nuair a dhéantar ionadaíocht do gach duine, beag beann ar a n-inscne.

Tairbhe a bhaint as láidreachtaí na Fionnlainne

Cuir iontas ar an domhan leis an nuálaíocht agus leis an gcruthaitheacht – ba é sin an chomhairle a chuir an tUachtarán Lagarde ar mhic léinn san Fhionlainn nuair a cuireadh ceist uirthi faoi gheilleagar na tíre sin.

An bhfuil tuilleadh eolais uait?

Is féidir cuairt a thabhairt ar ár suíomh idirlín agus liosta de na ceisteanna coitianta a chuirtear a fheiceáil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn mura n-éiríonn leat na freagraí a bhí uait a fháil ansin.