Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin seo chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (i mí an Mhárta, mí an Mheithimh, mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag).

Meitheamh 2024
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Meastar go mbogfaidh an boilsciú go cliathánach ar an mórchóir sa ghearrthéarma sula bhfillfidh sé ar an sprioc de réir mar a mhaolaíonn brúnna costais agus de réir mar a bhíonn éifeacht ag tionchar na gcinntí beartais airgeadaíochta a rinneadh roimhe seo ar phraghsanna tomhaltóirí.

Léigh tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Tacóidh ioncam teaghlaigh atá ag méadú, margadh saothair athléimneach, muinín níos mó agus éileamh eachtrach níos láidre le fás eacnamaíoch, agus ní bheidh dálaí maoiniúcháin chomh srianta céanna.

Léigh tuilleadh

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus réamh-mheastacháin roimhe seo

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin bhoilscithe agus fáis eacnamaíoch roimhe seo. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo