Euro Digiteach
Bheadh euro digiteach ina fhoirm dhigiteach airgid thirim, a bheadh eisithe ag an mbanc ceannais agus a bheadh ar fáil do gach duine sa limistéar euro.
Táimid ag obair le bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro chun a fhiosrú an bhféadfaí euro digiteach a eisiúint. Airgeadra digiteach bainc ceannais a bheadh ann, a bheadh ar comhstádas leis an airgead tirim, ach i bhfoirm leictreonach. Bheadh an euro digiteach ann in éineacht leis an airgead tirim agus thabharfaí rogha eile do dhaoine leis chun íocaíochtaí a dhéanamh.
Euro Digiteach
Airgead bainc ceannais i bhfoirm dhigiteach, ar fáil le haghaidh aon íocaíochtaí leictreonacha i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine.
Ceisteanna Coitianta
Cén chaoi a rachadh euro digiteach chun tairbhe dom? Cén chaoi a mbeadh an euro digiteach éagsúil le stablecoin agus le criptea-shócmhainní? An dtógfaí euro digiteach isteach in ionad an airgid thirim? Léigh freagraí na gceisteanna is coitianta anseo
Athbhreithniú ar an euro digiteach
Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí na hoibre a rinne an tEurochóras le linn chéim imscrúdaithe an euro dhigitigh, a mhair ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023.
NA FOILSEACHÁIN IS DÉANAÍ FAOIN EURO DIGITEACH
ANSEO
An euro digiteach agus...
... criptea-shócmhainní
Ós rud é go mbeadh banc ceannais ag tacú le euro digiteach, ní criptea-shócmhainn a bheadh ann. Tá sainordú ag bainc cheannais luach an airgid a choinneáil, cibé acu más airgead fisiciúil nó airgead digiteach atá i gceist. Ní thacaíonn aon institiúid lárnach le criptea-shócmhainní ná ní dhéanann siad iad a bhainistiú agus níl aon ráthaíocht ann gur féidir leat iad a mhalartú ar airgead tirim nuair is gá duit.
Cad é an difríocht?... infheistíochtaí
Ba cheart euro digiteach a úsáid go príomha mar mhodh íocaíochta seachas mar ionstraim le haghaidh infheistíochtaí airgeadais. Táimid ag fiosrú na ceiste sin go cúramach chun iarmhairtí diúltacha don earnáil airgeadais a sheachaint. Ba cheart go rachadh euro digiteach chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí ina iomláine.
An euro digiteach agus éabhlóid an chórais airgeadais... íocaíochtaí uile-Eorpacha
Tá athrú ó bhonn ag teacht ar an gcaoi a ndéanaimid íocaíochtaí agus tá ról lárnach le glacadh ag bainc cheannais sa phróiseas sin. Is gá go mbeidh margadh iomaíoch agus nuálach ina bhonn faoi íocaíochta Eorpach, margadh a bheidh in ann éileamh tomhaltóirí a shásamh agus ceannasacht Eorpach a chaomhnú. Sa chomhthéacs sin tá straitéis chuimsitheach leagtha amach againn don ré dhigiteach.
Ár straitéis íocaíochtaí miondíolaPodchraoladh an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Euro digiteach: céard é, cén uair agus cén fáth? (cuid 1 & 2)
An bhfuil gá le euro digiteach, agus má tá, cén fáth? Cén chuma a bheadh air? Cé na difríochtaí a bheadh ann idir euro digiteach agus bealaí eile íocaíochta? Cuireann Katie Ranger, láithreoir an phodchraolta, na ceisteanna sin ar Evelien Witlox, saineolaí ar an euro digiteach.
Éist le cláir an phodchraoltaSoiléiriú ar an euro digiteach
Táimid ag ullmhú don fhéidearthacht go mbeadh euro digiteach le heisiúint. Tá sin ag cothú go leor spéise - agus míthuiscintí - in ainneoin nach ndearnadh aon chinneadh go fóill. Tabharfaidh ár láithreoir Stefania Secola agus Evelien Witlox, ceann thionscadal an euro dhigitigh, soiléiriú ar roinnt de na miotais.
Éist leis an gclár seo ar bpodchraoladh