European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Fiafraigh dínn

Tá sé mar aidhm againn a bheith trédhearcach agus go mbeidh tuiscint ag gach saoránach ar a ndéanaimid

Is sinne banc ceannais an limistéir euro agus freastalaímid ar thimpeall is 350 milliún Eorpach. Oibrímid chun praghsanna a choimeád cobhsaí agus bainc a choimeád sábháilte.

Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil fúinne, faoin méid a dhéanaimid, agus faoin gcaoi a dtéann sé i bhfeidhm ort? Cliceáil ar aon cheann de na topaicí thíos chun teacht ar na freagraí ar na ceisteanna is coitianta, nó téigh go bun an leathanaigh chun do cheist féin a chur orainn!

Tá sé mar aidhm againn a bheith trédhearcach agus go mbeidh tuiscint ag gach saoránach ar a ndéanaimid

Eolas faoin mBanc Ceannais Eorpach

Cad é an Banc Ceannais Eorpach?

Is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) banc ceannais an limistéir euro agus déanann sé dlúthfhaireachán ar stoc agus ar chúrsaíocht nótaí bainc agus bonn euro. Is é an príomhchuspóir atá againn praghsanna a choimeád cobhsaí agus déanaimid amhlaidh trí mheán rátaí úis iomchuí a shocrú.

Is sinne atá freagrach as bainc a mhaoirsiú laistigh de chreat an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA).

Míniú: Cad is banc ceannais ann? An Banc Ceannais agus an tEurochóras mínithe i dtrí nóiméad Míniú i dtrí nóiméad ar SMA

Tá an trédhearcacht, an neamhspleáchas agus an chuntasacht mar bhunphrionsabail againn agus sinn i mbun na hoibre sin.

Míniú: Cén fáth a bhfuil an Banc Ceannais Eorpach neamhspleách? Míniú ón mBanc Ceannais Eorpach: cuntasacht
Cén teanga a labhraítear sa Bhanc Ceannais Eorpach?

Tá 24 theanga oifigiúla ann san Aontas Eorpach faoi láthair agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn in aon cheann acu. Braitheann na teangacha a úsáidimid chun cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh ar na daoine a bhfuilimid ag díriú orthu agus ar chúinsí eile. Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach gníomhartha dlí i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais, agus is é an Béarla an teanga oibre atá aige.

Cé leis an Banc Ceannais Eorpach?

Is leis na bainc cheannais uile i dtíortha an Aontais Eorpaigh é an Banc Ceannais Eorpach. Tagann an sciar atá ag gach tír de chaipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh lena daonra agus lena holltáirgeacht intíre (OTI) a bhfuil ualú comhionann ag an dá cheann acu. Na tíortha sin a úsáideann an euro, íocann siadsan níos mó ó thaobh caipitil de ná na tíortha nach n-úsáideann é. Tá na tosca sin ina mbunús le scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE. Cinntear an méid a íocann gach banc ceannais náisiúnta bunaithe air sin.

Míniú: Cé leis an Banc Ceannais Eorpach?
An ndéanann an Banc Ceannais Eorpach brabús agus an dtabhaíonn sé caillteanais?

Déanann an Banc Ceannais Eorpach brabúis agus tabhaíonn sé caillteanais, fearacht institiúidí eile. Déantar glanbhrabúis agus glanchaillteanais an Bhainc Ceannais Eorpaigh a dháileadh ar bhainc cheannais náisiúnta an limistéir euro. I Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, luaitear gur féidir oiread agus 20% den bhrabús a choimeád i gcúlchiste agus go ndéanfar an brabús a fhágfar a dháileadh ar scairshealbhóirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh i gcomhréir lena scaireanna láníoctha. Is féidir aon chaillteanas a fhritháireamh in aghaidh na gcúlchistí ginearálta, in aghaidh an ioncaim don bhliain nó in aghaidh na méideanna arna leithdháileadh ar gach banc ceannais.

Míniú: An ngineann an Banc Ceannais Eorpach brabús?
Céard iad na gníomhaíochtaí atá déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach i ndáil leis an gcogadh san Úcráin?

Tá an Chomhairle Rialaithe tar éis a lántacaíocht do mhuintir na hÚcráine a chur in iúl.

Chuireamar i bhfeidhm na smachtbhannaí a d’fhorchur an tAontas Eorpach agus na rialtais Eorpacha agus táimid réidh le cibé gníomh is gá a dhéanamh chun cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais sa limistéar euro a áirithiú.

Foghlaim tuilleadh:

Preaseisiúint an 25 Feabhra 2022 Tuilleadh faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin Ceisteanna Coitianta maidir le hionradh na hÚcráine agus Maoirseacht Baincéireachta BCE

Beartas airgeadaíochta

Cad é beartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh?

Cuimsíonn beartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh gach beart a dhéantar chun tionchar a imirt ar chostas airgid agus rochtain ar airgead chun ár gcuspóir um chobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Is iad príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ár bpríomhuirlis beartais airgeadaíochta. Bíonn tionchar ag aon athrú ar na rátaí seo — tar éis roinnt míonna — ar rátaí úis ar fud an gheilleagair ar fad, lena n-áirítear na rátaí ag a dtugann bainc thráchtála airgead ar iasacht do dhaoine aonair agus do chuideachtaí. Más gá, is féidir linn uirlisí eile a úsáid chun cabhrú linn ár bpríomhchuspóir, is í sin an chobhsaíocht praghsanna, a bhaint amach.

Cinntí beartais airgeadaíochta le déanaí Ár gcuspóir cobhsaíochta praghsanna agus an t-athbhreithniú straitéise Cad is beartas airgeadaíochta ann?
Cén fáth a bhfuil cobhsaíocht praghsanna tábhachtach?

Is í an chobhsaíocht praghsanna príomhchuspóir an Bhainc Ceannais Eorpaigh amhail a leagtar amach in Airteagal 127 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Measann an Chomhairle Rialaithe gur fearr a chothaítear cobhsaíocht praghsanna nuair a dhéantar iarracht boilsciú ag leibhéal 2% a bhaint amach sa mheántéarma, mar a thomhaistear é san Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT).

Spreagann praghsanna cobhsaí cuideachtaí le hinfheistíocht a dhéanamh agus é a dhéanamh níos éasca do dhaoine aonair caiteachas a phleanáil. Coimeádtar muinín as ár n-airgeadra freisin toisc gur féidir an méid céanna earraí agus seirbhísí a cheannach le suim áirithe euro.

Míniú: Cén fáth a bhfuil praghsanna cobhsaí tábhachtach? Cén fáth gurb é 2% ár sprioc bhoilscithe?
Cén tomhas a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chobhsaíocht praghsanna?

Chun cobhsaíocht praghsanna a choinneáil go héifeachtach, teastaíonn tomhas iontaofa boilscithe uainn. Chun é sin a fháil, breathnaímid ar na praghsanna atá ar na céadta rudaí ar ghnách le daoine airgead a chaitheamh orthu, lena n-áirítear earraí amhail bia, éadaí nó carranna agus seirbhísí amhail pleananna fón póca, ticéid traenach agus tithíocht ar cíos. Tugann na nithe seo go léir le chéile léargas dúinn ar an méid atá praghsanna ag athrú sa gheilleagar ar an iomlán.

Is é an tInnéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT), a mheasaimid a bheith ar an mbeart is iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach ár gcuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna, a thugann léargas níos mó ar an méid sin. In ICPT, déantar boilsciú praghsanna do thomhaltóirí a thomhas – i.e. athruithe le himeacht ama ar phraghsanna earraí agus seirbhísí tomhaltais arna gceannach ag teaghlaigh sa limistéar euro.

Tugtar innéacs “comhchuibhithe” air toisc go n-úsáideann gach tír AE an mhodheolaíocht chéanna. Cinntíonn sé sin gur féidir sonraí i dtír amháin a chur i gcomparáid le sonraí i dtír eile.

Cuireann Eurostat agus institiúidí staidrimh náisiúnta ICPT i dtoll a chéile le modhanna comhchuibhithe staidrimh. 

Tomhas boilscithe agus athbhreithniú straitéise
Cén fáth a bhfuil boilsciú ard faoi láthair?

Tá laghdú tagtha ar an mboilsciú le roinnt míonna anuas, ach tá sé fós ró-ard. Is é an laghdú ar phraghsanna fuinnimh a d'ardaigh go leibhéil an-ard tar éis don Rúis tús a chur lena hionradh ar an Úcráin is cúis leis an laghdú ar an mboilsciú. Ach tá praghsanna bia agus seirbhísí fós ag ardú go tréan. Tá brú praghsanna fós ard in go leor earnálacha mar gheall ar na héifeachtaí moillithe a bhí ag an mborradh a tháinig le déanaí ar phraghsanna fuinnimh agus ar chostais ionchuir eile. Tá éileamh a bhí faoi chois le linn na pandéime, an éifeacht lag a bhíonn ag scrogaill soláthair agus an méadú atá ag teacht ar chorrlaigh bhrabúis agus ar phá ag cur leis an méadú atá ag teacht ar phraghsanna earraí agus seirbhísí.

An bhrí atá le boilsciú ard agus an chaoi a bhfuilimid ag dul i ngleic leis
Cén fáth a bhfuilimid ag ardú rátaí úis?

Is sinne an banc ceannais don euro, agus is é an sainordú atá againn praghsanna a choimeád cobhsaí. Nuair a bhíonn praghsanna sa gheilleagar ag ardú go róthapa — is é sin, nuair a bhíonn boilsciú ró-ard — cabhraíonn an méadú ar rátaí úis linn boilsciú a thabhairt ar ais chuig ár sprioc, is í sin, 2% sa mheántéarma.

Táimid ag coinneáil súil ghéar freisin ar ionchais bhoilscithe — faoi láthair, tá brú á chur ar dhaoine ag an mboilsciú, agus tá imní ar go leor daoine gur cuid den saol a bheidh sa bhrú sin feasta. Cuidíonn ardú rátaí úis linn an teachtaireacht a chur amach nach ligfimid don bhoilsciú fanacht os cionn 2%, rud a chabhraíonn le hionchais bhoilscithe a choinneáil faoi smacht.

Tá rátaí úis ardaithe againn. Cén tionchar a bheidh aige sin ortsa?
Cén aidhm atá le ceannacháin sócmhainní?

Uaireanta, ceannaíonn bainc cheannais sócmhainní amhail bannaí rialtais nó bannaí corparáideacha d’fhonn rátaí úis níos fadtéarmaí a laghdú nuair atá baol ann go bhfanfaidh boilsciú íseal. Cabhraíonn na ceannacháin sócmhainní seo leis an ngeilleagar toisc go gcuirtear borradh faoi thomhaltas agus infheistíocht, cruthaítear brú praghsanna agus ar deireadh baintear an sprioc bhoilscithe, is í sin 2%, amach.

Mar gheall ar an méadú ar an mboilsciú, níl glancheannacháin á ndéanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach a thuilleadh ó mhí Iúil 2022 i leith agus chinn sé scor d’athinfheistíochtaí faoin gclár ceannaithe sócmhainní ó mhí Iúil 2023.  

Míniú: Conas a oibríonn éascú cainníochtúil? Míniú: Cén chaoi a n-oibríonn clár ceannaithe sócmhainní an Bhainc Ceannais Eorpaigh?
Céard atá i gceist le straitéis nua beartais airgeadaíochta Bhainc Ceannais Eorpaigh?

D’fhoilsíomar ár straitéis nua beartais airgeadaíochta an 8 Iúil 2021. Ón am a bhí an t-athbhreithniú straitéise roimhe sin ann in 2003, tá athruithe nach beag tagtha ar gheilleagar an limistéir euro agus ar gheilleagar an domhain araon. De dheasca impleachtaí na táirgiúlachta laghdaithe agus na ndéimeagrafaic athraithe agus tionchar na géarchéime airgeadais, tá laghdú tagtha ar ár gcumas ár gcuspóirí a bhaint amach le hathruithe ar na príomhrátaí úis. Sa bhreis air sin, tá dúshlán eile ann don bheartas airgeadaíochta sa lá atá inniu ann i ngeall ar an domhandú, digitiú, an bhagairt ar inmharthanacht an chomhshaoil, agus athruithe ar an gcóras airgeadais.

Cé go dtugtar ár sainordú dúinn sna Conarthaí, is fúinne atá sé ár straitéis beartais airgeadaíochta a cheapadh. Leagtar amach sa straitéis an bealach atá beartaithe againn chun príomhchuspóir na cobhsaíochta airgeadaíochta a bhaint amach sa limistéar euro trí úsáid a bhaint as tacar iomchuí uirlisí beartais airgeadaíochta. De réir na straitéise, tá sé mar aidhm ag an mBanc Ceannais sprioc shiméadrach bhoilscithe 2% a bhaint amach, rud a mheasann go bhfuil boilsciú ró-ard agus boilsciú ró-íseal chomh neamh-inmhianaithe lena chéile.

Tuilleadh eolais faoin athbhreithniú straitéise
An bhfuil ceisteanna eile agat faoinár mbeartas airgeadaíochta?

Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoinár n-uirlisí, ár mbearta, agus ár gcinntí beartais airgeadaíochta?

Tuilleadh eolais faoin mbeartas airgeadaíochta Mínithe: Beartas airgeadaíochta

Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi phríomhthorthaí an athbhreithnithe straitéise?

Ceisteanna agus freagraí a bhaineann leis an athbhreithniú straitéise

Maoirseacht baincéireachta

Cad is maoirseacht baincéireachta ann?

Is é an aidhm atá leis an maoirseacht baincéireachta Eorpach sábháilteacht agus sláine an chórais baincéireachta Eorpaigh a áirithiú, comhtháthú agus cobhsaíocht airgeadais a mhéadú agus maoirseacht chomhsheasmhach a áirithiú.

Míniú ón mBanc Ceannais Eorpach: Maoirseacht baincéireachta Eorpach
Céard é an Sásra Maoirseachta Aonair (SAM)?

Is é an Sásra Maoirseachta Aonair (SAM) an córas maoirseacht baincéireachta san Eoraip. Is ionann é agus Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ó na tíortha a nglacann páirt ann.

Míniú trí nóiméad ar SAM
Cad is féidir liom a dhéanamh má cheapaim go bhfuil sárú déanta ar dhlí an Aontais Eorpaigh?

Molaimid do dhaoine sárú measta ar dhlí ábhartha an Aontais Eorpaigh a chur chugainne go díreach ar ár n-ardán sceithireachta. Áirithíonn an Banc Ceannais Eorpach cosaint iomchuí dóibh siúd a thuairiscíonn sáruithe agus dóibh siúd a gcuirtear ina leith iad, chomh maith le cosaint na sonraí pearsanta uile lena mbaineann.

Conas is féidir liom faisnéis shonrach a iarraidh faoi bhainc a ndéantar maoirseacht orthu?

Measaimidne sa Bhanc Ceannais Eorpach go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh faisnéis inrochtana. Tá sé mar aidhm againn a bheith chomh trédhearcach agus is féidir, fad is a choimeádtar rúndacht maidir leis an mbealach a ndéanaimid ár gcúraimí.

Maidir le faisnéis a bhaineann le bainc aonair atá faoi mhaoirseacht, tá an fhaisnéis sin faoi chosaint shonrach mar thoradh ar roinnt ceanglais rúndachta gairmiúla a leagtar amach sa dlí Eorpach (e.g An Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil).

Rialaítear rochtain ar dhoiciméid an Bhainc Ceannais Eorpaigh le Cinneadh BCE/2004/3 an 4 Márta 2004 arna leasú. I gcomhréir lenár dtiomantas d’oscailteacht agus don trédhearcacht, tá Clár Poiblí Doiciméad cruthaithe againn chun taighde a chumasú agus a éascú.

Féach Clár Poiblí na nDoiciméad
Cad iad na bainc a ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht orthu?

Tugtar institiúidí suntasacha ar bhainc a ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht dhíreach orthu, agus tugtar institiúidí ar lú a suntas ar na bainc sin a ndéanaimid maoirseacht indíreach orthu.

Liosta na n-eintiteas arna maoirsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach
Cad é SREP?

Déanann maoirseoirí measúnú ar na rioscaí atá roimh na bainc agus seiceálann siad go bhfuil siad in ann na rioscaí sin a bhainistiú i gceart. Tugtar an Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) air sin, agus is é an cuspóir atá leis próifílí riosca na mbanc a mheasúnú ar bhealach comhsheasmhach agus cinntí a dhéanamh maidir le haon bhearta maoirseachta is gá.

Tuilleadh faoi SREP
Cad is tástáil struis ann?

Baineann maoirseoirí úsáid as tástálacha struis chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na mbanc déileáil le turraingí airgeadais agus eacnamaíochta. Cabhraíonn torthaí na dtástálacha struis le maoirseoirí leochaileachtaí na mbanc a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu go luath mar chuid dá n‑idirphlé maoirseachta.

Tuilleadh faoi thástálacha struis
Conas a choimeádann an Banc Ceannais Eorpach taifead de rioscaí TF agus cibear‑rioscaí na mbanc?

Leis na heachtraí a tharla le déanaí le linn na paindéime agus le linn ionradh na Rúise ar an Úcráin, treisíodh a thábhachtaí atá sé seirbhísí criticiúla a chosaint ar ionsaithe agus ar éaradh. Chun earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos láidre agus níos athléimní ó thaobh cúrsaí digiteacha de, scrúdaíonn an Banc Ceannais Eorpach neamhchosaintí na mbanc ar rioscaí TF agus déanann sé measúnú ar a gcumas bainistithe riosca. Déantar é sin trí chreat tuairiscithe cibeartheagmhais an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairtí na mbanc ar cheistneoir bliantúil maidir le riosca TF. Tá tástáil struis théamach ar chibear-athléimneacht á seoladh ag BCE freisin in 2024, tástáil a bhfuil sé mar aidhm léi tástáil a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na bainc in ann freagairt do chibearionsaí rathúil agus téarnamh uaidh.

Léigh an t‑alt uainn: TF agus cibear-rioscaí: dúshlán leanúnach Rioscaí TF agus cibearbhagairtí — príomhbhreathnuithe
Conas a chuireann BCE pionós ar mhí-iompar bainc faoi mhaoirseacht?

Is féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach smachtbhannaí a fhorchur, i.e. pionóis airgid, ar bhainc shuntasacha a sháraíonn dlí an Aontais Eorpaigh atá infheidhme go díreach nó cinntí nó rialacháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. I gcás sáruithe ar an dlí náisiúnta lena gcuirtear treoracha AE chun feidhme, sáruithe arna ndéanamh ag daoine nádúrtha nó nuair is gá pionós neamhairgid a fhorchur, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a iarraidh ar an údarás maoirseachta náisiúnta ábhartha (ÚIN) na himeachtaí iomchuí a thionscnamh. Reáchtálann an ÚIN na himeachtaí sin agus cinneann sé na pionóis a eascraíonn astu i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Déantar pionóis arna bhforchur ag BCE laistigh de shainchúram a chúraimí maoirseachta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE:

Smachtbhannaí maoirseachta Tuilleadh eolais faoi smachtbhannaí
An bhfuil ceisteanna eile agat faoin maoirseacht baincéireachta?

An euro agus córais íocaíochta

Conas a théann an euro chun sochair dúinne mar shaoránaigh Eorpacha?

Éacht ba ea cruthú an euro lenar tógadh daoine ar fud na hEorpa le chéile agus lenar tugadh deis dóibh taisteal, staidéar agus obair thar lear ar bhealach éasca agus sábháilte. Bhí Conradh Maastricht ar cheann de na spriocanna ba thábhachtaí i bpróiseas an chomhtháite Eorpaigh agus ba ann a leagadh síos an bhunchloch do chruthú airgeadra choitinn.

Cén tairbhe atá bainte ag Eorpaigh as an euro?
Céard is euro digiteach ann?

Tá an Banc Ceannais Eorpach ag fiosrú an bhféadfaí euro digiteach a thabhairt isteach. Foirm leictreonach airgid a bheadh ann a d’eiseodh an tEurochóras. Airgead bainc ceannais a bheadh ann, agus dá bhrí sin, bheadh sé saor ó riosca. Faoi láthair, is é airgead tirim an t-aon airgid bainc ceannais a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí miondíola. Bealach breise chun íocaíochtaí a dhéanamh in euro a bheadh i gceist le euro digiteach. Bheadh an euro digiteach ann in éineacht leis an airgead tirim agus ní chuirfí in áit an airgid thirim é. Bheadh sé inmhalartaithe (ar bhonn duine le duine) ar gach cineál eile euro, amhail nótaí bainc.

Tuilleadh eolais faoin euro digiteach
Cad iad na buntáistí a bhainfeadh le euro digiteach?

Bheadh éifeachtúlacht na hionstraime íocaíochta digití agus sábháilteacht airgid bainc ceannais ann araon sa euro digiteach. Chabhródh sé leis an Aontas Eorpach a bheith neamhspleách ar mhodhanna íocaíochta digití a eisítear agus a rialaítear taobh amuigh den limistéar euro. Chaomhnófaí cobhsaíocht airgeadais agus ceannasacht airgeadaíochta leis agus chothófaí muinín leis as íocaíochtaí sa ré dhigiteach.

Cén fáth nach criptea-shócmhainn ná cripteamhona cobhsaí a bheadh sa euro digiteach?

Tá criptea‑shócmhainní rídhifriúil le hairgead bainc ceannais: tá a bpraghsanna thar a bheith luaineach, rud a fhágann go mbíonn sé deacair iad a úsáid mar mhodh íocaíochta nó mar aonad cuntais. Níl aon luach intreach ag criptea-shócmhainní agus níl aon institiúid phoiblí ag tacú leo. Tá imní den chineál céanna ann faoi chripteamhonaí: braitheann a n-iontaofacht ar deireadh thiar ar an eintiteas eisiúna agus ar na sócmhainní foluiteacha. Braitheann siad freisin ar an tuiscint go ndéanfaidh an t‑eisitheoir a ghealltanas a urramú luach na monaí a choimeád cobhsaí le himeacht ama. Ar an taobh eile, airgead bainc ceannais a bheadh in euro digiteach. Ciallaíonn sé sin go n-eiseodh banc ceannais é agus go mbeadh sé ceaptha chun freastal ar riachtanais na saoránach: thabharfaí urraim leis don phríobháideachas agus bheadh sé saor ó riosca freisin.

Cén cruth a bheadh ar euro digiteach?

Tá roinnt bunriachtanais aitheanta ag saineolaithe ón Eurochóras chun cabhrú linn a thuiscint cén chuma a d’fhéadfadh a bheith ar euro digiteach. Áirítear orthu sin inrochtaineacht éasca, láidreacht, sábháilteacht, éifeachtúlacht, príobháideachas agus comhlíonadh an dlí. Dhearfaí an t-euro digiteach sa chaoi go mbeifí in ann é a úsáid le modhanna íocaíochta príobháideacha agus leis sin b’éasca do dhaoine seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí eile a chur ar fáil do thomhaltóirí ar fud na hEorpa.

Conas a áiritheoidh BCE príobháideachas sonraí úsáideoirí le haghaidh an euro dhigitigh?

Níl aon suim ag an Eurochóras sonraí íocaíochtaí a bhailiú ó úsáideoirí aonair, iompar íocaíochtaí a rianú ná sonraí den chineál sin a roinnt le gníomhaireachtaí rialtais ná institiúidí poiblí eile.

Is dócha go mbeidh ar úsáideoirí iad féin a chur in aithne an chéad uair a bhainfidh siad úsáid as seirbhísí an euro dhigitigh, ach beifear ábalta ardleibhéil phríobháideachais a choinneáil fós dá gcuid íocaíochtaí.

Cén fáth a bhfuil sé beartaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach na nótaí bainc euro a athdhearadh?

Is siombail inláimhsithe, infheicthe d’aontacht na hEorpa iad nótaí bainc an euro agus is orainne atá sé iad a choimeád cothrom le dáta. Mar chuid den ghnáthphróiseas forbartha nótaí bainc, agus 20 bliain ó tugadh isteach an chéad euro, tá sé in am breathnú arís ar dhearadh nótaí bainc euro.

I mí na Nollag 2021, thosaigh BCE ag scrúdú smaointe maidir le téama nótaí bainc nua mar chéim thosaigh i dtreo nótaí bainc euro a athdhearadh le go mbeadh luí níos mó ag muintir na hEorpa leo, agus le háirithiú ag an am céanna go n-ionchorpródh na nótaí nua agus a ngnéithe slándála an teicneolaíocht is fearr agus is inbhuanaithe atá ar fáil.

Dhá chéim i ndiaidh a chéile atá sa phróiseas athdheartha: téama nua a roghnú agus dearaí nua a fhorbairt. Tá baint ag an bpobal i gcoitinne le gach céim den phróiseas, agus suirbhéanna poiblí á ndéanamh ag BCE agus ag cuideachta taighde ar leith araon.

Táthar ag súil faoi láthair go ndéanfaidh Comhairle Rialaithe BCE cinneadh maidir leis an dearadh nua le haghaidh nótaí bainc euro in 2026.

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas athdheartha
An bhfuil nótaí €500 fós bailí?

Ní eisítear nótaí bainc €500 a thuilleadh. Is dlíthairiscint fós iad mar sin is féidir leat iad a úsáid fós mar mhodh íocaíochta agus mar stór luacha.

Tuilleadh eolais faoin nóta bainc €500
An féidir liom íomhánna de nótaí bainc euro a úsáid?

Is féidir íomhánna de nótaí bainc euro a úsáid chun críocha neamhghairmiúla gan údarú a fháil roimh ré, fad is a chloíonn tú leis na rialacha atá anois ann (go háirithe Airteagal 2 de Chinneadh BCE/2013/10) le cinntiú nach gceapfar gur fíornóta bainc í an mhacasamhail mar bhainfeadh sé sin den mhuinín atá ag daoine as an euro.

Más mian leat íomhánna ar ardchaighdeán de nótaí bainc euro a úsáid chun críocha gairmiúla, ní mór duit teagmháil a dhéanamh linn ag Euro-Banknotes-Images@ecb.europa.eu ionas go bhféadfaimid do chás a mheas. Má cheadaítear d’iarratas, seolfar na híomhánna leictreonacha ábhartha chugat.

Céard iad seirbhísí TARGET?

Is éard atá i Seirbhísí TARGET roinnt seirbhísí arna bhforbairt agus arna n-oibriú ag an Eurochóras lena n-áirithítear saorshreabhadh airgid thirim, urrús agus comhthaobhachta ar fud na hEorpa.

Áirítear ar na seirbhísí bonneagair margaidh airgeadais sin T2 (chun íocaíochtaí mórluacha a shocrú), T2S (urrúis a shocrú), TIPS (seirbhís le haghaidh íocaíochtaí meandracha miondíola) agus ECMS (seirbhís le haghaidh bainistiú comhthaobhachta). Socraíonn na seirbhísí sin go léir in airgead bainc cheannais. Is é T2 an t-ardán is mó a úsáideann bainc cheannais agus bainc thráchtála le haghaidh íocaíochtaí ardmhéide.

Tabhair do d’aire nach féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach ná na bainc cheannais náisiúnta faisnéis a chur ar fáil maidir le stádas aistrithe aonair bainc, cibé acu an aistrithe laistigh den limistéar euro nó aistrithe idirnáisiúnta iad. 

Tuilleadh eolais faoi Sheirbhísí TARGET
Céard é TIPS?

Is seirbhís TARGET é TIPS a sheol an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta in 2018. Cuireann sé ar chumas soláthraithe seirbhíse íocaíochta aistrithe cistí fíor-ama a thairiscint dá gcustaiméirí ag am ar bith den lá. Mar thoradh ar TIPS, is féidir íocaíochtaí láithreacha a dhéanamh go tapa agus go sábháilte.

Tuilleadh faoi TIPS
An bhfuil ceisteanna eile agat faoin euro agus faoinár gcórais íocaíochta?

Cad é ár mbeartas um airgead tirim? Cén fáth a bhfuil airgead tirim tábhachtach? Cén chaoi ar maith le daoine sa limistéar euro íocaíochtaí a dhéanamh?

Faigh freagraí do chuid ceisteanna anseo

Cén tábhacht a bhaineann le córais íocaíochta?

Tabhair cuairt ar an rannóg íocaíochtaí agus margaí ar ár suíomh gréasáin

Athrú Aeráide

Cén fáth ar cás leis an mBanc Ceannais Eorpach an t-athrú aeráide?

Tá spéis mhór againn sa Bhanc Ceannais Eorpach aghaidh a thabhairt ar rioscaí aeráide laistigh dár sainordú. Tá an t-athrú aeráide tábhachtach dúinn toisc go dtéann sé i bhfeidhm ar an ngeilleagar, rud a chuireann isteach ar an sprioc atá againn praghsanna a choinneáil cobhsaí. Bíonn tionchar aige freisin ar an gcaoi a ndéanaimid maoirseacht ar bhainc agus ar an gcaoi a mbainistímid ár neamhchosaint féin ar rioscaí aeráide.

Cén fáth ar cás leis an mBanc Ceannais Eorpach an t-athrú aeráide?
Cén chaoi a bhfuil an Banc Ceannais Eorpach ag tabhairt aghaidh ar an athrú aeráide?

Foilsímid faisnéis go rialta faoin gcaoi a bhfuil BCE ag déileáil le saincheist an athraithe aeráide ar ár suíomhanna gréasáin:

An t-athrú aeráide agus an Banc Ceannais Eorpach An t-athrú aeráide agus maoirseacht baincéireachta Cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach

Ár bhfreagairt ar an gCoróinvíreas

Cad a rinne an Banc Ceannais Eorpach mar fhreagairt ar theacht phaindéim an choróinvíris (COVID-19)?

In 2020 agus 2021 chuir an Banc Ceannais Eorpach sraith beart beartais airgeadaíochta agus maoirseachta baincéireachta i bhfeidhm chun tionchar na paindéime ar gheilleagar an limistéir euro a mhaolú agus chun tacú le saoránaigh uile na hEorpa.

Ár bhfreagairt ar an bpaindéim

Tugtar sonraí sna ceisteanna coitianta seo faoi bhearta a bhaineann leis an bpaindéim a chuir Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh chun feidhme in 2020 agus in 2021.

Ceann de na bearta beartais airgeadaíochta sin ba ea an clár ceannaithe éigeandála paindéime (PEPP), clár ceannaithe sócmhainní a seoladh i mí an Mhárta 2020. Ba é aidhm PEPP cabhrú le saoránaigh, le cuideachtaí agus le rialtais rochtain a fháil ar na cistí a bhí de dhíth orthu ar théarmaí fabhracha, rud a chuideodh leis an ngeilleagar teacht slán as na dúshláin a bhaineann leis an bpaindéim.

Míniú: Cad é an clár ceannaithe le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)? Preaseisiúint faoi PEPP

An 10 Feabhra 2022 d’fhógraíomar deireadh na mbeart faoisimh sealadach deireanach a bhí fós ar fáil do na bainc.

An obair nach ndéanaimid

An dtugann an Banc Ceannais Eorpach iasachtaí go díreach do dhaoine aonair nó do chuideachtaí?

Ní thugann. Ní banc tráchtála é an Banc Ceannais Eorpach agus dá bhrí sin, ní chuireann sé seirbhísí baincéireachta ar fáil do dhaoine aonair ná do chuideachtaí. Ní chuirimid iasachtaí ná cuntais choigiltis ar fáil, ná níl suíomh gréasáin baincéireachta ar líne againn.

An bhfuil Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh freagrach as cosaint tomhaltóirí agus fruthsciúrtha airgid?

Níl, ní thagann cosaint tomhaltóirí agus an comhrac i gcoinne sciúradh airgid faoi shainchúram BCE. Ina ionad sin, is iad na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as na saincheisteanna sin i gcónaí. Má tá gearán le déanamh agat faoi do bhanc, le do thoil déan teagmháil dhíreach le do bhanc nó cuir do ghearán chuig an údarás náisiúnta lena mbaineann.

Faisnéis faoi fhrithsciúradh airgid

Camscéimeanna agus calaois

Calaois — mí-úsáid ainm agus lógó an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Ní chuireann an Banc Ceannais Eorpach seirbhísí tráchtála ar fáil. Baintear úsáid as ár gcéannacht uaireanta nuair a bhíonn idirbhearta airgeadais bréagacha nó gníomhaíochtaí caimiléireachta eile ar siúl. D’fhéadfaí aithris a bheith déanta ar bhaill foirne chomh maith nó d’fhéadfaí a n-ainmneacha a bheith luaite i scéimeanna caimiléireachta. D’fhéadfaí mí-úsáid a bheith bainte as ár n-ainm agus as ár lógó freisin.

Foghlaim tuilleadh faoi mhí‑úsáid ainm an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus faoin méid is féidir leatsa a dhéanamh

Conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn?

Is féidir leat do cheisteanna, do thuairimí nó do mholtaí maidir lenár gcúraimí agus ár ngníomhaíochtaí a chur chugainn in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh tríd an bpost nó ar ríomhphost. Is féidir leat teacht orainn ar an nguthán freisin ó 10:00 go 12:00 agus ó 14:00 go 16:00 CET, Luan go hAoine.

Gach leathanach sa rannóg seo