Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Meán Fómhair 2022

Cad a chinneamar?

Chuireamar ardú 0.75 phointe faoin gcéad ar rátaí úis

Is mórchéim í seo le cinntiú go dtógfar boilsciú ar ais chuig ár sprioc, is í sin 2%. Glacfar tuilleadh beart ina dhiaidh seo. Beidh siad sin ag brath ar athruithe a d’fheádfadh teacht ar na meastacháin bhoilscithe amach anseo.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

Tá boilsciú i bhfad ró-ard agus beidh sé amhlaidh go ceann tamaill.

Tá boilsciú á bhrú suas de dheasca costais fuinnimh fhíor‑arda, go háirithe costais gháis. Tá praghsanna á mbrú suas freisin i mbreis earnálacha sa gheilleagar i ngeall ar dheacrachtaí soláthair gnólachtaí, éileamh tomhaltóirí agus euro atá níos laige.

Tá an geilleagar fós slán, de bharr na turasóireachta den chuid is mó

Tá daoine ag taisteal arís agus ag caitheamh airgid ar sheirbhísí. Tá post ag níos mó daoine anois ná mar a bhí riamh. Ina ainneoin sin, tá deacrachtaí ag gnólachtaí de dheasca praghsanna arda fuinnimh agus ganntanas comhábhar agus trealaimh atá ann i gcónaí. Tá na réamh‑mheastacháin le haghaidh na míonna atá romhainn ag dul in olcas.

Beidh moill ar an ngeilleagar i dtreo dheireadh na bliana seo

Tá táirgeadh gnólachtaí agus caiteachas daoine á mhaolú de dheasca an bhoilscithe aird. Laghdófar an tacaíocht a bhí ann de bharr athoscailt an gheilleagair. Is lú éileamh atá ann anois ón gcuid eile den domhan agus tá tionchar diúltach á imirt aige sin ar an ngeilleagar. Is lú i bhfad an mhuinín atá ag daoine agus ag gnólachtaí toisc a éiginnte is atá an tréimhse amach romhainn.

Cad iad na réamh-mheastacháin atá againn ar fhorbairt an gheilleagair?

Measaimid go mbeidh moill shuntasach ar fhás ach go gcobhsófar arís ina dhiaidh sin é.

Fás eacnamaíoch an limistéir euro in 2021 agus réamh-mheastacháin le haghaidh 2022 agus na mblianta atá le teacht
(réamh-mheastacháin ó mhí Mheán Fómhair 2022 amach)

Measaimid go bhfanfaidh boilsciú ag leibhéal ard go fóill agus gur go mall a thiocfaidh laghdú air.

Boilsciú sa limistéar euro in 2021 agus réamh-mheastacháin le haghaidh 2022 agus na mblianta atá le teacht
(réamh-mheastacháin ó mhí an Mheán Fómhair 2022 amach)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
BREIS EOLAIS UAIT? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?